English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Athchepachán chuig An Bord Árachais Sláinte Shaorálaigh

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 2 Aibreán 2025
  • An t-eolas is déanaí: 4 Aibreán 2025

Tá an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill TD., tar éis an tUasal Brian Walsh a athcheapadh mar chomhalta ar an Voluntary Health Insurance Board le héifeacht ón 15 Márta 2025 go dtí an 28ú Feabhra 2030.


Brian Walsh

Thosaigh Brian le Vhi in 2014 mar Phríomhoifigeach Airgeadais an Ghrúpa agus ceapadh é ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar an nGrúpa i Márta 2023; tar éis é seo a bheith ina Phríomhfheidhmeannach Grúpa eatramhach ó mhí na Bealtaine 2022.

Sular thosaigh sé ag obair le Vhi, d’oibrigh sé leis an gcomhlacht domhanda bia agus comhábhair Ornua, atá lonnaithe i Los Angeles. Tá Brian i gceannas ar chiste cothromais phríobháidigh, a bhfuil misean aige infheistíocht a dhéanamh i ngnólachtaí beaga agus meánmhéide Eorpacha. Bhí róil shinsearacha feidhmiúcháin aige sna tionscail idirnáisiúnta seirbhísí airgeadais, teileachumarsáide agus FMCG, san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe, lena n-áirítear eircom Limited, Deutsche Telekom AG agus Citibank.

Tá Brian ina Chomhalta de Chuntasóirí Cairte na hÉireann agus ina Stiúrthóir Cairte ar Institiúid na Stiúrthóirí. Tá sé ina Chathaoirleach ar SOS Kilkenny CLG, soláthraí tacaíochtaí do dhaoine fásta faoi mhíchumas intleachta agus uathachas.