SMILE – Tacaíocht a thabhairt d'fhéinchúram ilghalracht trí Chomhtháthú, Foghlaim agus r-Shláinte
- Foilsithe: 19 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 19 Deireadh Fómhair 2020
Tá Caredoc, i gcomhar le NetwellCASALA in Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan agus Ionad na Tríonóide um Chleachtadh agus Nuálaíocht Cúraim Sláinte (TCPHI) i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ag soláthar an tionscadail SMILE atá á mhaoiniú ag Sláintecare.
Is seirbhís nuálach nua é SMILE a chuireann ar chumas mhuintir na hÉireann a sláinte agus folláine a bhainistiú ón mbaile iad féin, le tacaíocht ó ardán digiteach agus measúnú agus triáis ó chian faoi stiúir altra. Úsáidfidh rannpháirtithe ag a bhfuil dhá riocht nó níos mó, diaibéiteas, galar scamhóige toirmeascach ainsealach (COPD), cliseadh croí ainsealach agus galar croí san áireamh, roghnúchán feistí cúraim sláinte, bunaithe ar a riachtanais, chun monatóireacht a dhéanamh ar a shláinte agus folláine. Trí úsáid a bhaint as an ardán sláinte digiteach 'ProACT ', a d'fhorbair taighdeoirí i NetwellCASALA in Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan agus TCPHI i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, is féidir le rannpháirtithe monatóireacht a dhéanamh ar a sonraí (sonraí a ghabhann a bhfeistí) agus oideachas a fháil faoina riochtaí tríd an aip ProACT. Déantar monatóireacht ar fholáirimh gach lá agus tugann altra triáiseála ag a bhfuil taithí tacaíocht do rannpháirtithe ar an nguthán.
Is é ceann de na haidhmeanna atá ag an gCiste Comhtháthaithe Sláintecare bealaí nuálacha nua chun cúram a chur ar fáil a thástáil agus a leathnú amach. Cuirfidh na bealaí sin ar chumas daoine cuairt ar an ospidéal a sheachtain agus an cúram a dteastaíonn uathu a fháil chomh gar don bhaile agus is féidir. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo meath ar shláinte na rannpháirtithe a sheachain, cumhacht a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i mbainistíocht a sláinte féin laistigh de shuíomh pobail agus an líon a chuirtear san ospidéal iad a laghdú.
Tugtar feistí monatóireachta do rannpháirtithe bunaithe ar a riachtanais, lena n-áirítear monatóirí brú fola, monatóirí siúcra fola, monatóirí ocsaigine, scálaí agus monatóirí gníomhaíochta. Déanann rannpháirtithe taifead ar a sonraí cúraim sláinte sa bhaile agus cuireann siad léamha óna bhfeistí isteach go clár bogearraí atá ceaptha go sonrach. Déanann altra triáiseála gutháin monatóireacht ar fholáirimh rannpháirtí gach lá.
Tugadh isteach triáis altra ó chian chun tacú le daoine fásta níos sine ag a bhfuil riochtaí éagsúla féinbhainistiú a dhéanamh sa bhaile trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht inchaite. Soláthraítear cúram ar bhealach níos oiriúnaí, mar déantar monatóireacht ar rannpháirtithe agus tugtar cumhacht dóibh a sláinte agus folláine a choimeád agus treoraítear iad chuig an gcliniceoir oiriúnach (mar shampla sainaltra, dochtúir ginearálta etc) sula dtéann a riocht in olcas nó má tá aon léamh as an ngnáth ann. Mar gheall ar uirlisí a thugann meabhrúchán bog faoi bhainistiú cógais agus mar gheall ar thuiscint ar thábhacht an bhia agus na haclaíochta maidir le bainistíocht sláinte, tá méadú tagtha ar chaighdeán beatha na rannpháirtithe.
Cás-Staidéir:
Fuair rannpháirtí SMILE amháin 24 cúrsa frithbheathach in 2017, ach ó ghlac an duine sin páirt sa chlár SMILE níor tugadh aon fhrithbheathach don duine sin in 2020. Níor ligeadh isteach san ospidéal i mbliana an duine seo agus níor tháinig go dtí an dochtúir gan choinne ó thús an tionscadail.
Cuireadh rannpháirtí eile san ospidéal 3 nó 4 huaire gach bliain le roinnt blianta anuas. Níor ligeadh isteach an duine sin ó thús an chláir SMILE.
Bhí rannpháirtí eile an-tinn le galar scamhóige toirmeascach ainsealach (COPD) ag tús an chláir agus tháinig an duine sin go dtí an dochtúir gan choinne mar gheall ar ionfhabhtuithe. Ó thosaigh an duine sin ar an gclár, níl aon ionfhabhtú cliabhraigh ag an duine le 6 mhí agus níor tháinig go dtí an dochtúir gan choinne.
Fuarthas aiseolas an-dearfach ó rannpháirtithe.
"Mar gheall ar SMILE, tuigim cé chomh tábhachtach is atá sé aire a thabhairt dom féin. Thug sé spreagadh dom cloí le mo chógas agus táim thar a bheith buíoch de na haltraí a chuir glaoch orm, a thug comhairle dom agus a d'éist liom" dar le rannpháirtí amháin.
Dúirt rannpháirtí eile linn,
"Thug an fhoireann SMILE glaoch orm roinnt uaireanta agus fuair mé comhairle faoi mo ráta cuisle agus brú fola a bheith ard. Chuaigh mé go dtí mo dhochtúir agus cuireadh ar aghaidh mé le haghaidh scrúdú iomlán cairdiach. Bhí 90% de cheann amháin de m'artairí blocáilte. Táim an-bhuíoch gur ghlac mé páirt sa tionscadal SMILE. Ní bheinn fós beo murach na mban agus beidh mé buíoch díobh go deo"