English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin ar bhord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Samhain 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tar éis feachtas Ceapacháin Seirbhíse Poiblí tá na comhaltaí seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D. ar Bhord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála le héifeacht ón 28úFeabhra 2023 go dtí an 27ú Feabhra 2026.

Gerry Quinn

Tá os cionn 40 bliain de thaithí eagraíochtúil faighte ag Gerry Quinn san earnáil phoiblí agus phríobháideach lena n-áirítear os cionn 25 bliain ag feidhmiú ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí. Tar éis dó tús a chur lena ghairm bheatha sna Seirbhíse Sibhialta Bhog Gerry chuig earnáil na teileachumarsáide áit ar chomhlíon sé róil éagsúla bainistíochta TF lena n-áirítear 7 mbliana mar Phríomhoifigeach Eolais in Eircom. Thosaigh sé leis an mBanc Ceannais i 2010 mar POE agus ina dhiaidh sin ceapadh é mar chéad Phríomhoifigeach Oibríochtaí na heagraíochta i 2011. Mar bhall den fhoireann feidhmiúcháin agus ag tuairisciú go díreach don Ghobharnóir ar fhreagrachtaí an Phríomhoifigigh Oibriúcháin bhí AD, TF, Airgeadas, Soláthar, Áiseanna, Táirgeadh Airgeadra agus Slándáil. Tar éis 11 bliana mar Phríomhoifigeach Oibriúcháin ghlac Gerry le ról an Phríomhoifigigh Athchóirithe i 2022 agus é freagrach as mórathrú eagraíochtúil a bhunú mar chuid de straitéis nua an Bhainc.

Tá MSc (Iompar Eagraíochtúil) ag Gerry ó Choláiste na Tríonóide agus bhí sé ina Ollamh Taca i Scoil Ghnó Coláiste na hOllscoile, Corcaigh ó 2016 go 2022.

Tá Gerry ina chomhalta boird de Tailte agus den an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála

Fiona Kiernan

Ceapadh Dr. Fiona Kiernan ar bhord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála sa bhliain 2023 agus tá sí ina Cathaoirleach ar Choiste Cúraim Othar. Tá sí ina Príomheacnamaí ag Care-Connect, atá ina soláthróir cúraim bainistithe d'othair le riochtanna ainsealacha. Chomh maith lena céim leighis ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, tá Máistreacht aici san Eacnamaíocht Sláinte, Polasaí & Bainistíocht ó Scoil Eacnamaíochta agus Eolaíocht Pholaitiúil Londain, agus PhD san Eacnamaíocht ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Chleachtaigh sí leigheas ar feadh sé bliana déag, le seacht mbliana san áireamh mar sainchomhairleoir san ainéistéiseolaíocht agus sa leigheas dianchúraim. Mar eacnamóir, dhearaigh sí samhail cheannródaíoch don mhaoiniú d'othair faoi chúram leigheas dianchúraim ag baint leasa as modheolaíocht micrea-chostáil. Sa bhliain 2022, ceapadh í ar Bhord Stáit an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte, agus bhí sí ina comhalta de Bhord Stáit an Údaráis Árachais Sláinte ó 2016 go 2021.

Martin Sisk

Is Aturnae de réir gairme é Martin Sisk ach d’oibrigh sé ar feadh fhormhór mór a ghairmréime i réimse na rialála airgeadais agus ar bhealach eile ag clúdach réimse leathan earnálacha. D’fhóin Martin mar Chláraitheoir na gCumann Cairdiúil ar feadh breis agus 18 mbliana agus ina dhiaidh sin i roinnt róil shinsearacha i mBanc Ceannais na hÉireann ar feadh breis agus 7 mbliana. Ó

chuaigh sé ar scor go luath ón mBanc Ceannais, d’fhóin sé i roinnt róil lena n-áirítear, i measc nithe eile, mar Chathaoirleach ar Cúram Sláinte ÁSS.. Níos déanaí sa dara leath de 2020 chríochnaigh Martin a théarma mar chomhalta Boird den Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA).

Beidh an t-athcheapachán seo in éifeacht ón 28ú Feabhra 2023 go dtí an 27ú Feabhra 2026.

