Ceapacháin ar an gCoimisiún Meabhair-Shláinte
- Foilsithe: 18 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tar éis ainmniúcháin a fháil ón gCónaidhm Meabhairshláinte agus ó Choláiste Dochtúirí Teaghlaigh Éireann, cheap an tAire Stáit le Freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler TD, Iníon Fionn Fitzpatrick agus an Dochtúir John Cox ar an gCoimisiún Meabhair-Shláinte. Tá na ceapacháin seo ón 12ú Feabhra 2021 go dtí an 4ú Aibreán 2022.
Iníon Fionn Fitzpatrick
Is oibrí forbartha oilte í Iníon Fionn Fitzpatrick le breis agus 10 mbliana taithí i meabhairshláinte agus i dtionscnaimh faoi stiúir piaraí. Is urlabhraí diongbháilte í ar son an chomhionannais agus chearta an duine ag úsáid modhanna forbartha pobail le haghaidh athrú sóisialta.
Is comhordaitheoir tionscadail í don Tionscadal Meabhairshláinte Gateway trí Mheabhairshláinte Éireann.
Stiúrthóir, Grúpaí Deonacha Bhaile Átha Cliath Theas Teo (2018 go dtí an lá inniu), Grúpa Feabhsúcháin Seirbhíse CHO7 Seirbhísí Meabhairshláinte FSS (2018 go dtí an lá inniu), Ball de Chónaidhm Meabhairshláinte, Ball de Chomharchumann na nOibrithe Pobail, Ball de Líonra Guthanna Criticiúla Éireann agus comhthionólaí roimhe seo den ghrúpa CVNI Thoir.
An Dochtúir John Cox
Is Dochtúir Teaghlaigh ó Loch Garman é an Dochtúir John Cox. Is iar-Chathaoirleach é ar Bhord Coláiste Dochtúirí Teaghlaigh Éireann (ICGP) agus iar-Chathaoirleach & Propast ar Dhámh Phoblacht na hÉireann an RCGP. Faoi láthair tá sé ar Chomhairle an ICGP agus tá sé ina Rúnaí ar Dhámh Loch Garman an ICGP.
Is Oiliúnóir Dochtúirí Teaghlaigh é le Scéim Oiliúna FSS an Oirdheiscirt.
Roimhe seo bhí sé ina stiúrthóir ar Fhoras Croí na hÉireann (IHF).