Athcheapacháin chuig an mBinse Cúitimh Heipitíteas C agus VEID
- Foilsithe: 11 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá na daoine seo a leanas athcheapadh ag An tAire Sláinte, An tUasal Stephen Donnelly TD chuig Binse Cúitimh Heipitíteas C agus VEID.
Karen O’Driscoll
Is Abhcóide Sinsearach í Karen O’Driscoll a bhfuil speisialtóireacht aici ar fhaillí míochaine. Glacadh chun an bharra í i 1990 agus glacadh chun an Bharra Inmheánach í i 2008. Cháiligh sí ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh le BCL (Onóracha) i 1988, cháiligh sí le Céim Abhcóide Dlí (Onóracha) ó Chumann Onórach Óstaí an Rí i 1990 agus le máistreacht sa dlí (M.Litt) ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i 1996. Rinne sí teagasc sa Dlí Bunreachtúil i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is idirghabhálaí creidiúnaithe agus eadránaí í freisin. Tá Karen ag fónamh ar an mBinse ó 2011 i leith.
Athcheaptar Ms O’Driscoll ina Cathaoirleach ar an mBinse don tréimhse ón 10ú Márta 2024 go dtí an 9ú Márta 2027.
Claire Cummins
Glaodh Claire Cummins BL BA (UCD); LL.M Commercial (UCD); Abhcóide atá ag cleachtadh, chun Barra na hÉireann in 2012. Tá cleachtas sibhialta measctha aici, agus tá speisialtóireacht aici i réimsí na Díobhála Pearsanta, an Dlí Riaracháin/Athbhreithniú Breithiúnach, an Dlí Cosanta Sonraí agus an Dlí Baincéireachta. Chomh maith lena cleachtas príobháideach, tugann sí léacht pháirtaimseartha i nDlí-Chumann na hÉireann. Tá Claire ag fónamh ar an mBinse ó 2021 i leith agus tá sí ina Cathaoirleach ar an gCoimisiún Meabhair-Shláinte ó 2022 i leith.
Tá Cummins ceaptha mar chomhalta den Bhinse don tréimhse 4ú Márta 2024 go dtí an 3ú Márta 2027.
Emma Cassidy
Glaodh Abhcóide (Óstaí an Rí) Emma Cassidy LLB (QUB); chun Barra na hÉireann i mí Iúil 2014 agus ina dhiaidh sin chuir sí tús le cleachtas lánaimseartha. Tá sainchleachtas aici sa Dlí Fostaíochta agus Comhionannais, tá Ard-Dioplóma aici sa Dlí Fostaíochta Feidhmeach ó Óstaí an Rí agus déanann sí ionadaíocht go rialta d’Fhostóirí agus d’Fhostaithe os comhair an Choimisiúin san Ionad Oibre agus na Cúirte Oibreachais. Sular thosaigh Emma ag obair sa Leabharlann Dlí, d’oibrigh sí ar feadh roinnt blianta i roinn dlíthíochta gnólacht dlí i mBaile Átha Cliath chomh maith le heagraíocht leathstáit. Tá sí ag fónamh ar an mBinse ó 2021 i leith.
Ceaptar Emma Cassidy mar chomhalta den Bhinse don tréimhse 4ú Márta 2024 go dtí an 3ú Márta 2027.