English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tascfhórsa Sláinte Ar Líne

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

An 4 Meán Fómhair 2024, bhunaigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly Tascfhórsa Sláinte Ar Líne chun freagairt sláinte poiblí a fhorbairt ar dhíobhálacha a dhéantar do leanaí agus do dhaoine óga de bharr cineálacha áirithe gníomhaíochta ar líne.

Tá Jillian van Turnhout, a thacaaíonn le cearta leanaí, ina chathaoirleach ar an Tascfhórsa. Bunaíodh an tascfhórsa mar aitheantas ar an gcorpas fianaise in Éirinn agus thar lear, corpas a bhfuil méadú ag teacht air agus lena dtaispeántar an nasc idir gníomhaíocht ar líne agus díobháil don tsláinte choirp agus intinne lena n-áirítear imní, díth codlata, neamhoird itheacháin, féindochar agus smaoineamh ar an bhféinmharú.

Is iad baill an Tascfhórsa:

Jillian van Turnhout – Cathaoirleach an Tascfhórsa

Is Stiúrthóir Cairte í Jillian van Turnhout agus tá creidiúnú aici i rialachas corparáideach ag INSEAD. IarSheanadóir neamhspleách í Jillian a raibh tionchar aici ar reachtaíocht maidir le saincheisteanna sláinte poiblí agus thacaigh sí le cearta leanaí agus daoine óga. I measc na rólanna a bhí aici roimhe seo tá feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach ar an gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí, Uachtarán Chomhairle Náisiúnta na nÓg, Cathaoirleach Bhord Luath-Óige Éireann agus Comhbhunaitheoir an Fhóraim Eorpaigh Óige. Bhronn Poblacht na Fraince gradam Chevalier de l'Ordre National du Mérite ar Jillian , bhronn Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann Comhaltacht Oinigh uirthi, agus fuair sí Bonn Seirbhíse ó WAGGGS in 2023.

An tOllamh Mary Horgan

Tá an tOllamh Mary Horgan ina Príomhoifigeach Míochaine eatramhach agus ina hOllamh le Galair Thógálacha i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) agus in Ospidéal Ollscoile an Mater Misericordiae. Chaith sí dhá théarma mar Uachtarán ar Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann agus ba í an chéad bhean a ceapadh ina Déan ar Scoil an Leighis i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC). Bhí sí ina ceapachán aireachta ar roinnt Bord Náisiúnta a bhaineann leis an tseirbhís sláinte lena n-áirítear an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte (HPRA) agus Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann (IBTS). Le linn na paindéime, anuas ar bheith ag obair ar an líne tosaigh, ceapadh í mar Chathaoirleach ar an gcéad Choiste Náisiúnta um Thaighde ar an Eitice in Éirinn, bhí sí ina ball den Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí agus den Ghrúpa Comhairleach COVID, ina Cathaoirleach ar an Sainghrúpa ar Mhearthástáil, agus ina Cathaoirleach ar an Sainghrúpa Stiúrtha ar Ullmhacht do Bhagairtí Sláinte atá ag Teacht Chun Cinn.

Niamh Hodnett

Is í Niamh an Coimisinéir Sábháilteachta Ar Líne ag Coimisin na Meán. . Déanann sí maoirseacht ar Rannán Beartais na heagraíochta sub agus tá forbairt an Chóid Sábháilteachta Ar Líne ar cheann dá príomhthosaíochtaí. Tá taithí fhairsing ag Niamh ar chomhlíonadh oibleagáidí rialála a dhearadh, a fhorfheidhmiú agus a bhainistiú ag leibhéal na hÉireann agus an AE. Cuimsíonn a saineolas sábháilteacht ar líne, cosaint sonraí, cibearshlándáil, iomaíocht, cosaint tomhaltóirí agus rialáil cumarsáide. Is aturnae cáilithe í Niamh, agus d’oibrigh sí roimhe seo le ComReg, rialtóir cumarsáide na hÉireann, i ngnólachtaí dlí in Éirinn agus sa Bhruiséil, agus i róil éagsúla dlí agus rialála inmheánacha. Tá sí ina comhúdar ar leabhair ar dhlí na hEorpa agus ar dhlí rialála na hÉireann.

