Ceapacháin ar an gComhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil
- Foilsithe: 8 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Bunaithe ar ainmniúchán Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tá an duine seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, an tUasal Simon Harris T.D., mar chomhalta den Chomhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil. Is í tréimhse an cheapacháin seo an 30 Meitheamh 2020 go dtí an 29 Meitheamh 2024.
An tUasal William Merriman
I láthair na huaire tá William Merriman ag feidhmiú mar Leas-Stiúrthóir Sheirbhís Náisiúnta Otharcharranna na hÉireann. Ina ról, tá William freagrach as soláthar éifeachtach agus éifeachtúil chúram Réamhospidéil agus chúram éigeandála idirmheánaí.
Tá 29 bliain ar fad caite ag William ag obair leis an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna agus roimhe sin le Seirbhís Otharcharranna Bhord Sláinte an Oirthir. I rith na mblianta sin, bhí William ag obair i réimsí éagsúla den tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna. Chuir sé tús lena shaol oibre mar Fhreastalaí Otharchairr i Stáisiún Otharcharranna Bhaile Átha Í sa bhliain 1991 i ndiaidh dó an ardteistiméireacht a dhéanamh. Bhí athrú gairme i ndán dó, agus thosaigh sé ag obair i Seomra Rialaithe na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna a bhí lonnaithe i Stáisiún Otharcharranna Shráid San Séamas tráth dá raibh. Bhí sé ag obair mar Rialaitheoir Leighis Éigeandála ansin agus i ndiaidh ardú céime thosaigh sé ag obair mar Bhainisteoir Rialaithe sa Seomra Rialaithe Chomhroinnte le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath i Sráid Chnoc na Lobhar.
I mí na Nollag 2011, i ndiaidh ardú céime, chuir sé tús lena ról mar Leas-Phríomhoifigeach Cúnta Otharcharranna i Réigiún an Oirthir, ar ar tugadh Ceantar Laighean Thuaidh ina dhiaidh sin (an tOirthear, an tOirthuaisceart agus Lár na Tíre). Ceapadh William mar Phríomhoifigeach Otharcharranna do Cheantar Laighean Thuaidh i mí Iúil 2013, i ndiaidh ardú céime eile, agus bhí sé i mbun an róil sin go dtí Meitheamh 2019.
Le linn do William a bheith i mbun seirbhíse tá roinnt clár oideachais curtha i gcrích aige agus i láthair na huaire tá sé i mbun cáilíocht Leibhéal 9, Teastas Gairmiúil sa Rialachas.
Tá William fós cláraithe agus ag obair mar Pharaimhíochaineoir.
Bunaithe ar ainmniúchán Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tá na daoine seo a leanas athcheaptha ag an Aire Sláinte, an tUasal Simon Harris T.D., mar chomhaltaí den Chomhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil. Is í tréimhse an cheapacháin seo an 30 Meitheamh 2020 go dtí an 29 Meitheamh 2024.
An Dr Conor Deasy
Is Comhairleoir i Leigheas Éigeandála é an Dr. Deasy agus Stiúrthóir Cliniciúil eatramhach, Cúram Neamhsceidealta ag obair in Ospidéal Ollscoil Chorcaí (CUH) agus Leas-Stiúrthóir Leighis na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna. Ceapadh é le déanaí mar Ollamh le Leigheas Éigeandála, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh/CUH agus Ceannaire Tráma an Deiscirt maidir le Líonraí Tráma a chur i bhfeidhm. Is Ollamh Taca Comhlach é i Scoil an Chúraim Phríomhúil, Ollscoil Monash, an Astráil. Tá sé ina Cheannaire Cliniciúil ar Mhór-Iniúchadh Tráma na hOifige Náisiúnta um Iniúchadh Cliniciúil (NOCA) in Éirinn, ina Chathaoirleach ar Choiste Eolaíochta Chumann Leighis Éigeandála na hÉireann (IAEM), ina Chathaoirleach ar Choiste Taighde na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna, ina bhall de Choiste na hÉireann le haghaidh Oiliúna Leighis Éigeandála (ICEMT) agus ina scrúdaitheoir do Choláiste an Leighis Éigeandála.
Chríochnaigh Conor a chlár ardoiliúna speisialtóra i Leigheas Éigeandála in Éireann sular bhog sé go dtí an Astráil áit ar oibrigh sé mar Chomhairleoir sa Leigheas Éigeandála ag Ionad Éigeandála agus Tráma Alfred, Melbourne. Le linn dó a bheith ann chríochnaigh sé PhD sa Roinn Eipidéimeolaíochta agus Leigheas Coisctheach, Ollscoil Monash i gcomhar le hOtharcharr Victoria. Go dtí seo tá saothar foilsithe ag Conor ar fud na réimsí sábháilteacht othar, cáilíocht an chúraim, córais chúraim, támhú gnásúil, cúram tráma chomh maith le stad cairdiach lasmuigh den ospidéal.
Cáilíochtaí: MB, BAO, BCH, BMedSc, DCH, DIMC, Dip Tox, MRCSA&E Ed, FCEM, FACEM, PhD.
Tess O’Donovan, Uasal
Beathaisnéis le teacht
Bunaithe ar fheachtas de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (SCP), tá an duine seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, an tUasal Simon Harris T.D., mar chomhalta den Chomhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil. Is í tréimhse an cheapacháin seo an 30 Meitheamh 2020 go dtí an 29 Meitheamh 2024.
An Dr Niamh Collins
Is Comhairleach le Leigheas Éigeandála í Niamh Collins in Ospidéal Uí Chonghaile, Baile Bhlainséir mar aon le comhairleoir leighis atá ceaptha ag RCSI do chlár paraimhíochaineoirí Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath. Chuir sí spéis ar dtús i gcúram réamhospidéil nuair a bhí sí i mbun obair dheonach le hOrd Otharcharranna Ord Mhálta nuair a bhí sí sna déaga agus mhúscail an taithí a fuair sí le linn a bheith i mbun na hoibre seo a spéis sa leigheas agus sa leigheas éigeandála ina dhiaidh sin.
I ndiaidh di sainoiliúint chláraitheora sa Leigheas Éigeandála a chríochnú in Éirinn, thug sí faoi chomhaltacht i Leigheas Dianchúraim agus ina dhiaidh sin dhírigh sí ar an gcúram réamhospidéil an athuair agus bhí sí ag feidhmiú mar Stiúrthóir Cláir don Ardchlár Paraimhíochaineora in UCD idir 2009-10. Is comhalta de Choiste Comhairleach Leighis PHECC í ón mbliain 2009.
Tá neart taithí ag Niamh ar fhorbairt agus ar sholáthar oideachas cleachtóra réamhospidéil agus ar thionscadail feabhais cáilíochta, agus bhí ról ceannaireachta aici in ardchlár náisiúnta uasoiliúna do pharaimíochaineoirí, oideachas ríomhfhoghlama PHECC agus Clár Náisiúnta Aistrithe Othar Otharcharranna. Chuir sí seirbhísí meantóireachta ar fáil do go leor comhghleacaithe i réimse an iniúchta, an taighde agus an fheabhais cháilíochta agus tá neart ábhar foilsithe aici a bhaineann leis na réimsí seo a leanas - Cúram Deireadh Saoil, Leigheas Éigeandála, Cúram Réamhospidéil agus Oideachas Paraimhíochaineoirí.
Cáilíochtaí:
MB BAO BCH LRCPSI, MRCPI, DCh, Dip IMC, Dip ICM, FRCEM, FJIFICMI