English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Athcheapacháin chuig an mBinse Cúitimh Heipitíteas C agus VEID

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Samhain 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá na daoine seo a leanas athcheapadh ag An tAire Sláinte, An tUasal Stephen Donnelly TD chuig Binse Cúitimh Heipitíteas C agus VEID:

An tUasal John Healy SC

Tá John Healy SC ag cleachtadh sna Ceithre Cúirteanna ó 1999 agus tá taithí shuntasach agie i réimsí na dlíthíochta shibhialta, an dlí míochaine, an dlí bunreachtúil , agus an athbhreithnithe bhreithiúnaigh. Tá roinnt leabhar dlí údarásacha scríofa aige freisin, lena n-áirítear Medical Malpractice Law (Thomson Roundhall, Brehon Library, 2008) agus Irish Laws of Evidence (Roundhall, 2004). Tá sé ina chomhalta ar an mBinse ó 21 Meán Fómhair 2012.

Athcheapadh an tUasal John Healy SC le héifeacht ón 28 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an 27 Deireadh Fómhair 2027.

An tUasal Adrienne Cawley BL

Glaodh chun an bharra Adrienne Cawley sa bhliain 1994. Is abhcóide í atá ag cleachtadh a gairme i réimsí an dlí teaghlaigh, an dlí readmhaoine, an dlí tiarna talún agus tionóna, agus an dlí probháide. Tá sí ina comhalta ar an mBinse ó Lúnasa 2012.

Athcheapadh Adrienne Cawley BL Uasal le héifeacht ón 28 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an 27 Deireadh Fómhair 2027.

Joseph O’Sullivan

Tá Joseph O’Sullivan BL ag cleachtadh ag Barra na hÉireann ó 1997 i leith. Is iad na príomhréimsí cleachtais atá aige ná Athbhreithniú Breithiúnach/Dlí Riaracháin, Dlí Tráchtála agus Faillí Gairmiúla. Tá sé ina bhall de Chomhairle Bharra na hÉireann agus ina Chathaoirleach ar an gCoiste um Chearta an Duine. Tá sé ina bhall den Bhinse ón 21 Meán Fómhair 2012.

Athcheaptar an tUasal Joseph O’Sullivan BL le héifeacht ón 28 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an 27 Deireadh Fómhair 2027.

Romaine Scally

Cháiligh Romaine Scally (Aturnae) le linn téarma na Féile Michíl 1980 agus tá sé ina phríomhoide sa ghnólacht Romaine Scally & Company Solicitors, An Phríomhshráid, Tamhlacht ó 1998 i leith. Cháiligh sí ó UCD le Baitsiléir Ealaíon sa Fhraincis agus sa Bhéarla i 1976 agus chuaigh sí isteach i ról Aturnaetha i nDlí-Chumann na hÉireann i 1980. Roimhe sin bhí sí ina rúnaí ar Chumann Barra Aturnaetha Thamhlachta ó 2007 go 2012. Tá sí ina gnáthchomhalta den Bhinse Heipitíteas C agus VEID ó 2014 i leith.

Athcheaptar an tUasal Romaine Scally le héifeacht ón 22 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an 21 Deireadh Fómhair 2027.

Michael Anthony MacNamee

Glaodh Michael Anthony MacNamee B.C.L. Abhcóide Dlí (Óstaí an Rí) chun Barra na hÉireann i 1989 agus thosaigh sé ag cleachtadh lánaimseartha i 1995. Tá sé ina Chomhalta Gnáth den Bhinse Cúitimh Heipitíteas C agus VEID ó 2014 i leith. Is Moltóir é freisin leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre agus is Moltóir agus Idirghabhálaí leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe é.

Athcheaptar Michael Anthony MacNamee le héifeacht ón 22 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an 21 Deireadh Fómhair 2027.