English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Treoir maidir le clúdaigh aghaidhe a úsáid go sábháilte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025

Tá cumhdaigh aghaidhe éigeantach anois in asraonta miondíola, i bainc, comhair chreidmheasa agus oifigí poist, i dtacsaithe, i stáisiúin bus agus iarnróid, ar iompar poiblí agus d’oibrithe a bhíonn ag freastal ar chustaiméara i gcaiféanna, i mbeáir agus i mbialanna.

Ní amháin go gcabhraíonn cumhdaigh aghaidhe éadaigh le tú a chosaint, ach cuireann sé cosc ar dhaoine nach bhfuil a fhios acu go bhfuil COVID-19 (Coróinvíreas) orthu é a scaipeadh ar dhaoine eile.

Má chaitheann tú ceann, ba cheart duit na rudaí tábhachtacha a dhéanamh atá riachtanach chun scaipeadh an víris a chosc.

Áirítear orthu sin:

  • do lámha a ní i gceart agus go minic
  • do bhéal agus do shrón a chlúdach le ciarsúr páipéir nó le do mhuinchille agus tú ag casacht agus ag sraothartach
  • gan do lámh a leagan ar do shúile, do shrón ná do bhéal mura bhfuil do lámha glan
  • scaradh sóisialta (coinnigh 2 mhéadar ar a laghad amach ó dhaoine eile)

Léigh comhairle na Roinne Sláinte maidir le conas tú féin agus daoine eile a chosaint anseo.

Is féidir póstaeir ar chlúdaigh aghaidhe a fháil anseo.


Maisc grád leighis

Tugann masc grád leighis, má chaitear i gceart é, níos mó cosanta ná maisc éadach.

Is masc indiúscartha trí shraith é masc grád leighis, ar a dtugtar masc máinliachta freisin. Is gnách go mbíonn na maisc daite gorm nó bán, lipéadaithe mar ‘leighis’ agus tá comhartha CE orthu.

Ba chóir aon masc a roghnaíonn tú a bheith feistithe go maith agus a chaitheamh i gceart.


Maisc análaitheora/FFP2

Is masc ilchisealach é masc análaitheora/FFP2 agus tá luachanna scagacháin comhchosúla aige agus atá ag masc grád leighis.

Fáisceann análaitheoirí go daingean timpeall aghaidh an té a chaitheann iad agus tá siad thar a bheith éifeachtach i gcoinne tarchur aerasól. Má tá análaitheoir, nó aon masc aghaidh, scaoilte nó mura gcaitear i gceart é, ní bheidh an leibhéal céanna cosanta aige.

Molann an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) go n-úsáideann na daoine seo a leanas maisc de ghrád leighis nó FFP2:

  • duine ar bith os cionn 13 bliana le toradh tástála deimhneach COVID-19
  • duine ar bith os cionn 13 bliana le siomptóim COVID-19
  • gach dlúththeagmhálaí os cionn 13 bliana d’aois ar feadh 10 lá
  • daoine leochaileacha in áiteanna taobh istigh nó plódaithe taobh amuigh
  • daoine os cionn 60 bliain d’aois in áiteanna taobh istigh nó plódaithe taobh amuigh
  • aon duine a thugann cuairt ar shuíomh cúram sláinte nó a thugann cuairt orthu siúd atá leochaileach do COVID-19 in aon suíomh

Maisc éadach

Má chaithear masc aghaidhe éadaigh go poiblí, féadfar leathadh COVID-19 sa phobal a laghdú.

D’fhéadfadh sé cabhrú le scaipeadh braoiníní riospráide ó dhaoine atá ionfhabhtaithe le COVID-19 a laghdú. De ghnáth déantar iad as cadás nó síoda agus ba chóir go mbeadh 2 shraith fabraice ar a laghad acu.

Is féidir le gach cineál masc, lena n-áirítear maisc éadach, tarchur pobail a laghdú go suntasach má dhéantar iad i gceart, má tá siad fáiscthe go maith, agus má dhéantar iad a chaitheamh go cuí.

