Athcheapadh/a cheapadh chuig Comhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil
- Foilsithe: 15 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 3 Márta 2021
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., tar éis na baill seo a leanas a athcheapadh/a cheapadh chuig Comhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil:
Patrick Fleming
Athcheapadh an tUasal Patrick Fleming ar an gComhairle ón 16ú Nollaig 2020 go dtí an 15ú Nollaig 2024. Ceapadh é ar an gcomhairle ar dtús tar éis próiseas Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.
Is é Patrick Fleming iar-Phríomhoifigeach Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath agus an tSeirbhís Otharcharranna Éigeandála. Tá taithí fhairsing aige ar fhorbairt beartas, ar chur i bhfeidhm agus ar bhainistíocht sa tseirbhís phoiblí ag leibhéal an rialtais láir agus áitiúil. D’fhóin Patrick ar Bhriogáid Dóiteáin Chathair Luimnigh mar Phríomhoifigeach Dóiteáin Cúnta agus mar Phríomhoifigeach Dóiteáin Gníomhach agus bhí post aige freisin mar Chomhairleoir Dóiteáin Cúnta sa Rannóg Seirbhísí Dóiteáin agus Pleanála Éigeandála sa Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil le freagracht ar leith as an Tionscadal Slógtha Ríomhchuidithe náisiúnta agus saincheisteanna caidrimh tionsclaíoch/acmhainní daonna. Bhí sé ina chomhairleoir teicniúil freisin do Chomhairle na Seirbhíse Dóiteáin agus bhí sé freagrach as beartas a fhorbairt agus as cúrsaí oiliúna náisiúnta a sheachadadh. D’oibrigh Patrick ar iasacht sa Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála le freagracht ar leith as bainistíocht dóiteáin agus éigeandála, treoir oibríochta agus caighdeáin.
Innealtóir Cairte é Patrick agus tá céim onóracha aige san Innealtóireacht Shibhialta ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, céim M Eng Sc ó Ollscoil Bhaile Átha Cliath agus MBA ó Ollscoil Luimnigh.
Don Brennan
Ceaptar an tUasal Don Brennan ar ainmniú CSTGT don Chomhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil. Tá an ceapachán ón 16ú Nollaig 2020 go dtí an 15ú Nollaig 2024.
Chuaigh Don Brennan isteach i Seirbhís Otharchairr Bhord Sláinte an Iarthuaiscirt i 2003. Chríochnaigh sé DipEMT agus cháiligh sé mar EMT i 2004. Tá dioplóma iarchéime in Eolaíocht Leighis Éigeandála críochnaithe aige ó UCD.
Le linn a ghairme leis an tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr d’oibrigh sé mar Theicneoir Leighis Éigeandála, Rialaitheoir Leighis Éigeandála, Paraimhíochaineoir, Ard-Pharaimhíochaineoir agus le déanaí mar Ard-Mhaoirseoir Paraimhíochaine. D’oibrigh sé i roinnt áiteanna ar fud Rannán an Iarthair agus faoi láthair tá sé lonnaithe i Leitir Ceanainn.
Bhí Don ina bhall gníomhach de CSTGT le linn a thréimhse sa tSeirbhís Otharchairr agus is é an Príomh-Mhaoir Siopa san Iarthuaisceart é agus déanann sé ionadaíocht dá chomhghleacaithe ar Chomhairle Ionadaíochta Otharchairr na hÉireann.
An Dochtúir David Menzies
Athcheapadh an Dochtúir Menzies ar an gComhairle ón 16ú Nollaig 2020 go dtí an 15ú Nollaig 2024. Ceapadh é ar an gcomhairle ar dtús tar éis próiseas Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.
Is Comhairleach i Leigheas Éigeandála é an Dochtúir David Menzies ag Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath. Is é Stiúrthóir na Seirbhíse Otharcharranna Dianchúraim Soghluaiste (MICAS) agus an Ceannaire Cliniciúil don Lár-Líonra Tráma.
Chomh maith leis an méid thuas, tá baint ag David le cúram éigeandála réamhospidéil le breis agus15 bliana. Faoi láthair tá David ina Stiúrthóir Leighis ar Fhoireann Tarrthála Sléibhe Bhaile Átha Cliath & Chill Mhantáin agus ar Fhoireann Leighis Seirbhís Tarrthála Mótarspóirt/MCI. Freagraíonn sé go deonach glaonna éigeandála réamhospidéil thar cheann na Seirbhíse Náisúnta Otharcharranna le Mearfhreagairt Chill Mhantáin agus tá sé ina stiúrthóir ar CFR Éireann, an líonra náisiúnta CFR, tar éis dó a bheith ina bhall bunaitheach de Chéad Fhreagróirí Cairdiacha Bhré.
An tUasal Hillery Collins
Athcheaptar an tUasal Hillery Collins ar ainmniú CSTGT don Chomhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil. Tá an ceapachán ón 16ú Nollaig 2020 go dtí an 15ú Nollaig 2024.
Bhí baint ag Hillery le cúram réamhospidéil le breis agus 30 bliain. D’fhóin sé ar an gComhairle um Chúram Éigeandála Reamh-Ospidéil ar feadh 4 bliana agus bhí baint ghníomhach aige lena choistí chun cabhrú le cúram othar agus caighdeáin chleachtais ghairmiúla a fheabhsú.
