Sonraí samhaltaithe COVID-19 - Déardaoin 30 Aibreán 2020
- Foilsithe: 1 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 24 Meán Fómhair 2020
Chuir an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíoch NPHET na sonraí samhaltaithe seo ar COVID-19 in Éirinn i láthair ag cruinniú faisnéise don Roinn Sláinte ar 30 Aibreán 2020.
Dúirt an tOllamh Nolan:
"Chun tábhacht ár gcéad chéimeanna eile a thuiscint ba cheart dúinn breathnú siar ar phatrún an eipidéim ag tús Márta. Laistigh de 10 lá chuamar ó 50 duine in ICU go 140 duine in ICU. Faoi láthair, tá 106 othar in ICU .
"Dá dtarlódh borradh den chineál céanna ar bharr ár bhfigiúr reatha ICU, bheadh sé an-deacair againn cóireáil othar a bhainistiú. Léiríonn sé seo an íogaireacht atá riachtanach chun srianta a mhaolú."