English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Athcheapadh An tArd-Deagánach David Pierpoint ar Bhord Ospidéal Ollscoile Thamhlachta

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 25 Feabhra 2021

Ar ainmniú Uachtárán Ospidéal Ollscoile Thamhlachta, tá an tAire Stephen Donnelly TD, tar éis An tArd-Deagánach David Pierpoint a athcheapadh mar bhall de Bhord Ospidéal Adelaide agus na Mí, Baile Átha Cliath, ag Ionchorprú Ospidéal Náisiúnta na Leanaí (Ospidéal Ollscoile Thamhlachta). Tá an t-athcheapadh ar feadh tréimhse trí bliana ó 23 Feabhra 2021

An tArd-Deagánach David Pierpoint – Beathaisnéis

Rugadh David Pierpoint i 1956 agus cuireadh oideachas air i Scoil Ghramadaí Naomh Pádraig agus rinne sé staidéar bliana eile ar eitic agus socheolaíocht ag Ollscoil Cambridge. Ceapadh é mar Ard-Deagánach Bhaile Átha Cliath i 2004 agus tá céim Mháistreachta aige i mBainistíocht agus Ceannaireacht.

Tá Ard-Deagánach Bhaile Átha Cliath, de bhua a oifige, ex officio ar go leor coiste agus bord ach toghadh é freisin chun fónamh ar roinnt eile. Déanann sé ionadaíocht freisin ar Eaglais na hÉireann i réimse an chúraim sláinte, na polaitíochta agus na heaglaise go háitiúil agus go náisiúnta agus rinne sé ionadaíocht ar an ardeaspag ar go leor ócáidí poiblí. Faoi láthair tá sé ag fónamh ar bhord Ospidéal Rotunda, Ospidéal Thamhlachta agus bhí sé ina Shéiplíneach ag Ospidéal San Séamas ó 1992 (24 bliana) agus leis an taithí seo sa tseirbhís sláinte chuir sé doiciméad beartais tábhachtach ar fáil don FSS chun creidiúnú a fháil do shéiplínigh ospidéil. D’fhóin David ar go leor coistí boird in Ospidéal Thamhlachta ar nós cathaoirleach an choiste Iniúchta, ball den choiste Airgeadais agus le déanaí mar chathaoirleach an Choiste Rialachais. Tá an tArd-Deagánach Pierpoint ina shéiplíneach freisin do An Garda Síochána, ról atá aige le 16 bliana. Is é an chéad eaglaiseach de chuid Eaglais na hÉireann a shealbhaigh an post seo agus rinne sé ionadaíocht ar an bhfórsa dhá uair ar a laghad thar lear chomh maith le himeachtaí póilíneachta áitiúla agus náisiúnta.

Tá an-mheas air i gciorcail pholaitiúla agus dhlíthiúla mar gheall ar an iliomad plé a rinne sé sa dá réimse. Fuair sé M.A. ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i 2007 tar éis staidéar a dhéanamh ar Bhainistíocht i gColáiste All Hallows a chuimsigh Airgeadas, Acmhainní Daonna agus Ceannaireacht. Tá clú air de bharr a scileanna tréadacha, déileáil leis na meáin, a scileanna idirphearsanta agus a chumas riaracháin.