English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Athcheapachán ar Bhord Ospidéal Thamhlachta:

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Eanáir 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Ar ainmniúchán Uachtarán an ospidéil, tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., tar éis na daoine seo a leanas a athcheapadh mar chomhalta de Bhord Ospidéal Thamhlachta ón 6ú Eanáir 2024 go dtí an 5ú Eanáir 2027.

An Dr Vivienne Byers

Tá an Dr Vivienne Byers ina bainisteoir tionscadail taighde faoi láthair le cuideachta nua-thionscanta Cubbie - ag fiosrú cur i bhfeidhm Rialachán Pearsantaithe Céadfach (PSR) do dhaoine a bhfuil riachtanais uathachais agus céadfacha acu. Bhí roinnt post bainistíochta taighde aici le Coláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn (RCSI) in Ionad an HRB do Thaighde Cúraim Phríomhúil chomh maith le Comhalta Sinsearach Taighde i mBeartas Sláinte ag an Institiúid um Inbhuanaitheacht Comhshaoil & Sláinte (ESHI-TU Baile Átha Cliath). Ina post roimhe seo mar Leas-Déan ar Staidéar Iarchéime & Taighde, stiúraigh agus rinne sí bainistíocht ar an bpunann iarchéime agus taighde (Scoil Ghnó, Coláiste Náisiúnta na hÉireann). Déanann sí taighde ar chúram sláinte agus ar bheartas na hearnála poiblí agus tá taithí fhairsing aici mar léachtóir agus i riarachán acadúil le breis agus 20 bliain ag an Ollscoil Teicneolaíochta, Baile Átha Cliath, chomh maith le bheith ina léachtóir comhlach leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus an Institiúid Riaracháin. Forbraítear gníomhaíocht taighde reatha an Dr Byers i mbeartas agus ceannaireacht sláinte trína róil chleamhnaithe le TU Bhaile Átha Cliath, le hOllscoil Gothenburg, agus le hOllscoil Mhálta, chomh maith le trí mhaoiniú taighde AE agus náisiúnta. Is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin í freisin ar Iontaobhas Bolton agus is scrúdaitheoir seachtrach ar chláir chúram sláinte leis an bhForas Riaracháin.