Athcheapadh Cathaoirleach ar an Údarás um Cháilíocht Faisnéise Sláinte
- Foilsithe: 22 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’athcheap an tAire Sláinte Stephen Donnelly T.D., an tOllamh Pat O’Mahony ar Bhord an Údaráis um Cháilíocht Faisnéise Sláinte le héifeacht ón 3ú Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 2ú Deireadh Fómhair 2026.
Dr Pat O’Mahony
Tá Dr Pat O’Mahony, Máistir le Tréidliachta, Máistir le Riarachán Gnó, Stiúrthóir Cairte, ina Phríomhfheidhmeannach ar Mapat Management Consultants áit a gcuireann sé comhairleoireacht bainistíochta straitéisí ar fáil do chliaint roghnaithe thar earnálacha éagsúla lena n-áirítear Bithchógaisíocht, Teicneolaíocht Leighis agus Córais Cúraim Sláinte. I measc na leasanna ar leith faoi láthair tá Cúram Sláinte Bunaithe ar Luach, Taighde Cliniciúil agus Géanómaíocht.
Tá Pat ina Chathaoirleach freisin ar Bhord an tÚdaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) agus ina Chathaoirleach ar Bhord Eagraíocht Fíoraithe Cógais na hÉireann (IMVO).
Roimhe seo bhí Pat ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhorbairt Taighde Cliniciúil Éireann, comhpháirtíocht taighde cliniciúil agus aistritheach na n-ollscoileanna in Éirinn ó 2017 go 2019, Leas-Ard-Rúnaí agus Ceann Rialachais agus Feidhmíochta ag an Roinn Sláinte i mBaile Átha Cliath ar feadh 15 mhí, agus roimhe sin bhí Pat ina Phríomhfheidhmeannach ar an Údarás Rialála Táirgí Sláinte (HPRA) ó 2002 go 2015.
Tar éis dó roinnt blianta a chaitheamh i gcleachtas cliniciúil príobháideach agus mar bhainisteoir teicniúil sa tionscal cógaisíochta in Éirinn agus sa RA, d'oibrigh Pat i sláinte poiblí agus bhí sé ina Stiúrthóir ar Chosaint Tomhaltóirí ag Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann.
D’fhóin Pat roimhe seo ar bhoird éagsúla san earnáil phoiblí agus phríobháideach lena n-áirítear an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), áit ar fhóin sé mar Cathaoirleach ó 2007 go 2011, Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, an Grúpa Comhairleach Náisiúnta um Shábháilteacht Othar agus bhí sé ina Leas-Chathaoirleach ar Comhghuaillíocht Idirnáisiúnta na nÚdarás Rialála Leigheasra. Ceapadh Pat ina Ollamh Taca i Scoil na nEolaíochtaí Sláinte i COBÁC in 2017.