English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin agus Athcheapacháin ar Bhord Ospidéal Naomh Shéamais

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 24 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh / athcheapadh mar chomhaltaí de Bhord Ospidéal San Séamas.

Comhairleoir Máire Devine

Rugadh agus tógadh Máire Devine i mBaile Átha Cliath. Fuair sí oideachas ó na mná rialta sna Saoirsí agus chuaigh sí ar aghaidh le Céim sa Pholaitíocht agus cáilíochtaí Iarchéime a bhaint amach i mBéal Feirste. Is Altra Cláraithe Meabhairshláinte í agus tá taithí na mblianta aici ar ghéarchúraim shláinte agus ar shuímh phobail.

Comhthoghadh Máire ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas in 2011, mar ionadaí thar ceann Thamhlachta Láir. Atoghadh í in 2014.

Theip uirthi a bheith tofa i mBaile Átha Cliath Theas-Lár in Olltoghchán 2016 ach toghadh í ar an 25ú Seanad ar Phainéal an Lucht Oibre ina dhiaidh sin.

I mí Dheireadh Fómhair 2020 comhthoghadh ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath í mar ionadaí ar Lár na Cathrach Thiar Theas in ionad Críona Ní Dhálaigh a d’éirigh as a suíochán an mhí roimhe sin.

Athcheaptar Máire Uasal Devine tar éis do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ainmniúchán a fháil le héifeacht ón 12ú Lúnasa 2024 agus ag críochnú ar lá an chéad chruinnithe de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tar éis comhaltaí a cheapadh tar éis an chéad toghchán údaráis áitiúil eile do chomhaltaí na Comhairle sin.

Aideen Cardiff

Is ceannaire eagraíochtúil le taithí í Aideen, tar éis di oibriú go rathúil ag leibhéal feidhmiúcháin laistigh de thrí cinn de na cuideachtaí teicneolaíochta is fearr ar domhan, i ngairm a mhair thar 30 bliain. Tá máistreacht sa ghnó aici ó COC, ag speisialú i Straitéis agus Nuáil, Forbairt Eagrúcháin agus Ceannaireacht Straitéiseach. Is céimí í de chláir Cheannaireachta Inbhuanaitheachta ó Ollscoil Cambridge agus ó scoil ghnó Choláiste na Tríonóide agus tá Dioplóma i Rialachas Corparáideach agus Comhlíonadh aici.

Faoi láthair tá Aideen ina cathaoirleach ar bhord na carthanachta Éireannach, Work Equal agus is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin neamhspleách í ar Castille Technologies Group. Is meantóir í don cheannaireacht Inbhuanaitheachta agus is ball í den chomhairle chomhairleach ag Foras Bainistíochta na hÉireann.

Is tacadóir fadtréimhseach í Aideen do cheannaireacht chuimsitheach i ngnó agus stiúraigh sí clár oibre éagsúlacht do Microsoft Ireland. Tá sí ina comhbhunaitheoir ar Jordisk, eagraíocht chomhairleach inbhuanaitheachta, atá dírithe ar CSRD a ghiaráil le haghaidh claochlú dearfach.

Tá Aideen Uasal Cardiff ainmnithe ag Cathaoirleach Bhord an Ospidéil agus déantar í a cheapadh le héifeacht ón 12ú Lúnasa go dtí an 29ú Lúnasa 2025.

Comhairleoir Patrick Kinsella

Beathaisnéis le leanúint

An tOllamh Des Fitzgerald

Beathaisnéis ghearr de Desmond Fitzgerald Bealtaine 2024. Céimí sa leigheas ó CÓBAC is ea Desmond Fitzgerald agus tá feidhmithe aige mar chliniceoir in institiúidí in Éirinn agus i SAM. I gcaitheamh na 30 bliana a chuaigh thart bhí líon de phoist shinsearacha acadúla aige, an post is déanaí díobh sin post mar Uachtarán ar Ollscoil Luimnigh (go dtí 2020). Tá fónta aige ar líon de bhoird leighis, ar a n-áirítear Ospidéal an Mater Misericordiae, Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann agus Institiúid na Míochaine Aistrithí agus na Teiripice Ollscoil Pennsylvania. Tá fónta aige chomh maith ar líon de charthanachtaí, Fundúireacht Beacon agus Fundúireacht Ollscoil Luimnigh san áireamh. Tá Duais Freedom to Discover bronnta ar an Ollamh Fitzgerald agus is Ollamh Taca le Leigheas i gColáiste na Tríonóide é faoi láthair agus comhairleoir straitéiseach ag Scoil Leighis Choláiste na Tríonóide.

Tá an tOllamh Des Fitzgerald á cheapadh ag an Aire Sláinte tar éis dó bheith ainmnithe ag Fundúireacht Ospidéal San Séamas le héifeacht ó 11ú Meán Fómhair 2024 go 13ú Bealtaine 2025.

An tOllamh Orla Sheils

Tá an tOllamh Orla Sheils ina Leas-Phropast/Príomhoifigeach Acadúil agus Leas-Uachtarán ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá fónta ag an Ollamh Sheils mar Dhéan ar Dhámh na nEolaíochtaí Míochaine, Stiúrthóir Institiúid na Míochaine Aistrithí ag Coláiste na Tríonóide (TTMI), agus is Ollamh le Diagnóisic Mhóilíneach faoi láthair í. Ta DSc agus PhD sa Phaiteolaíocht Mhóilíneach aici ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus MA sa Dlí agus Eitic Mhíochaine ó Choláiste an Rí Londain. Is éard is téama bunúsach lena cuid taighde tuisicint a fháil ar chúiseanna agus bonn móilíneach an ghalair, ag tagairt ach go háirithe don ailse, agus an t-eolas seo a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar chosc, ar bhrath, ar dhiagnóisiú agus ar chóireáil an ghalair. Tá an tOllamh Sheils ina hiniúchóir neamhspleách ó 2001 i leith agus tá 28 mac léinn maoirsithe aici go dtí leibhéal an PhD agus 12 go dtí MD. Oibríonn sí go dlúth leis an tionsclaíocht, í ag díriú teicneolaíochtaí agus forchuranna úrnua ar shuíomh an taighde aistrithgh.

Tá an tOllamh Orla Sheilsá cheapadh ag an Aire Sláinte tar éis di bheith ainmnithe ag Ollscoil Bhaile Átha Cliath le héifeacht ó 11ú Meán Fómhair 2024 go 26ú Meán Fómhair 2025.