English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Athcheapacháin chuig an Údarás Rialála Táirgí Sláinte (HPRA) – Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, tar éis an tUasal David Holohan agus an tUasal Brian Jones a athcheapadh mar bhaill den Údarás Rialála Táirgí Sláinte ón 27 Eanáír 2021 go dtí an 26 Eanáir 2026. Ceapadh an dá bhall ar dtús, i 2016, tar éis feachtais Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (PAS)

An tUasal David Holohan

D’oibrigh an tUasal David Holohan (BCOMM, MBA, APA, C Dir, M.lnst.D, CMgr FCMI, FCSI Cairte) sa tionscal bainistíochta sócmhainní thar raon róil, lena n-áirítear Ceann Taighde, Príomhoifigeach Infheistíochta agus bainisteoir ciste. Faoi láthair tá sé ag obair do Chistí Idirnáisiúnta Mediolanum, fochuideachta Éireannach Bhanc na hIodáile, Banca Mediolanum.

Tá céim Baitsiléara Tráchtála ag David ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus MBA le fiúntas ó Imperial College London. Is Stiúrthóir Cairte (Ríocht Aontaithe) agus Ball d’Institiúid na Stiúrthóirí (Éire) é. Tá David ina Chomhalta Cairte den Institiúid Cairte um Urrúis agus Infheistíocht (Ríocht Aontaithe) agus ina Chomhalta Cairte den Institiúid Bainistíochta Cairte (Ríocht Aontaithe). Tá David ina Chathaoirleach ar Chomhlacht Rialaithe IADT agus tá sé ina Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ar an gCoimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta (NOAC). Chomh maith leis sin, tá sé ina Chathaoirleach neamhfheidhmiúcháin ar an gcarthanas, One in Four.

An tUasal Brian Jones

Cheap an tAire Sláinte an tUasal Brian Jones ar Bhord an HPRA i mí Eanáir 2016.

Tá Brian ina POF Grúpa ar Chomhpháirtíocht East London Cooperatives, Fiontar Sóisialta neamhbhrabúis a sholáthraíonn seirbhísí cliniciúla do 1.1 milliún othar in Oirthuaisceart Londain. Agus taithí aige ar fhoireann chliniciúil il-oilte a threorú, ag feidhmiú laistigh de chóras cúram sláinte atá ag athrú go tapaidh, tá tuiscint aige ar oibriú go dlúthpháirteach le comhpháirtithe ó gach páirtí leasmhar ilghníomhaireachta chun cúram den scoth a sholáthar do na pobail a bhfreastalaíonn siad orthu.

Thug a thaithí tuiscint dhomhain dó ar rialachas cliniciúil agus ar riosca, rud a chuir ar chumas a chuid eagraíochtaí timpeallachtaí inar féidir le sármhaitheas i gcúram cliniciúil bláthú.

Roimh a ról is déanaí, chaith Brian 7 mbliana i sláinte phoiblí.