Athcheapadh chuig an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte agus an gCoiste Comhairleach um Leigheasra Daonna (HPRA)
- Foilsithe: 16 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly T.D., tar éis an Dr Quinlan a athcheapadh mar chomhalta den Údarás Rialála Táirgí Sláinte agus mar Chathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach um Leigheasra Daonna (HPRA) le héifeacht ón 22 Bealtaine 2024 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024.
Dr Diarmuid Quinlan
Is é an Dr Diarmuid Quinlan (BSc (Onór.), MICGP, FRCGP, LLM, DFFP, DCH, DPD) Stiúrthóir Leighis Choláiste Dochtúirí Teaghlaigh na hÉireann agus dochtúir teaghlaigh i nGleann Maghair, Corcaigh. Tá sé ina chomhalta Boird den HPRA agus ina chathaoirleach ar Choiste Comhairleach an HPRA um Leigheasra Daonna. Roimhe seo bhí sé ina cheannaire cliniciúil FSS-ICGP le haghaidh Diaibéiteas.
Is céimí de chuid UCC é agus chríochnaigh sé sainoiliúint i gCleachtas Ginearálta i Kent, Sasana sula ndeachaigh sé ag obair san Astráil. Is teagascóir fochéime é i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus ina theagascóir deirmeolaíochta iarchéime ar líne in Ollscoil Caerdydd sa Bhreatain Bheag. Fuair sé máistreacht i nDlí Leighis & Eitic ó Ollscoil Dhún Éideann. Chuir sé tús le MD sa Roinn Cleachtais Ghinearálta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh le déanaí.