English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Treoir maidir le bainistiú sláinte poiblí cásanna agus dlúththeagmhálacha COVID-19


Tá athruithe déanta ag an rialtas maidir le bainistiú sláinte poiblí cásanna agus dlúth-theagmhálacha COVID-19. Tá na hathruithe seo leagtha amach de bharr na fianaise atá ar fáil, tuairimí na saineolaithe agus an taithí idirnáisiúnta ar COVID-19, lena n-áirítear an treoir ón ECDC a foilsíodh le déanaí.

Bainfear na bearta seo a leanas ón 28 Feabhra:

  • ceanglais éigeantacha maidir le caitheamh masc
  • bearta cosanta sonracha i bhfeidhm i scoileanna agus saoráidí Luathfhoghlama agus Cúraim (mar shampla: meithil, scaradh sóisialta agus scaradh amach sosanna)

Is í an chomhairle sláinte poiblí ná:

  • leanúint ar aghaidh ag caitheamh masc ar iompar poiblí
  • leanúint ar aghaidh ag caitheamh masc i suíomhanna cúram sláinte de réir na treorach náisiúnta atá ag teacht chun cinn
  • leanúint le bearta coiscthe agus rialaithe ionfhabhtaithe i suíomhanna luathfhoghlama, i gcúram leanaí in aois scoile, i mbunscoileanna agus i meánscoileanna, lena n-áirítear maidir le haeráil, bearta sláinteachais agus comhairle fanacht sa bhaile má tá siomptóim ann

Cad a chiallaíonn na nuashonruithe seo duitse

Tagann na hathruithe seo i bhfeidhm ón Luan, an 28 Feabhra.

Má tá siomptóim COVID-19 ort

  • ba cheart d’aon duine a bhfuil siomptóim air/uirthi é féin a aonrú láithreach
  • ba chóir dóibh siúd faoi 55 bliain d'aois agus atá sláintiúil ar bhealaí eile iad féin a aonrú go dtí 48 uair tar éis do na siomptóim réiteach. Níl aon tástáil ag teastáil
  • ba chóir dóibh siúd atá 55+ bliain d’aois agus nach bhfuil teanndáileog faighte acu fós, iad siúd a bhfuil riocht ardriosca míochaine orthu, iad siúd atá imdhíon-lagaithe nó a chónaíonn le nó a thugann aire do dhuine atá faoi réir imdhíon-lagaithe, nó iad siúd atá ag iompar clainne iad féin a aonrú agus tástáil PCR a lorg

Má tá toradh tástála deimhneach agat

  • ba cheart do gach duine a bhfuil toradh tástála deimhneach acu, PCR nó tástáil antaiginí, aonrú ar feadh 7 lá ar a laghad
  • ba cheart dóibh siúd a bhfuil na siomptóim orthu aonrú ar feadh 7 lá ó dháta tosaigh na siomptóm
  • ba cheart dóibh siúd nach bhfuil siomptóim acu aonrú ar feadh 7 lá ó dháta na chéad thástála deimhní (PCR nó tástáil antaigíní)
  • cuirtear deireadh le féin-aonrú tar éis 7 lá ar an mbonn go bhfuil na siomptóim réitithe go substaintiúil nó go hiomlán don dá lá deiridh de na 7 lá sin
  • ba cheart do gach duine atá 13 bliana d’aois agus níos sine a bhfuil toradh deimhneach acu masc aghaidhe grád leighis dea-fheistithe nó FFP2 a úsáid ar feadh 10 lá, lena n-áirítear nuair a d’fhéadfadh siad a bheith i mbaol dul i dteagmháil le daoine eile ina dteaghlach
  • ba chóir go gcaithfeadh leanaí idir 9-12 bliana d’aois le toradh deimhneach masc atá fáiscthe go maith ar feadh 10 lá, lena n-áirítear nuair a d’fhéadfadh siad a bheith i mbaol dul i dteagmháil le daoine eile ina dteaghlach

Más dlúth-theagmhálaí thú

Níl aon tástáil ag teastáil.

Féin-aonraigh má bhíonn siomptóim agat.

Más oibrí cúram sláinte thú agus más dlúth-theagmhálaí teaghlaigh thú

Tá gá le haththástáil antaiginí, mura bhfuil siad tar éis teacht chucu féin ó COVID-19 sna 3 mhí roimhe sin.


Cén fáth ar tháinig athrú ar an gcomhairle seo

Tá na hathruithe seo ar bhainistíocht sláinte poiblí cásanna COVID-19 agus dlúththeagmhálacha leagtha amach de bharr na fianaise atá ar fáil, tuairimí na saineolaithe agus an taithí idirnáisiúnta ar COVID-19, lena n-áirítear an treoir ón ECDC a foilsíodh le déanaí.


Cad is masc grád leighis ann

Is masc indiúscartha trí shraith é masc grád leighis. Is gnách go mbíonn dath gorm nó bán ar na maisc, lipéadaithe mar 'leighis' agus le comhartha CE orthu.

Tá na maisc seo ar fáil go forleathan le ceannach in asraonta miondíola.


Cad is análaitheoir/masc FFP2 ann

Is masc ilchisealach é masc análaitheora/FFP2 agus tá luachanna scagacháin comhchosúla aige agus atá ag masc grád leighis.

Fáisceann análaitheoirí go daingean timpeall aghaidh an té a chaitheann iad agus tá siad thar a bheith éifeachtach i gcoinne tarchur aerasól. Má tá análaitheoir, nó aon masc aghaidh, scaoilte nó mura gcaitear i gceart é, ní bheidh an leibhéal céanna cosanta aige.

Tá na maisc seo ar fáil go forleathan le ceannach in asraonta miondíola.