Ní maisc aghaidhe oiriúnacha iad sciatha aghaidhe agus scáthláin ach féadfaidh daoine a bhféadfadh deacrachtaí análaithe nó míchumais nó leithscéal réasúnach sonrach eile sciath aghaidh nó scáthlán a chaitheamh in ionad cumhdaigh aghaidhe.

Má tá COVID-19 ort nó má tá siomptóim an víris agat, caithfidh tú féin-aonrú. Déan é seo fiú má chaitheann tú masc aghaidh.

Moltar do na grúpaí seo a leanas masc grád leighis nó FFP2 a chaitheamh nuair is féidir agus ní masc éadaigh;

  • gach duine os cionn 13 bliana d'aois le toradh tástála deimhneach COVID-19
  • gach duine os cionn 13 bliana d'aois le siomptóim COVID-19
  • gach dlúththeagmhálaí os cionn 13 bliana d’aois ar feadh 10 lá

Cathain ceann a chaitheamh

Caithfear clúdaigh aghaidhe a chaitheamh sna suíomhanna seo a leanas:

  • siopaí, lena n-áirítear cógaslanna
  • ollmhargaí
  • ionaid siopadóireachta
  • bainc, comhair chreidmheasa agus oifigí poist
  • leabharlanna
  • pictiúrlanna agus coimpléisc phictiúrlainne
  • amharclanna
  • hallaí ceolchoirme
  • hallaí biongó
  • músaeim
  • salón ingne
  • salóin ghruaige agus bearbóirí
  • siopaí tatúnna agus cneasphollta
  • gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas
  • neachtlanna agus tirimghlantóirí
  • siopaí geallghlacadóra
  • ar iompar poiblí
  • Comhaltaí foirne a bhíonn ag freastal ar chustaiméirí i mbeáir, i mbialanna agus i gcaiféanna
  • I dtacsaithe (tiománaithe agus paisinéirí)
  • stáisiúin bus agus stáisiúin iarnróid

Moltar cumhdaigh aghaidhe a chaitheamh sna cúinsí seo a leanas chomh maith:

  • ag daoine a thugann cuairt ar thithe daoine atá os cionn 70 bliain d’aois nó atá leochaileach ó thaobh na sláinte de
  • ag daoine a mbíonn cuairteoirí atá os cionn 70 bliain d’aois nó atá leochaileach ó thaobh na sláinte de ina dtithe acu
  • má tá tú ag taisteal i bhfeithicil le duine nach bhfuil cónaí ort leis/léi
  • áiteanna oibre plódaithe
  • ionaid adhartha
  • spásanna gnóthacha nó plódaithe lasmuigh ina bhfuil go leor daoine bailithe.
  • In imthosca nach féidir achar 2m a choinneáil

Tá clúdaigh aghaidhe á gcaitheamh i siopaí cheana féin ag formhór mór na ndaoine. Ba cheart d’úinéirí siopaí agus bainisteoirí áitribh a chur in iúl do dhaoine atá ag teacht isteach nó atá ina n-áitribh go gcaithfidh siad cumhdaigh aghaidhe a chaitheamh agus gur cheart dóibh comhlíonadh a chur chun cinn.

Go dtí seo tá an Garda Síochána i dteagmháil leis an bpobal chun oideachas agus spreagadh a thabhairt dóibh cloí leis na bearta atá i bhfeidhm agus níl forfheidhmiú á úsáid aige ach amháin mar rogha dheiridh.

Is cion é gan cumhdach aghaidhe a chaitheamh gan leithscéal réasúnach agus féadfaidh an Garda Síochána fógra pionóis socraithe €80 a eisiúint ina leith.

Tá formhór mór an phobail ag comhlíonadh agus táthar ag súil go leanfaidh siad orthu ag déanamh amhlaidh agus nach dtiocfadh pionóis chun cinn ach i gcásanna rí-annamh.

Tá póstaeir maidir le húsáid cumhdaigh aghaidhe ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge agus is féidir iad a íoslódáil anseo.

