English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Athcheapachán chuig an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte:

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Márta 2025
  • An t-eolas is déanaí: 11 Márta 2025

Rinne Jennifer Carroll MacNeill TD, an tAire Sláinte, Bernadette Costello a athcheapadh mar chomhalta den Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte le héifeacht ón 28 Feabhra 2025 go dtí an 27 Feabhra 2028.


Bernadette Costello

Is Cuntasóir Cairte í Bernadette Costello de réir gairme agus is iar-Stiúrthóir Iniúchta Inmheánaigh & Bainistíochta Riosca í, Ollscoil na Gaillimhe.

Chuir sí tús lena gairmréim ghairmiúil mar chuntasóir faoi oiliúint le PwC agus tá taithí fhairsing shinsearach aici ar chuntasaíocht airgeadais agus bhainistíochta, ar rialachas corparáideach, ar bhainistiú riosca agus ar réimsí gaolmhara.

D’fhóin Bernadette ar roinnt comhlachtaí lena n-áirítear Comhairle na gCuntasóirí Cairte in Éirinn agus an Coiste Iniúchóireachta (Cathaoirleach), Bord Teicneoirí Cuntasaíochta na hÉireann (Cathaoirleach), Bord agus Coiste Iniúchóireachta an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála, Coiste Iniúchóireachta na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail, Coiste Dearbhaithe Cáilíochta agus Riosca na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach (Tulsa), Coiste Iniúchta Ghrúpa Cúraim Sláinte Ollscoil Saolta,

Tá Bernadette ina comhalta de Bhord an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) ó 2020 i leith agus tá sí ina Cathaoirleach reatha ar Choiste HIQA um Riosca Iniúchóireachta agus Rialachas agus ina comhalta de Choiste HIQA um Fhormhaoirseacht Acmhainní.

Tá sí ina comhalta faoi láthair de Bhord agus de Choiste Iniúchóireachta agus Riosca (Cathaoirleach) Champas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh, den Bhord agus de Choiste Iniúchóireachta agus Riosca (Cathaoirleach) Institiúid Bainistíochta na hÉireann, den Bhord agus de Choiste Iniúchóireachta agus Riosca Chuideachta Chuan na Gaillimhe agus tá sí ina comhalta de Choiste Iniúchóireachta na Roinne Airgeadais.

Is Stiúrthóir Cairte, Cuntasóir Cairte í Bernadette agus tá Baitsiléir Tráchtála agus Ard-Dioplóma san Oideachas aici ó Ollscoil na Gaillimhe.