English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin chuig an gCoimisiún Meabhair-Shláinte:

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Aibreán 2025
  • An t-eolas is déanaí: 23 Aibreán 2025

Tá na comhaltaí seo a leanas ceaptha ag an Aire Stáit do Mheabhairshláinte, Mary Butler TD chuig an gCoimisiún Meabhair-Shláinte.

An Dochtúir Mary Davoren

Is Síciatraí Fóiréinseach Comhairleach í an Dr Mary Davoren le Seirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fhóiréinseach na hÉireann, agus Léachtóir Sinsearach Cliniciúil le Síciatracht Fhóiréinseach, Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Bhaile Átha Cliath

Is Síciatraí Fóiréinseach Comhairleach í le freagracht as an mbarda Ardspleáchais in aonad ardshlándála an Phríomh-Ospidéil Meabhair-Ghalar, Baile Átha Cliath, Éire. Is Léachtóir Sinsearach Cliniciúil í le Síciatracht Fhóiréinseach de chuid Choláiste na Tríonóide, Ollscoil Átha Cliath agus léachtóir ar cuairt sa tSíciatracht Fhóiréinseach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD). Is ball í de Chomhairle Leighis na hÉireann agus faoi láthair tá sí ina Leas-Uachtarán ar Chomhairle Leighis na hÉireann.

Tá an Dr Mary Davoren ainmnithe ag Comhairle na nDochtúirí Leighis Éireann agus ceaptha ag an Aire Stáit Meabhair-Shláinte le héifeacht ón 5 Aibreán 2025 go dtí an 4 Aibreán 2030.

An tUasal Ian O’Grady

Is Príomh-Bhainisteoir Síceolaí é an tUasal Ian O’Grady san FSS (Baile Átha Cliath, Cill Dara agus Iarthar Chill Mhantáin). Tá cúlra láidir aige i meabhairshláinte, i gcúram príomhúil, i measúnú síceolaíoch, i teiripe fianaise-bhunaithe, agus i gceannaireacht cláir. Feidhmíonn sé mar bhall lárnach de shainghrúpaí náisiúnta na síceolaíochta, lena n-áirítear CBT le haghaidh Síceolaíochta, tionscnaimh oiliúna Síceolaíochta, agus Grúpa Oibre Múnla Cúraim na dTeiripí Cainte. D’oibrigh sé roimhe seo mar Shíceolaí Sinsearach Comhairleoireachta i FSS. Is iar-Uachtarán é ar Chumann Síceolaíochta na hÉireann (PSI).

Tá an tUasal Ian O’Grady ainmnithe ag Cumann Síceolaíochta na hÉireann agus ceaptha ag an Aire Stáit um Shláinte Mheabhrach le héifeacht ón 5 Aibreán 2025 go dtí an 4 Aibreán 2030.

An Dochtúir Joanna Ralston

Is abhcóide cleachtach í an Dr Joanna Ralston le breis agus 20 bliain de thaithí. Bhain sí PhD amach in 2022, tá ailt foilsithe aici in irisí piarmheasúnaithe agus tá cleachtadh forleathan aici i réimse dhlí na hinniúlachta. D’oibrigh sí mar Léachtóir Cúnta i Scoil an Dlí UCD idir 2015 agus 2022. Is iad na réimsí spéise ar leith atá aici ná an dlí teaghlaigh, an dlí do leanaí agus dlí an mheabhairshláinte. Tá céim aici sa Tráchtáil freisin.

Is ball deonach í freisin de Choiste Athbhreithnithe Cearta Bráithre na Carthanachta, Réigiún na Mumhan, Lota, Corcaigh.

Ceaptar an Dr Joanna Kelleher tar éis feachtas Post Poiblí agus ceapann an tAire Sláinte í le héifeacht ón 23ú mí Aibreáin 2025 go dtí an 22ú mí Aibreáin 2030.