Dr Brian Mac Namee

Thosaigh an Dr Brian Mac Namee ag obair le Scoil na Ríomhaireachta i UCD áit a bhfuil sé ina ollamh comhlach in 2015, agus in 2024 rinneadh Stiúrthóir Láithreáin UCD de ag Ionad Taighde Fondúireacht Eolaíochta Éireann Insight um Anailísíocht Sonraí. Sular thosaigh sé ag obair le UCD, fuair Brian PhD in Intleacht Shaorga ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath in 2004, agus tar éis tréimhse ag obair i dtionscal chuaigh sé isteach i Scoil Ríomhaireachta Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (Ollscoil Theicneolaíochta Bhaile Átha Cliath anois) áit ar chomhbhunaigh sé an tIonad Taighde um Intleacht Fheidhmeach agus bhí sé ina chomhphríomhimscrúdaitheoir bunaithe ag Ionad Teicneolaíochta CeADAR de chuid Fhiontraíocht Éireann do thaighde feidhmeach anailíse sonraí. Tá Brian ina Chomhstiúrthóir freisin ar Ionad SFI um Oiliúint Taighde i bhFoghlaim Meaisín, ina chathaoirleach ar Chumann Faisnéise Saorga na hÉireann agus ina stiúrthóir oiliúna ag Krisolis Ltd, cuideachta oiliúna agus comhairleoireachta anailísíochta sonraí Éireannach.

An tOllamh Debbie Ging

Is Ollamh le Meáin Dhigiteacha agus Inscne í an tOllamh Debbie Ging i Scoil na Cumarsáide in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Stiúrthóir ar Institiúid Taighde Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar Inscne agus Gnéasachtaí. Múineann sí agus déanann sí taighde ar inscne, gnéasacht agus na meáin dhigiteacha, le fócas ar ghráin dhigiteach, ar pholaitíocht chearta na bhfear frith-fheimineach ar líne, ar fhochultúr an incel agus ar radacú buachaillí agus fear ina n-idé-eolaíochtaí uachtaracha fireann. Díríonn Debbie ina cuid taighde ar eispéiris na hóige ar mhí-úsáid inscne-bhunaithe agus ar mhí-úsáid ghnéasach ar líne agus ar idirghabhálacha oideachais chun dul i ngleic leis an tsaincheist seo.

Alex Cooney

Chomhbhunaigh Alex Cybersafe Ireland, ar a dtugtar CyberSafeKids anois, agus is é an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin é faoi láthair, ag cuidiú leis an eagraíocht a thógáil go leibhéal ina bhfuil sí ag soláthar a seirbhísí do na mílte leanbh gach bliain. Go pearsanta mar thuismitheoir, agus go gairmiúil ina ról ag CyberSafeKids, tá sí thar a bheith paiseanta faoi chinntiú go bhfuil leanaí agus daoine óga in ann a bheith ar líne ar bhealach sábháilte cliste. Chríochnaigh Alex teastas comhpháirte QQI Leibhéal 6 i Síceolaíocht Leanaí in 2019, Teastas Gairmiúil i mBeartas Digiteach ag UCD in 2022 agus tá Máistreacht i Staidéar Síochána aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, chomh maith le MA ó Ollscoil Dhún Éideann.

An tOllamh Philip Dodd

Tá an tOllamh Philip Dodd ina Speisialtóir um Bheartas Meabhair-Shláinte agus Cliniciúil sa Roinn Sláinte, ag tacú le cur i bhfeidhm Sharing the Vision, polasaí meabhairshláinte na hÉireann agus Connecting for Life, straitéis na hÉireann chun féinmharú agus féindochar a laghdú. Is Comhairleoir Cliniciúil Náisiúnta é freisin le hOifig Náisiúnta FSS um Fhéinmharú a Chosc (NOSP). Roimhe seo bhí roinnt ról náisiúnta ceannaireachta cliniciúil aige le FSS i meabhairshláinte Is Síciatraí Comhairleach é, agus Ollamh Cliniciúil in Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide.