Bhí baint ag Hillery le cúram díreach othar ar bhonn lánaimseartha ar feadh 25 bliana. Thosaigh sé ar chúram réamhospidéil lánaimseartha breis agus 20 bliain ó shin agus faoi láthair tá sé ag obair mar Mhaoirseoir Paraimhíochaine do FSS / Seirbhís Náisiúnta Otharcharr. Tá sé ina Chomhchathaoirleach ar an bhfoireann Bainistíochta Strus Teagmhas Criticiúil (CISM) agus ina Chathaoirleach ar an gCoiste um CISM do Chéad Fhreagróirí Pobail (CFRanna) a imlonnaíonn an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr.
Oibríonn Hillery mar ionadaí do SIPTU ag leibhéal Áitiúil agus Náisiúnta. Faoi láthair tá sé ina chathaoirleach ar Chomhairle Ionadaíochta Otharchairr na hÉireann agus sa ról seo chabhraigh sé le téarmaí agus coinníollacha a fheabhsú do bhaill sa tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr. I measc na n-éachtaí sa ról seo tá leibhéil mhéadaithe foirne agus a bheith bainteach le beartais a thabhairt isteach chun cabhrú le leas na foirne a fheabhsú.
Tá baint ag Hillery le hobair dheonach i gcúram réamhospidéil le hOrdú Mhálta agus creideann sé go mór i luachanna Sláintecare: an cúram ceart don othar ceart san áit cheart.
Chríochnaigh Hillery BSc i Staidéir Pharaimhíochaine in Ollscoil Luimnigh le déanaí.
Fiona McDaid
Athcheaptar Iníon McDaid ar an gComhairle ón 16ú Nollaig 2020 go dtí an 15ú Nollaig 2024. Ceapadh í ar an gcomhairle ar dtús tar éis próiseas Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.
Is altra éigeandála í Fiona le breis agus 30 bliain, ag obair i Ranna Éigeandála sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn ag leibhéil altraí foirne agus bainisteoirí altraí cliniciúla. Is é ról reatha Fiona Ceannaire Altraí don Chlár Náisiúnta Cúraim Chliniciúil do Leigheas Éigeandála (EMP). Tá sainchúram náisiúnta ag baint leis an ról seo a dhíríonn ar chur i bhfeidhm Shamhail Chúraim a foilsíodh i 2012 agus ar thionscadail a bhaineann le Cúram Éigeandála. Déanann Fiona ionadaíocht ar altranas éigeandála ar roinnt fóraim agus boird náisiúnta in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Thug Fiona taispeántais go naisiúnta agus go hidirnáisiúnta ar raon ábhar altranais éigeandála agus chomhscríobh sí roinnt foilseachán.
Bhain Fiona céim amach as Gradam Cúram Ceannaireachta I Acadamh Ceannaireachta na Seirbhíse Sláinte agus cháiligh sí le Gradam Iarchéime IMI sa Chlár Ceannaireachta Cúram Sláinte Feidhmiúcháin go luath i 2019 agus tá sí ina Comhalta de Dhámh an Altranais agus an Chnáimhseachais i gColáiste Ríoga na Máinliá in Éirinn.
An Dochtúir Jacqueline Burke
Athcheaptar an Dochtúir Burke mar Chathaoirleach ar an gComhairle ón 16ú Nollaig 2020 go dtí an 15ú Nollaig 2024. Ceapadh í ar an gcomhairle ar dtús tar éis próiseas Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.
Cuimsíonn taithí altranais chliniciúil an Dochtúir Jacqueline Burke beagnach 15 bliana agus tá sé éagsúil, ag cuimsiú cúram corónach, dianchúram, timpistí agus éigeandála, réimsí míochaine, máinliachta agus cliniciúla measctha. Rinne sí speisialtóireacht sa deireadh in Altranas Cúraim Corónach in Ospidéal Naomh Uinseann.
Sular oibrigh sí i UCD i 2002 bhí taithí beagnach 10 mbliana ag Jacqueline ar oideachas altranais réamhchlárúcháin in Ospidéal Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath, freisin. Mar bhall den Choiste Náisiúnta Feidhmithe um Oideachas Réamhchlárúcháin, bhí baint ghníomhach ag Jacqueline le cur i bhfeidhm an chlár oideachais altraí céime réamhchlárúcháin go náisiúnta agus i gcur chun cinn na nIonad um Oideachas Altraí.
Ó 2007-2012 bhí sí ina ball tofa de An Bord Altranais (ABA) (Anois Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann), bhí sí ina ball de Choiste Oideachais agus Oiliúna, Airgeadais agus Cuspóra Ghinearálta agus Eitice an ABA. Tá sí fós ina ball de Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh an ABA san Acht 1985.
D’fhóin Jacqueline freisin ma bhall de Chomhairle Náisiúnta um Fhorbairt Ghairmiúil an Altranais agus an Chnáimhseachais ar feadh deich mbliana agus bhí sí ina ball de Ghrúpa Oibre na dTaighdeoirí Altraí Eorpacha (WENR) go dtí gur díghníomhaíodh é i 2011.
Bhí suim ar feadh an tsaoil ag Jacqueline feabhas a chur ar mharthanas le haghaidh stad cairdiach agus bhí sí ina ball de Choiste Teicniúil Náisiúnta BLS Fhoras Croí na hÉireann agus tá sí ag fónamh ar an Dámh Násiúnta le blianta fada. Faoi láthair tá sí ina Stiúrthóir ar Chlár Altranais Dioplóma Iarchéime UCD: Cúram Criticiúil (Cardashoithíoch) agus is iad a réimsí spéise teagaisc agus cleachtais chliniciúil altranas cardashoithíoch, bainistíocht stad cairdiach agus teoiric altranais go háirithe na teangacha caighdeánaithe altranais NANDA-I NIC agus NOC.