Táscairí ar Aosú Dearfach 2018
- Foilsithe: 4 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 5 Meitheamh 2019
Is é atá sa tuarascáil táscairí ar aosú dearfach ná creat torthaí a bhfuil mar aidhm leis faireachán a dhéanamh ar leibhéal náisiúnta ar threochtaí agus athruithe i leibhéil rannpháirtíochta, sláinte agus slándáil na ndaoine scothaosta in Éirinn. D’fhorbair an Tionscnamh um Aosú Dearfach Sláintiúil an tacar táscairí ar aosú dearfach agus thug sé tuairisc den chéad uair riamh sa bhliain 2016.
Tá dhá fhorbairt nua ann sa tuarascáil don bhliain 2018:
– táscairí nua a bhaineann le haosú sláintiúil a líonann na bearnaí táscaire a sainaithníodh sa bhliain 2016
– táscairí forlíontacha do dhá ghrúpa i sochaí na hÉireann nach ndearnadh dóthain ionadaíochta dóibh sa tacar táscairí sa bhliain 2016: Taistealaithe Éireannacha agus daoine faoi mhíchumas intleachta.
I dteannta a chéile, tá na tuarascálacha seo ar an toradh atá ar chomhoibriú taighde idir an Roinn Sláinte (tríd an Tionscnamh um Aosú Dearfach Sláintiúil, Staidéar Fadaimseartha na hÉireann um Aosú (TILDA), IDS-TILDA (an forlíontán míchumais intleachta a ghabhann le Staidéar Fadaimseartha na hÉireann um Aosú)), agus Ionad Pavee do Thaistealaithe agus don Phobal Romach. Ina theannta sin, is amhlaidh, ó bhí an bhliain 2015 ann, go bhfuil páirt glactha ag geall le 500 saoránach sa Tionscnamh um Aosú Dearfach Sláintiúil chun na táscairí ar aosú dearfach agus na tacair tháscairí forlíontacha a fhorbairt.