Eoghan Cleary

Is príomhoide cúnta, múinteoir agus comhordaitheoir OSPS agus folláine curaclaim é Eoghan Cleary i Meánscoil Teampall Carraig sna Clocha Liatha. Tá sé ar Bhord Stiúrthóirí Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath agus tá sé ina chomhúdar ar iliomad téacsleabhar don chúrsa nua OSPS sa tSraith Shóisearach. Sular ceapadh é ina mhúinteoir meánscoile, d’oibrigh Eoghan go forleathan mar oibrí óige i gcuid de na pobail is imeallaithe sa tír. I measc na gcáilíochtaí éagsúla atá aige, tá céimeanna máistreachta aige san Oideachas agus sa Dlí Idirnáisiúnta um Chearta an Duine le fócas ar Chearta Leanaí.

Noeline Blackwell

Is dlíodóir um chearta an duine í Noeline Blackwell a tháinig isteach sa Chomhaontas um Chearta Leanaí i mí na Samhna 2023 mar Chomhordaitheoir Sábháilteachta Ar Líne. Roimhe sin, bhí Noeline ina Príomhfheidhmeannach ar Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath ar feadh beagnach 8 mbliana agus roimhe sin bhí sé ina Stiúrthóir ar FLAC, na Lárionaid um Chomhairle Dlí in Aisce. Chaith Noeline roinnt blianta i gcleachtadh ginearálta freisin, le fócas ar leith ar inimirce, dídeanaithe agus dlí teaghlaigh. Bhí sí ina ball de roinnt boird reachtúla agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. Faoi láthair tá sí ina cathaoirleach ar an gComhairle Neamhspleách um Shábháilteacht Othar agus ar an Tionscadal Dlí Leanaí. Ceapadh í mar bhall de Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas in 2023.

Rachel Harper

Is ceannaire oideachais agus príomhoide scoile í Rachel a bhfuil an-taithí aici. Tá sí ina ball de phainéal ceannaireachta Oide, ag tabhairt meantóireacht do phríomhoidí nuacheaptha. Tá sí ina bunaitheoir agus ina ceannaire feachtais ar "It Takes A Village", tionscnamh folláine uile-phobail do leanaí, teaghlaigh, agus múinteoirí i gceantar na gCloch Liath/Delgany. D’eascair an tionscnamh seo as imní atá ag dul i méid faoi leibhéil imní ag ardú i measc leanaí in aois bunscoile, agus é mar mhisean aige tacú leis na leanaí seo, a dtuismitheoirí, a gcaomhnóirí agus a múinteoirí agus iad a chumhachtú, trí scileanna folláine agus feasachta digiteacha a chur chun cinn. Ba é an toradh a bhí air ná gur cuireadh ‘Cód Deonach Gan Ghléas Soghluaiste’ i bhfeidhm i measc na n-ocht mbunscoil sa cheantar. Feidhmíonn Rachel ar ghrúpa stiúrtha tionscadal Píolótach Folláine Teiripeach FSS, a bhfuil sé mar aidhm aige raon tacaíochta cruthaitheach teiripeacha a sholáthar i suíomhanna bunscoile – ceann de phríomhspriocanna It Takes a Village.

An tOllamh Pete Lunn

Is é Pete Lunn bunaitheoir agus ceannaire Aonad Taighde Iompraíochta (BRU) na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI). Is eacnamaí iompraíochta é, agus tá céimeanna aige san Fhealsúnacht & Síceolaíocht, Néareolaíocht agus Eacnamaíocht. Foilsíodh taighde Pete in irisí idirnáisiúnta ar shláinte phoiblí, eacnamaíocht, síceolaíocht, airgeadas, eolaíocht chomhshaoil agus taighde tomhaltóirí. Mar iar-iriseoir de chuid an BBC, creideann sé go láidir i gcur in iúl na heolaíochta lasmuigh de shainphobail agus cuireann sé go rialta le teilifís, raidió, nuachtáin agus podchraoltaí Éireannacha agus idirnáisiúnta. Tá Pete ina ball freisin de shainghrúpa de chuid an Choimisiúin Eorpaigh um Gheilleagar Cothrom agus Inbhuanaithe. Is Ollamh Cúnta é Pete i Roinn na hEacnamaíochta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD). Múineann sé eacnamaíocht iompraíochta ag Coláiste na Tríonóide agus An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Dr Abigail Collins

