Athcheapadh Cathaoirleach agus Comhaltaí ar Bhord Sláinte Leanaí Éireann
- Foilsithe: 5 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 5 Eanáir 2024
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly tar éis Dr Jim Browne a athcheapadh mar Chathaoirleach ar an mBord Sláinte Leanaí. Tá Ms Eleanor O’Neill agus an Mr Bernard McLoughlin athcheaptha ag an Aire freisin mar chomhaltaí den Bhord. Tá na hathcheapacháin seo le héifeacht ón 4 Nollaig 2023 go dtí an 3 Nollaig 2027.
Dr Jim Browne, Cathaoirleach
Iar-Uachtarán ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Innealtóirí Éireann, agus Acadamh Innealtóireachta na hÉireann. Róil iolracha roimhe seo i Boird éagsúla, lena n-áirítear Bord Cáilíochta Ollscoileanna na hÉireann, Grúpa Ospidéal Saolta, Fondúireacht Ollscoil na Gaillimhe, agus Bord na Lár-Oifige Iontrála.
Ms Eleanor O’Neill
Ceapadh Eleanor ar an mbord in 2020. Tá níos mó ná 30 bliain taithí aici i róil claochlú digiteach i gcuideachtaí teicneolaíochta ilnáisiúnta, Symantec, Visio, Microsoft, Marrakech, agus Digital Equipment Corp. Feidhmíonn Eleanor freisin mar stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar Coillte, agus ar an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA).
Is céimí Innealtóireachta de chuid OÉ Gaillimh í Ms O’Neill. Ina theannta sin, tá cáilíochtaí iarchéime aici sa Chibearshlándáil ó COBÁC agus Rialachas Corparáideach ó Institiúid na Stiúrthóirí Éireann.
Mr Bernard McLoughlin
Tá taithí ghairmiúil agus acadúil ag Mr McLoughlin san airgeadas. Is Comhalta Cuntasóir Cairte é agus Comhalta Deimhnithe den Institiúid um Bainistíocht Riosca le cáilíochtaí iarchéime san fhiontar, inbhuanaitheacht agus riosca aeráide.
Bhí róil fheidhmiúcháin shinsearacha agus comhairleacha aige sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí agus tá cuntas teiste rathúil aige i maoiniú tionscadal agus i mbainistíocht sócmhainní, lena n-áirítear idirbhearta comhpháirtíochta poiblí-príobháideacha agus réiteach na bhfiachas anásta il-billiún Euro. Tá tionscadail seachadta aige freisin chun córais bhainistíochta airgeadais agus riosca a athchumrú sa tsláinte agus san oideachas lasmuigh d’Éirinn i suíomhanna ilchultúrtha éagsúla.