English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Athcheapachán chuig Bord Ospidéal Thamhlachta:

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Aibreán 2025
  • An t-eolas is déanaí: 4 Aibreán 2025

Tar éis dó a bheith ainmnithe ag Bord Ospidéal Thamhlachta, tá an tAire Sláinte Jennifer Carroll McNeill TD, tar éis an tUasal Mike Beary a athcheapadh ar Bhord Ospidéal Ollscoile Thamhlachta le héifeacht ón 21 Feabhra go dtí an 20 Feabhra 2028.


Mike Beary

Tá Mike Beary ina Chathaoirleach ar Údarás Rialaithe an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá UCD sa chéad 1% is fearr d’institiúidí ardoideachais ar domhan, agus is í an ollscoil taighde is mó in Éirinn le 38,000 mac léinn as 152 tír agus tá buiséad bliantúil €800M aige.

D’ainmnigh an tAire Sláinte Mike ar Bhord Ospidéal Ollscoile Thamhlachta in 2021 agus tá sé ar fhochoistí Iniúchóireachta agus Straitéise an bhoird faoi láthair.

Bhí Mike ina Bhainisteoir Tíre d'Éirinn do Sheirbhísí Gréasáin Amazon (AWS) ó 2017 go 2023 agus ina Stiúrthóir Acmhainní Daonna do AWS Europe, an Meánoirthear & an Afraic agus é freagrach as 25,000 ball foirne ar fud 33 tír. Agus é ina bhainisteoir d'Éirinn, threoraigh sé cinnteoireacht maidir le hinfheistíocht don chuideachta in Éirinn, ag maoirsiú os cionn €10B in infheistíocht isteach go hÉirinn agus ag méadú foirne faoi thrí go 6,500+. Rinne Mike ionadaíocht rialta ar AWS le páirtithe leasmhara seachtracha lena n-áirítear ceannairí rialtais, lucht déanta beartas agus na meáin agus bhí ról ceannaireachta aige i rannpháirtíocht pobail AWS, lena n-áirítear tacú le tionscnaimh a bhaineann le hinbhuanaitheacht, forbairt lucht saothair áitiúil, agus cailíní sa teicneolaíocht.

Chuaigh Mike isteach in Amazon in Seattle in 2012. Bhí sé ina bhall lárnach d’fhoireann cheannaireachta Amazon Marketplace, áit a raibh sé ina Stiúrthóir AD domhanda, agus bhí sé freagrach as fás tapa na heagraíochta sin thar cheithre bliana a éascú.

Roimh dó dul i mbun oibre le Amazon, bhí róil shinsearacha ceannaireachta AD ag Mike le Disney Consumer Products - rannán de The Walt Disney Company - ag leathnú branda Disney go marsantas ó éadaí, bréagáin agus maisiúchán baile go leabhair agus irisí, bianna agus deochanna, stáiseanóireacht agus leictreonaic.

Is as Contae na Mí do Mike agus bhog sé go dtí na Stáit Aontaithe chun freastal ar scoil iarchéime. Chaith sé roinnt blianta ina oibrí sóisialta sular aistrigh sé go róil acmhainní daonna i Pittsburgh, Washington DC agus Los Angeles. Tá Baitsiléir Eolaíochta Sóisialta ag Mike ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus Máistreacht in Obair Shóisialta ó Ollscoil Pittsburgh. Caitheann sé féin agus a fear céile seal i mBaile Átha Cliath agus seal i gCósta Láir California.

Roimhe sin bhí sé ina bhall de bhoird IBEC agus de Chomhlachas Tráchtála Mheiriceá in Éirinn.

Is tráchtaire rialta é Mike sna meáin cumarsáide ar topaicí a bhaineann le pleanáil fhadtéarmach agus slándáil eacnamaíoch, lena n-áirítear fuinneamh in-athnuaite, naisc thrasatlantacha tráchtála agus infheistíocht dhíreach eachtrach.

Déantar Mike Beary a athcheapadh le héifeacht ón 21 Feabhra go dtí an 20 Feabhra 2028.