Is Comhairleach í Abbey i Míochaine Sláinte Poiblí agus an Ceannaire Cliniciúil Náisiúnta um Shláinte Phoiblí Sláinte Leanaí laistigh den FSS. Mar chuid den ról seo, tá sí i gceannas ar chlár uilíoch leanaí FSS, an Clár Náisiúnta um Leanbh Sláintiúil, le tacaíochtaí faisnéise tacaíochta ar fáil do thuismitheoirí ar raon níos leithne ábhar trí leathanaigh ghréasáin MyChild.ie Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Bhí a cúlra roimh shláinte an phobail i ngéineolaíocht agus péidiatraiceach. Ba í sláinte, folláine, cosc, sainaithint luath agus cúram cliniciúil do leanaí a príomhshuim agus a príomhfhócas i gcónaí le linn a gairmréime. Ba iad sláinte, folláine, cosc, sainaithint luath agus cúram cliniciúil do leanaí a príomhspéis agus fócas i gcónaí le linn a gairmréime.

Brianna Faughnan

Tá Brianna ina toscaire reatha ar Chomhthionól Náisiúnta na nÓg in Éirinn agus tá sí anois ina Cathaoirleach ar Chomhairle na nÓg Liatroma. Le níos mó ná trí bliana anuas, tá sí ag obair mar chomhairleoir d'eagraíochtaí éagsúla, ag soláthar peirspictíocht an duine óig, ag cur béime ar shaincheisteanna nach ndéanfaí dearmad orthu murach é. Bhí sí ina ball de Ghrúpa Comhairleach na nÓg a chuidigh le seoladh an Phlean Gníomhaíochta Cinealtás, clár frithbhulaíochta atá á chur i bhfeidhm ar fud na tíre. Tá iliomad dámhachtainí faighte aici féin agus ag a comhbhaill den Chomhairle as a gcuid oibre le M-PACT, seirbhís chomhairleoireachta do leanaí atá buailte ag andúil tuismitheora. I measc na n-eagraíochtaí eile a ndeachaigh sí i gcomhairle leo ina n-aonar tá an FSS, PeacePlus agus Comhairle Contae Liatroma.

Donnacha Lenehan

Is tacadóir tiomnaithe é Donnacha ar mhaithe le folláine na hóige agus ball paiseanta den Tascfhórsa Sláinte Ar Líne. Tar éis dó téarma 18 mí a chaitheamh sa Chomhthionól Náisiúnta Óige mar ionadaí do UNICEF, tá cuntas teiste cruthaithe aige maidir le saincheisteanna a bhaineann le daoine óga a chur chun cinn. Tá a chuid léargais tugtha go dtí an stáitse náisiúnta ag Donnacha, lena n-áirítear cruinniú sa Dáil leis an Taoiseach Micheál Martin ag an am, áit ar phléigh sé an tionchar as cuimse atá ag na meáin shóisialta ar dhaoine óga. Mar dhuine atá ar maos sna dúshláin a bhaineann le gníomhaíocht ar líne, tá Donnacha tiomanta aghaidh a thabhairt ar a éifeachtaí ar shláinte fhisiciúil agus mheabhrach a chomhghleacaithe.

Tabharfar Téarmaí Tagartha an Tascfhórsa chun críche agus comhaontófar iad tar éis don Tascfhórsa teacht le chéile i mí Mheán Fómhair. Tá na dréacht-Théarmaí Tagartha thíos.

Dréacht-Théarmaí Tagartha an Tascfhórsa:

1. Sonraigh an raon díobhálacha sóisialta, meabhairshláinte, sláinte fhisiciúil agus sláinte ghnéis a dhéantar do dhaoine óga de bharr cineálacha áirithe iompair agus ábhair ar líne. Is féidir le hionchuir a bheith san áireamh (ach ní gá iad a theorannú dóibh seo a leanas):

a. Athbhreithniú litríochta idirnáisiúnta agus náisiúnta, lena n-áirítear obair atá á déanamh go rathúil i dtíortha eile;

b. Ionchur saineolaithe (m.sh., cliniceoirí, taighdeoirí, oideachasóirí);

c. Fianaise ó dhaoine óga, ó thuismitheoirí, ó oibrithe sláinte agus cúraim shóisialta, ó oibrithe pobail agus ó dhaoine eile de réir mar is cuí;

d. Níor cheart go n-áireofaí leis an gcéim seo taighde príomhúil fada, ach go mbeadh sí ina chnuasach de thaighde atá ann cheana féin, mar aon le hionchur saineolaithe agus fianaise ó pháirtithe leasmhara éagsúla.

