Athcheapachán ar Bhord Ospidéal Thamhlachta:
- Foilsithe: 26 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Meán Fómhair 2025
Tar éis ainmniúcháin Bhord Ospidéal Thamhlachta, tá an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD., tar éis an Dochtúir Darach O’Ciardha a athcheapadh mar chomhalta de Bhord Ospidéal Thamhlachta le héifeacht ón 22 Lúnasa 2025 go dtí an 21 Lúnasa 2028.
An Dr Darach Ó Ciardha
Lia-chleachtóir ginearálta i Ráth Miontáin agus i gCrios Thamhlachta is ea an Dr Darach Ó Ciardha. Tá sé ar an Stiúrthóir Cúntach Cláir ar an gClár Oiliúna Lia-Chleachtóirí Ginearálta atá á reáchtáil i gcomhpháirt ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Tá sé ar an Ollamh Cúnta le Cúram Príomhúil i gColáiste na Tríonóide freisin.
Tá an Dr. Ó Ciardah ina Chathaoirleach ar Choiste Cúram Comhtháite Áitiúil Thamhlachta Chluain Dolcáin. Tá an Dr Ó Ciardha ina bhall de Choláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann agus ina bhall den Acadamh Eorpach um Múinteoirí i Lia-Chleachtadh Ginearálta (EURACT).
I measc a réimsí spéise acadúla agus taighde tá Oideasú Sóisialta agus an tionchar a bhíonn ag an neamhionannas sláinte agus ag an díothacht ar an tsláinte. Chomh maith leis sin, tá sé ar dhuine de na daoine a bhunaigh GPBuddy, an acmhainn oideachais agus eolaire do lia-chleachtóirí ginearálta.