Sonraí samhaltaithe COVID-19 - Déardaoin 16 Aibreán 2020
- Foilsithe: 16 Aibreán 2020
- An t-eolas is déanaí: 24 Meán Fómhair 2020
Chuir an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíoch NPHET na sonraí samhaltaithe seo ar COVID-19 in Éirinn i láthair ag cruinniú faisnéise don Roinn Sláinte ar 16 Aibreán 2020.
Dúirt an tOllamh Nolan:
“Tá ceithre uimhir atáirgthe á thaispeáint ag ár múnla inniu, ag léiriú céimeanna éagsúla an ghalair in Éirinn le 6 seachtaine anuas.
“Measaimid anois go mbeidh ár R0 idir 0.7 agus 1.0, rud a chiallaíonn go bhfuil na srianta reatha ag cur an ghalair faoi chois go rathúil."