2. Cur chuige cuimsitheach a áirithiú maidir leis na díobhálacha seo a shainaithint, lena n-áirítear:

a. Sóisialta (m.sh., bulaíocht, éifeachtaí ar idirghníomhaíocht shóisialta);

b. Fisiciúil (m.sh., gníomhaíocht fhisiciúil, easpa codlata);

c. Meabhrach agus mothúchánach (m.sh., féindochar, smaoineamh féinmharaithe, neamhoird itheacháin, aire, féinrialú, andúil dhigiteach, féinchoincheap);

d. Gnéasach (m.sh., foréigean gnéasach, forbairt ghnéasach, nochtadh leanaí do phornagrafaíocht agus ábhar gnéasach sainráite);

e. Sochaíoch (m.sh., foréigean in aghaidh na mban, ardcheannas fireannach, ciníochas, antoisceachas).

3. Sonraigh raon foinsí na ndíobhálacha seo. Mar shampla;

a. a.Devices (beag beann ar aipeanna / ábhar): Fóin chliste, táibléad, ríomhairí glúine;

b. Ábhar ar líne: m.sh., féindochar/féinmharú/neamhoird itheacháin a chur chun cinn; Pornagrafaíocht; Moltaí a bhaineann le haois, ábhar a ghintear le AI (m.sh., ar YouTube Kids); Ardcheannas fireann; Steiréitíopáil dhiúltach bunaithe ar shaintréithe cosanta (m.sh., inscne, cine/eitneachas, reiligiún); Foréigean in aghaidh na mban; Ciníochas agus seineafóibe.

c. Na meáin shóisialta: m.sh., Tionchar na n-algartam; AI bota comhrá; Gnéithe dearaidh (m.sh., gnéithe andúile, leideanna digiteacha, dearadh idirghníomhaíochta sóisialta).

4. Guth a thabhairt dóibh siúd a raibh tionchar orthu, lena n-áirítear daoine óga agus tuismitheoirí.

5. Bearnaí a aithint maidir le daoine óga a chosaint ar dhíobhálacha féideartha. Mar shampla;

a. Leibhéal feasachta i ngrúpaí ábhartha ar dhíobhálacha a dhéantar.

b. Infhaighteacht uirlisí teicniúla éifeachtacha, inacmhainne agus éasca le húsáid atá ar fáil do thuismitheoirí / caomhnóirí lena n-áirítear am scáileáin agus scagairí a oireann dá n-aois.

c. Leibhéal freagrúlachta cuideachtaí meán sóisialta agus comhroinnte físeán do dhíobháil a dhéantar;

d. Leibhéal cuntasachta cuideachtaí meán sóisialta agus comhroinnte físeáin as na dochair a dhéanann siad agus/nó a éascaíonn siad;

e. Leibhéal an scagtha ábhair atá á thairiscint do theaghlaigh in Éirinn ag soláthraithe seirbhísí idirlín;

f. Tacaíochtaí oideachais agus cláir litearthachta meán atá ann cheana féin do leanaí/aosaigh óga chun cabhrú lena bhforbairt, lena meabhairshláinte agus lena bhfolláine a chosaint.

g. Cibé an bhfuil 13 bliana d’aois oiriúnach do leanaí chun rochtain a bheith acu ar na meáin shóisialta.

h. Neamhdhóthanacht na n-uirlisí fíoraithe aoise atá ann cheana féin.

6. Freagairtí a mholadh chun dul i ngleic leis na díobhálacha sin, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do:

a. Treoirlínte agus treoir náisiúnta do ghrúpaí ábhartha;

b. Tuilleadh rialacháin/reachtaíocht;

c. Comhoibrithe idirnáisiúnta;

d. Bearta feasachta (m.sh., feachtais phoiblí, lipéadú);

e. Oideachas (do dhaoine óga, tuismitheoirí, oideachasóirí, cliniceoirí agus daoine eile);

f. Réitigh theicniúla;

g. Tacaíochtaí breise sláinte agus cúraim shóisialta;

h. Tuilleadh taighde.