Athcheapacháin ar Bhord Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)-12 Márta 2024
- Foilsithe: 15 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá na baill seo a leanas tar éis a bheith athcheaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., ar bhord Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, le héifeacht ón 12 Márta 2024 go dtí an 11 Márta 2029.
Brendan Whelan
Is é Brendan Whelan POF an Fhorais Airgeadais Shóisialta, a chuireann maoiniú iasachta ar fáil d’eagraíochtaí san earnáil seachbhrabúsach. Roimh don ról seo a bheith aige, bhí sé ar chomhalta den ardbhainistíocht i mBanc na hÉireann agus freagracht aige ann as Oibríochtaí, an TF agus AD. Tá céim aige sa Tráchtáil é ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, chomh maith le céim sa Bhainistíocht ó Ollscoil Stanford, agus is Comhalta de chuid Institiúid na mBancéirí in Éirinn é freisin.
Tá dúil chroíúil aige cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhfuil riachtanais bhreise acu. Tá sé seo léirithe sa tslí a bhfuil sé ina Chathaoirleach ar na Cluichí Oilimpeacha Speisialta in Éirinn agus sa bhaint a bhí aige le dhá chlub áitiúla. Tá sé ina Chathaoirleach ar Chumann Naomh Caitríona freisin, eagraíocht cúraim shóisialta Alt 39 i gCill Mhantáin agus is Pátrún é de Scoil Speisialta Naomh Caitríona atá nascadh leis an gcumann sin.
Tá Brendan ina chomhalta de Bhord an FSS ó 12/03/2021 i leith.
Anne Carrigy
Is altra í, agus tar éis di speisialtóireacht agus obair a dhéanamh ar Dhianchúraim, chuaigh sí isteach sa bhainistíocht altranais mar Stiúrthóir Altranais agus Ceann Gnóthaí Corparáideacha ag Ospidéal Ollscoile an Mater Misericordiae, Baile Átha Cliath. Ansin chuaigh sí isteach san FSS mar Stiúrthóir ar an bhFoireann Bainistíochta um Theagmhais Thromchúiseacha agus ina dhiaidh sin mar Cheannaire Náisiúnta ar Sheirbhísí Ospidéil Ghéarchúraim FSS.
D'fhóin sí ar Bhoird agus ar Choistí Náisiúnta agus Idirnáisiúnta araon ar feadh blianta fada agus lena linn sin d’fhóin sí ar Uachtarán ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann; comhalta de Bhord ENDA (Cumann na Stiúrthóirí Altra Eorpacha); Uachtarán FEPI (Cónaidhm Eorpach na nGairmeacha Altranais); Ball Comhairle de Chomhairle Leighis na hÉireann; Ball Boird de HIQA (An tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte); agus Ball de Bhord Rialaithe Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.
Tá paisean aici i leith othar agus thacaigh sí le cúram otharláraithe, tar éis di a saol a thiomnú do sheirbhísí cúram othar a fheabhsú.
Tá Anne ina comhalta de Bhord an FSS ó 12/03/2021 i leith.