Cad as a ndéantar iad

Déantar clúdaigh aghaidhe as ábhair éadaigh cosúil le cadás, síoda nó línéadach.

Is féidir leat iad a cheannach nó iad a dhéanamh sa bhaile ag úsáid earraí cosúil le scairfanna, t-léinte, léinte aclaíochta, nó tuáillí.

Cé nár chóir ceann a chaitheamh

Ní mholtar cumhdaigh aghaidhe do dhuine ar bith:

  • a bhfuil trioblóid análaithe acu
  • atá gan aithne nó faoi éagumas
  • nach bhfuil in ann é a bhaint gan chabhair
  • a bhfuil riachtanais speisialta acu agus a d’fhéadfadh a bheith trína chéile nó an-míchompordach á gcaitheamh
  • a chaithfidh cumarsáid a dhéanamh le daoine a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, nach bhfuil an éisteacht go maith acu nó atá bodhar

Sna cásanna sin, más féidir leis an duine scáthlán a chaitheamh, tabharfaidh sé cosaint éigin dóibh. Ach is é sin an t-aon am amháin ba chóir duit scáthlán a chaitheamh. Is bealach níos fearr iad cumhdaigh aghaidhe éadaigh chun tú féin a chosaint ar COVID-19.

Chun clúdach éadaigh a dhéanamh sa bhaile:

  • gearr dhá dhronuilleog de chadás dlúthfhite thart ar 25cm x 15cm
  • fill agus fuaigh na himill ar bharr agus ar bhun
  • fill agus fuaigh na himill ar na taobhanna, ag fágáil bearna atá mór go leor chun leaisteach a shnáithiú tríd
  • snáithigh dhá phíosa leaisteach 15cm trí na himill agus ceangail go docht iad. Oibreoidh ceangail gruaige nó sreangán, gearrtha níos faide agus ceangailte taobh thiar den cheann
  • sáigh snaidhmeanna leaisteacha taobh istigh d’imill an mhaisc agus fuaigh iad le go mbeidh siad deas néata

Cathain iad a chaitheamh amach

Ba chóir duit clúdach aghaidhe éadaigh a chaitheamh amach:

  • nuair nach gclúdaíonn sé an srón agus an béal a thuilleadh
  • nuair atá na ceangail tarraingthe amach nó damáistithe
  • nuair nach bhfanfaidh siad ar aghaidh an duine
  • nuair atá poill nó stróiceadh san fhabraic

Conas clúdach aghaidhe éadaigh a úsáid i gceart

Déan:

  • glan do lámha i gceart sula gcuireann tú ort é
  • cleachtadh é a úsáid ionas go mbeidh tú compordach é a chur ort agus é a bhaint díot
  • cinntigh go bhfuil sé déanta as fabraic atá compordach
  • clúdaigh do bhéal agus do shrón leis agus déan cinnte nach bhfuil aon bhearnaí idir do chlúdach aghaidhe éadaigh
  • ceangail go docht é
  • iompair maisc neamhúsáidte i mála glan uiscedhíonach séalaithe (mar shampla, mála ziplock)
  • iompair an dara mála den chineál céanna chun maisc úsáidte a chur ann

Ná:

  • ná leag lámh ar do chlúdach aghaidhe agus tú á chaitheamh - má dhéanann tú sin, glan do lámha i gceart
  • ná úsáid masc leighis tais nó fliuch agus ná athúsáid masc leighis
  • ná roinn maisc
  • ná ísligh do masc chun labhairt, ithe agus tobac nó galtoitín a chaitheamh - más gá duit do shrón nó do bhéal a nochtadh bain an masc de agus cuir sa mhála é le haghaidh masc úsáidte
  • ná caith uait maisc in áiteanna poiblí

Clúdach aghaidhe éadaigh a bhaint díot

Chun é a bhaint díot i gceart:

  • bain díot é ón gcúl - ná leag lámh ar thosaigh an mhaisc
  • ná leag lámh ar do shúile, do shrón agus do bhéal
  • glan do lámha i gceart
  • cuir maisc aon uaire i mbosca bruscair láithreach