Sonraí samhaltaithe COVID-19 - Déardaoin 23 Aibreán 2020
- Foilsithe: 23 Aibreán 2020
- An t-eolas is déanaí: 24 Meán Fómhair 2020
Chuir an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíoch NPHET na sonraí samhaltaithe seo ar COVID-19 in Éirinn i láthair ag cruinniú faisnéise don Roinn Sláinte ar 23 Aibreán 2020.
Dúirt an tOllamh Nolan:
"Maidir leis an daonra i gcoitinne, tá an ráta fáis ag nialas agus cuirtear tarchur an víris faoi chois go héifeachtach.
“Tá ár n-uimhir R idir 0.5 agus 0.8. Cuireann an rath seo béim ar a thábhachtaí atá sé fanacht ar an airdeall inár n-iompraíochtaí. Má ghluaiseann an uimhir R os cionn ceann amháin, níl an galar á rialú againn a thuilleadh."