English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin ar Bhord Clárúcháin na gComhairleoirí agus na Síciteiripeoirí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Feabhra 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Rinne Stephen Donnelly T.D., an tAire Sláinte, na comhaltaí seo a leanas ar Bhord Clárúcháin na gComhairleoirí agus na Síciteiripeoirí a athcheapadh le héifeacht ó 25 Feabhra 2022 go 24 Feabhra 2025:

Ms Ann Delany

Bainisteoir Reigiúnach is ea Ann sa stiúrthóireacht rialála den Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA). Altra ginearálta cláraithe agus bean chabhrach is ea í agus tá sí ag obair I gcóras sláinte na hÉireann le os cionn fiche cúig bliain. Tá Máistreacht aici i Riarachán Gnó ó Scoil Ghnó Smurfit agus Dioplóma leibhéal 9 i Rialáil Phroifisiúnta ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD). Tá teastas i Rialachas Corparáideach le Public Affairs Ireland. Tá Ann ag obair laistigh sa stiúrthóireacht rialála i HIQA le os cionn 10 mbliana ag rialú cúraim sláinte agus seirbhísí cúraim shóisialta do dhaoine fásta agus paistí. Tá sí freagrach as cur chuigí monatóireachta atá bunaithe ar an riosca, monatóireacht agus iniúchadh a dhéanamh ar chomhlíonadh na seirbhísí in aghaidh caighdeán agus rialachán náisiúnta.

Roimhe seo d’oibrigh Ann i dtimpeallacht cúraim sláinte i roinnt rólanna bainistíochta sinsearaí lena n-áirítear Bainisteoir Cáilíochta agus Creidiúnaithe agus Comhordaitheoir Forbartha um Chleachtadh Cliniciúil. Bhí sí mar chomhalta de Choiste Rialachais Chliniciúil laistigh de thimpeallacht ospidéil. Mar chuid den ghrúpa seo bhí maoirseacht á déanamh aici ar na heachtraí agus gearáin chliniciúla agus neamh-chliniciúla go léir, shocraigh sí treochtaí agus d'aithin sí tionscnaimh feabhsúcháin cáilíochta. Bhí sí mar chomhalta chomh maith ar Fhóram Cáilíochta agus Bainistíochta Riosca ildisciplínigh agus Coiste Sláinte agus Sábháilteachta agus í gceannas ar fhreagra cuimsitheach ar fud eagraíochta ar chaighdeán, ar riosca agus ar cheisteanna sábháilteachta. D’oibrigh sí le Scéim na Slánaíochta Cliniciúla agus ceisteanna bainistíochta riosca agus cúrsaí a bhaineann le héilimh faillí leighis á measúnú aici.

Dr Marcella Finnerty

Tá dochtúireacht sa tsíciteiripe ó Institiúid Metanoia ag Marcella. Bhí a taighde dírithe ar imeascadh agus ar iolrachas i gcleachtadh na síciteiripe. Is teiripeoir agus maoirseoir í atá ag cleachtadh a gairme. Is comhalta í de roinnt comhlachtaí lena n-áirítear Cumann na hÉireann um Chomhairleoireacht agus um Shíciteiripe (IACP); Cumann na hÉireann um Shíciteiripe Daonnachaíoch agus Comhtháiteach (IAHIP); Comhairle na hÉireann um Shíciteiripe (ICP); Cumann Síciteiripe na hEorpa (EAP) agus Cumann Síceolaíochta Mheiriceá (APA). Tá cleachtadh, múineadh, agus taighde déanta ag Marcella chomh maith le rudaí a fhoilsiú agus a chur I láthair go forleathan, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus i gcomhar le go leor ceannródaithe i réimse na síciteirpe. Mar Uachtarán ar Choláiste IICP tá an-taithí aici i rialachas, i gcomhlíonadh, i bpolasaí, agus i gcúrsaí rialála. Chomh maith leis sin, tá Marcella ar Bhord Chumann na gColáistí Ardoideachais (HECA) agus ar bhord Seirbhísí Comhairliúcháin an tSráidbhaile (VCS). Tá ceannaireacht ghairmiúil, chliniciúil, acadúil, teagaisc agus taighde ag baint le gairm bheatha Marcella. Fagann seo go bhfuil sé ar a cumas leas a bhaint as réimse leathan eolais, scileanna agus saineolais le béim ar chleachtadh laistigh den ghairm.

Ms Jennifer Griffin

Le os cionn fiche bliain de sheirbhís poiblí sna réimsí Meabhairshláinte, eMeabhairshláinte, Ardoideachas agus Craoltóireacht Seirbhíse Poiblí, cuireann Jennifer eolas fairsing agus taithí ar chóras cúraim sláinte na hÉireann a fuair sí trí réimse leathan scileanna cliniciúla, bainistíochta, dlí agus na meán a fuair sí sna hearnálacha Poiblí, Príobháideacha, Corporáideacha agus Carthanachta ar fáil do Bhord Clárúcháin na gComhairleoirí agus na Síciteiripeoirí CORU. Síciteiripeoir, Comhairleoir agus Bainisteoir Seirbhíse Cliniciúla a bhfuil taithí aici agus atá creidiúnaithe, tá Jennifer cáilithe agus tá taithí aici i dtrí mhódúlacht Comhairleoireachta agus Síciteiripe – Comhtháiteach, Daonnachaíoch agus Síocanailíseach – faighte ó thrí institiúid ardléinn - Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Ina rólanna mar Stiurthóir agus POF ar Accord Baile Átha Cliath, freagrach do Bhord na nIontaobhaithe agus TUSLA, cuireann sí ceannaireacht, maoirseacht agus bainistíocht feidhmiúcháin ar fáil do 100 éascaitheoir comhairleora agus oideachais a chuireann comhairleireacht phósta agus chaidrimh agus comhairleoireacht drochíde sa teaghlach do dhaoine fásta agus lánúineacha, oideachas caidrimh agus gnéasachta do dhaltaí bunscoile agus meánscoile agus oideachas pósta do lánúineacha atá ag ullmhú don saol pósta ar fáil. Mar Bhainisteoir Ghinearálta don charthanacht meabhairshláinte nuálaí ar-líne Turn2me eMental Health, freagrach do do Bhord na nIontaobhaithe agus Oifig Náisiúnta FSS um Fhéinmharú a Chosc, rinne sí bainistíocht ar Chomhairleoireacht agus Síciteiripe inrochtana phroifisiúnta ar-líne ar fud na tíre do dhaoine óga agus do dhaoine fásta trí chur chuige síceasóisialta trí shraith de chúram céimnithe do thacaíocht mheabhairshláinte a fhorbairt agus a sholáthar. Mar Fheidhmeannach Forbartha de Theilifís Seirbhíse Poiblí agus Léiritheoir Feidhmiúcháin do Theilifís BBC i Londain agus Teilifís RTE ag forbairt agus ag léiriú Clár Faisnéise, Cúrsaí Reatha, Drámaíochta agus Geandrámaíochta tá eolas agus taithí fhairsing ar chumarsáid, ar chaidreamh poiblí agus ar thírdhreach na meán in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Go mór ar son rochtain ar theiripí síceolaíochta a fheabhsú, faoi láthair tá taighde dochtúireachta á dhéanamh aici ar idirghabhálacha eMeabhairshláinte le Roinn na Síceolaíochta, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit ina bhfuil sí ag teagasc agus ag déanamh maoirseachta ar iarrthóirí taighde ar na céimeanna MPhil agus MSc i Léann Síocanailíseach agus i Síciteiripe.

Dr Colin O’Driscoll

Síceolaí Cairte (PSI, HCPC, BPS), Síceolaí Creidiúnaithe (IACP), Maoirseoir Creidiúnaithe (ACI) agus comhalta de Chumann Síceolaithe Éireann is ea Colin. Faoi láthair, is ceannasaí cliniciúl é ar sheirbhísí andúile Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an Iarthair Láir. Bhí Colin ina cheannasaí ar sheirbhísí cóireála andúile agus meabhairshláinte i dtimpeallachtaí cónaithe agus pobail agus cuireann sé maoirseacht chliniciúil ar fáil ar chomhairleoirí, ar shíciteiripeoirí agus ar shíceolaithe. Tá sé freagrach chomh maith as feidhmiú na gcaighdeán cáilíochta cliniciúla agus rialachas cliniciúil de sholáthar séirbhíse andúile FSS san Iarthar-Láir.

Rinne Stephen Donnelly T.D., an tAire Sláinte, le toil an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, an comhalta seo a leanas ar Bhord Clárúcháin na gComhairleoirí agus na Síciteiripeoirí a athcheapadh le héifeacht ó 25 Feabhra 2022 go 24 Feabhra 2025:

Mr Oliver A Kelly

Feidhmeannach árachais agus athárachais is ea Oliver a raibh poist aige ag leibhéal bainistíochta sinsearaí, leasuachtaránachta agus stiúrthóra do chuideachtaí árachais agus athárachais lonnaithe in Éirinn, an Ríocht Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá sé ag obair sa tionscal seo le beagnach daichead bliain agus tá an-eolas aige ar ghnóthaí réitigh árachais agus athárachais, idirbheartaíocht díolachán, réiteach díospóidí, eadránú agus dlíthíocht chúirte. Tá taithí nach beag aige ag déileáil le húdaráis rialála árachais in Éirinn agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá, is Duine Formheasta ag Banc Ceannais na hÉireann é agus d'oibrigh sé mar Stiurthóir agus Oifigeach um Chomhlíonadh do ESG Reinsurance Ireland agus Accent Europe Insurance Company ó 2009 go 2015. Faoi láthair tá Mr.Kelly ag obair mar chomhairleoir árachais/athárachais féinfhostaithe.

Le hAinmniúchán an Aire Oideachais, rinne Stephen Donnelly T.D., an tAire Sláinte, an comhalta seo a leanas ar Bhord Clárúcháin na gComhairleoirí agus na Síciteiripeoirí a athcheapadh le héifeacht ó 25 Feabhra 2022 go 24 Feabhra 2025:

Dr Carole Glynn

Tá Carole ina Ceann Roinne ar Eolaíocht Shóisialta Fheidhmeach ag Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne. Is Comhalta Domhain í san Eolaíocht Shóisialta ag UN, ISSC agus tá dochtúireacht aici i Riarachán Gnó, Máistreacht sa Ghnó agus céimeanna i riarachán poiblí agus eolaíocht. Roimhe seo bhí rólanna sinsearacha aici i soláthar agus bainistíocht seirbhíse sláinte agus cúraim shóisialta, inar bhain sí forbairtí suntasacha amach i rialachas, i soláthar cliniciúil agus i ndearbhú cáilíochta.