Tuarascáil ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí ar sheirbhísí cúraim baile
- Foilsithe: 26 Meitheamh 2018
- An t-eolas is déanaí: 26 Deireadh Fómhair 2020
Osclaíodh an comhairliúchán an 6 Iúil 2017 agus dúnadh é an 2 Deireadh Fómhair 2017, agus rinneadh é chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt scéim reachtúil agus córas rialála do sheirbhísí cúraim baile. Fuarthas níos mó ná 2,600 freagra ó dhaoine aonair agus ó eagraíochtaí geallsealbhóirí.
D'ullmhaigh an Institiúid Sláinte Poiblí in Éirinn an tuarascáil ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí.