English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin ar Bhord Ospidéal Beaumont

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 27 Aibreán 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tar éis dóibh a bheith ainmnithe, tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., tar éis na comhaltaí seo a leanas a cheapadh ar Bhord Ospidéal Beaumont.

An Dr Richard Aboud

Fuair an Dr Aboud céim i gColáiste Ríoga na Máinlia in Éirinn in 1994. Tá sé ina dhochtúir teaghlaigh i gceantar Beaumont le 20 bliain anuas. Is Ánra é de chuid an Choláiste The Royal College of Sports and Exercise Medicine. Tá an Dr Aboud gníomhach in oideachas iarchéime leighis mar oiliúnóir Dochtúir Teaghlaigh Iarchéime agus mar scrúdaitheoir araon. Bhí sé gníomhach san iarracht chun comharchumainn de Dhochtúirí Teaghlaigh lasmuigh d'uaireanta oibre agus chun an ghairmoiliúint iarchéime Dochtúirí Teaghlaigh a bhunú. Tá taithí aige ar leibhéal boird san earnáil phríobháideach sláinte.

Tá an Dr. Richard Aboud ainmnithe ag Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann agus ceapadh é ón 9 Márta 2023 go dtí an 16 Aibreán 2023 chun corrfholúntas a líonadh agus ar feadh téarma breise 3 bliana le héifeacht ón 17 Aibreán 2023 go dtí an 16 Aibreán 2026.

An tOllamh Patrick Redmond:

Is Dochtúir Teaghlaigh agus Ollamh Comhlach i gCleachtadh Ginearálta ag RCSI é Patrick. Bhí róil acadúla cliniciúla aige roimhe seo in Éirinn, san Astráil agus sa RA, tar éis dó a PhD a bhaint amach trí Chlár Scoláirí PhD an Bhoird Taighde Sláinte. Tá an taighde a dhéanann Patrick dírithe ar conas aistear ailse na n-othar a fheabhsú ón diagnóis go dtí an marthanas, d’fhonn torthaí a fheabhsú agus costais chúram sláinte a laghdú. Bhí sé i gceannas ar chláir thaighde agus teagaisc ag an Institiúid The Healthcare Improvement Studies (THIS) Institute ag Ollscoil Cambridge, in Ollscoil Iarthar na hAstráile, agus in King's College London. Déanann sé maoirsiú ar oiliúnaithe acadúla dochtúireachta agus cliniciúla agus roimhe seo bhí sé ina Phríomh-Eagarthóir ar irisleabhar BJGP Open tar éis dó a bheith ina chomhalta freisin ar bhord eagarthóireachta iris oifigiúil Choláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann (ICGP) agus ar Choiste um Chaighdeán sa Chleachtas an ICGP.

Tá an tOllamh Patrick Redmond ainmnithe ag Coláiste Ríoga na Máinlia in Éirinn agus ceapadh é ón 17 Aibreán 2023 go dtí an 16 Aibreán 2026.

An tOllamh Michelle Butler:

Tá an tOllamh Michelle Butler ina Déan Feidhmiúcháin ar Dhámh na hEolaíochta agus na Sláinte in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá taithí fhairsing aici sa taighde, sa teagaisc, sa mheasúnú agus san fhorbairt curaclaim agus bhí poist cheannaireachta acadúla aici roimhe seo in Ollscoil British Columbia agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is iad an altranas agus an cnáimhseachas na réimsí inar oibrigh sí, agus tá staidéir thaighde déanta aici in altranas, cnáimhseachas, agus bainistíocht seirbhísí sláinte, i gCeanada, sa RA agus in Éirinn. Baineann an saineolas taighde atá aici le taighde meastóireachta, modhanna measctha, modhanna cáilíochtúla, cás-staidéir, Delphi agus modhanna comhthola, agus athbhreithnithe córasacha. Tá suim ar leith aici freisin san acmhainn taighde a thógáil le comhpháirtithe cliniciúla agus seirbhísí sláinte agus tá líonraí meitheal taighde bunaithe aici idir cliniceoirí agus lucht acadúil i gCeanada agus in Éirinn. Faoi láthair tá sí ina

Cathaoirleach ar an Tionscnamh Chomhoibrithe REACH - comhthionscnamh taighde idir DCU agus FSS Chathair agus Chontae Bhaile Átha Cliath Thuaidh.

Tá an tOllamh Michelle Butler ainmnithe ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ceapadh í ón 17 Aibreán 2023 go dtí an 16 Aibreán 2026