Athcheapadh chuig Bord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh
- Foilsithe: 25 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an tAire Sláinte Jennifer Carroll Mac Néill TD., tar éis an tUasal Michael Shelly a athcheapadh mar chomhalta de Bhord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh le héifeacht ón 20 Feabhra 2025 go dtí an 19 Feabhra 2030.
An tUas. Michael Shelly
Tá Michael ina Innealtóir Cairte agus ina Stiúrthóir Cairte ag a bhfuil taithí 45 bliana sa tionscal foirgníochta in Éirinn agus i dtíortha eile. Cháiligh Michael mar innealtóir ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus chuir sé céim M.Sc. i Struchtúir Innealtóireachta i gcrích i gColáiste na Tríonóide ina dhiaidh sin.
Chaith sé an chuid is mó dá shaol oibre le PM Group, cuideachta sainchomhairleoirí idirnáisiúnta innealtóireachta agus bainistíochta tionscadail atá lonnaithe in Éirinn. D’oibrigh sé mar bhainisteoir tionscadail agus mar stiúrthóir tionscadail ar thionscadail éagsúla i roinnt mhaith earnálacha agus áiteanna. Tá obair déanta aige i lear áiteanna ar domhan agus chomhlíon sé ról tábhachtach i bhforbairt idirnáisiúnta PM Group. Bhí Michael ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar PM Group ar feadh 18 mbliana.