Tuarascáil Phainéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19: Foireann Maoirseachta Feidhmithe
- Foilsithe: 27 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 5 Samhain 2024
- Cuspóir
- Téarmaí Tagartha
- Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn
- An Chéad Thuarascáil ar Dhul Chun Cinn
- Miontuairiscí Cruinnithe
- lúil 2021
- Meitheamh 2021
- Freagairt COVID-19: Tithe Altranais, Forléargas ar Róil na bPríomhpháirtithe Leasmhara
- Feachtas Faisnéise ag Díriú ar Dhaoine atá i gceannas
- Tuarascáil Deiridh
Cuspóir
I ndiaidh fhoilsiú Thuarascáil Phainéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19, bhunaigh an tAire Sláinte Foireann Mhaoirseachta Feidhmithe idirghníomhaireachta chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí a rinneadh sa tuarascáil.
Is é cuspóir na Foirne Maoirseachta Feidhmithe cinneadh a dhéanamh maidir le cur chuige agus maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme mholtaí ábhartha Phainéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19, agus tuairiscí a chur chuig an Aire Sláinte agus chuig an Aire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta go rialta. Is faoi chathaoirleacht na Roinne Sláinte atá an Fhoireann Mhaoirseachta Feidhmithe ag feidhmiú.
Téarmaí Tagartha
Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn
An Ceathrú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn
An Tríú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn
Dara Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn
An Chéad Thuarascáil ar Dhul Chun Cinn
Miontuairiscí Cruinnithe
Aibreán 2022
Samhain 2021
Deireadh Fómhair 2021
Meán Fómhair 2021
lúil 2021
Meitheamh 2021
Aibreán 2021
Márta 2021
Feabhra 2021
Eanáir 2021
Nollaig 2020
Samhain
Deireadh Fómhair
Meán Fómhair
Lúnasa 2020
Freagairt COVID-19: Tithe Altranais, Forléargas ar Róil na bPríomhpháirtithe Leasmhara
Moladh i Moladh 14.1 de thuarascáil Phainéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19 go bhforbrófaí doiciméad soiléir ina ndéanfaí cur síos ar róil agus ar fhreagrachtaí na bpríomhpháirtithe leasmhara san fhreagairt leanúnach do COVID-19 i dtithe altranais, lena n-áirítear forléargas soiléir ar róil agus ar fhreagrachtaí na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET), na Roinne Sláinte, FSS, HIQA, agus soláthraithe aonair.
Tá an doiciméad thíos, Freagairt COVID-19: Tithe Altranais, Forléargas ar Róil na bPríomhpháirtithe Leasmhara, forbartha ag an Roinn i gcomhairle le gníomhaireachtaí ábhartha, an Fhoireann Mhaoirseachta Feidhmithe agus an Grúpa Tagartha a bunaíodh chun tacú le cur chun feidhme mholtaí an Ghrúpa Saineolaithe. Déantar cur síos sa doiciméad ar róil agus ar fhreagrachtaí NPHET, na Roinne Sláinte, FSS, HIQA, CNCC, agus soláthraithe tithe altranais aonair agus tugtar forléargas soiléir ann ar na bearta atá curtha i bhfeidhm chun cabhrú le tionchar COVID-19 i dtithe altranais a laghdú, mar aon le cur síos ar fheidhmeanna na bpáirtithe leasmhara i láthair na huaire i gcúram tí altranais a sholáthar.
Soláthraítear in Freagairt COVID-19: Tithe Altranais, Forléargas ar Róil na bPríomhpháirtithe Leasmhara eolas cúlra luachmhar maidir leis an bhfreagairt do COVID-19 i dtithe altranais i láthair na huaire, agus cinntítear go bhfuil róil na bpáirtithe leasmhara ar fad i gcúram cónaithe fadtéarmach sábháilte a sholáthar i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 mínithe go soiléir. Le cois cur síos a dhéanamh ar ról agus feidhmeanna dlí na bpáirtithe leasmhara éagsúla, déantar cur síos agus soláthraítear sonraí sa doiciméad maidir leis an tacaíocht feabhsaithe agus na bearta eile atá forbartha ag gníomhaireachtaí i rith na paindéime chun tacú le tithe altranais agus a gcónaitheoirí déileáil le dúshláin COVID-19.
Tá sé beartaithe gur doiciméad beo a bheidh ann a bheidh á nuashonrú go tréimhsiúil, agus nuair is gá, de réir mar a bheidh an fhreagairt do COVID-19 agus cur chun feidhme mholtaí an Phainéil Saineolaithe ag athrú.