Niall Quinn

Tá Niall ina abhcóide atá ag cleachtadh a cheirde agus ina Idirghabhálaithe Ceadaithe chomh maith ag obair ar Chiorcaid Bhaile Átha Cliath, de chuid an Tuaiscirt, an Oirthir agus Iarthair. Sular thosaigh sé ag cleachtadh ag an mBarra agus mar idirghabhálaí bhí sé ina speisialtóir cumarsáide stráitéiseach ar feadh 20 bliana. B'iar-Uachtarán ar Institiúid na hÉireann um Chaidreamh Poiblí (IÉCP) agus Stiúrthóir-Neamhfheidhmiúcháin ar Chumann Sainchomhairleoirí Caidrimh Phoiblí. Leanann sé air ag déanamh léachtóireacht ar an gcumarsáid stráitéiseach agus stiúrann sé clár deimhniúcháin gairmiúil an IÉCP i gcumarsáid a bhaineann le ceisteanna agus géarchéim chomh maith le bheith idirghníomhach i dtaobh tascanna cumarsáide stráitéiseach.

Is céimí é le BSc (Mgmt) ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Chuir sé a chuid staidéir iarchéimithe i gcrích in Óstaí an Rí, Baile Átha Chliath agus thug sé faoi chlár céime an abhcóide sular glaodh air chun Barra na hÉireann sa bhliain 2015. Ina dhiaidh sin, chuir sé a thraenáil i gcrích le bheith ina idirghabhálaí agus tá stádas Idirghabhálaí Ceadaithe aige ó Institiúid Idirghabhálaithe na hÉireann agus is comhalta é don Choiste Idirghabhálaíochta d'Eagraíochtaí agus Suíomhanna Oibre.

Tá Niall ina chomhalta den Coimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta, comhlacht reachtúil le ról maoirseachta i rannóg Údaráis Áitiúil, ón mbliain 2020 agus ceapadh é ar bhord an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála i Mí na Bealtaine 2023. Anuraidh, roghnaigh an Coimisiún Meabhair-Shláinte é don phainéal Ionadaithe Cinnteoireachta le bheith ceaptha faoi Acht um Chinnteoireacht Chuidithe 2015.

Ceaptar Niall tar éis Próiseas PAS agus le héifeacht ón 25ú Bealtaine 2023 go dtí an 24ú Bealtaine 2026.

Valerie Bowens

Gairmí ardcháilithe agus taithí aige agus níos mó ná 30 bliana tionacht i róil feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin i róil feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin i ngnólachtaí idirnáisiúnta agus intíre araon, thar raon disciplíní. Tá géire intinne ardfhorbartha agus léargasach aici trína róil bhainistíochta shinsearacha agus creidiúnaithe rialála le príomhsholáthraithe seirbhíse tionscail. Bhí raon róil neamhfheidhmiúcháin aici le 10 mbliana anuas, mar Chathaoirleach, mar Comhalta Boird, agus ar Choistí Iniúchóireachta, Riosca agus Rialachais.

I measc na rólanna reatha tá Stiúrthóir Cuideachta um Chúiteamh d'Infheisteoirí DAC, Ball de Chomhairle an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean, Ball de Choiste Iompair Ghairmiúil Chumann Cógaiseoirí na hÉireann, Ball de Bhinse Araíonachta na gCleachtóirí Dlí agus Comhalta den Choiste Iniúchóireachta den tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Ar na róil roimhe seo tá Cathaoirleach NSAI Inc, comhlacht deimhniúcháin de chuid SAM, Ball de Bhord comhlachta caighdeán náisiúnta na hÉireann, NSAI, agus Stiúrthóir ar an Institiúid um Chomhlíonadh.

Áirítear lena gairmréim feidhmiúcháin róil ag leibhéal Stiúrthóir Bainistíochta agus Ceannaireachta Tíre do ghnólachtaí domhanda seirbhísí airgeadais, chomh maith le róil le príomhghnólacht comhairleach dlí, agus mar Rialtóir Sinsearach le Banc Ceannais na hÉireann. Tugann Valerie faoi róil shinsearacha comhairliúcháin faoi láthair go príomha i réimse an Chomhlíonta, an Riosca agus an Rialachais. I measc na gcáilíochtaí tá céimeanna onóracha Baitsiléir Tráchtála agus Máistir Staidéar Gnó (COBÁC), cáilíocht Institiúid na Stiúrthóirí, agus Ard-Dioplóma i mBainistíocht Riosca (COBÁC). Staidéar reatha – Dioplóma Iarchéime san Inbhuanaitheacht (COBÁC). Ball den Institiúid Stiúrthóirí, den Institiúid Baincéirí agus den Institiúid um Chomhlíonadh.

Ceaptar Valerie tar éis Próiseas PAS agus tá sé le héifeacht ón 25ú Bealtaine 2023 go dtí an 24ú Bealtaine 2026.