English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuarascáil ar an bPróiseas Comhairliúcháin Phoiblí ar Dhréachtchreat Beartais um Fhaisnéis Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 27 Samhain 2018
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Chuaigh an Roinn Sláinte i gcomhairle le páirtithe leasmhara maidir le dréachtchreat um Bheartas Faisnéise Sláinte trí cheardlann le lucht freastail ag an Seimineár Náisiúnta um Fhaisnéis Sláinte an 4 Deireadh Fómhair 2017 agus trí chomhairliúchán poiblí ar líne sé seachtaine ón 4 Deireadh Fómhair go dtí an 15 Samhain.

Bhí sé mar aidhm ag na comhairliúcháin seo tuairimí a lorg chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt Creat Beartais Náisiúnta um Fhaisnéis Sláinte agus clár oibre i réimsí na reachtaíochta faisnéise sláinte, rialachas faisnéise, socruithe oibríochta agus feasacht othar agus gairmiúil.

D’fhreastail níos mó ná 270 duine ar an Seimineár Náisiúnta um Fhaisnéis Sláinte agus fuair an comhairliúchán poiblí ar líne 167 freagra. Cuireann an tuarascáil seo torthaí na hanailíse ar na freagraí uile a cuireadh faoi bhráid an phróisis chomhairliúcháin phoiblí seo i láthair.

Report on the Public Consultation Process on a Draft Health Information Policy Framework
Health information and eHealth have been identified in the Slaintecare Report as critical enablers for future healthcare reform. Now is the time to develop a new health information policy for Ireland.
Amharc amharc