Ceapacháin ar Bhord Ospidéal Beaumont:
- Foilsithe: 25 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Pauline Philip
Is as Baile Átha Cliath do Pauline Philip ó dhúchas agus anois roinneann sí a cuid ama idir Londain agus Éire. Is í an Stiúrthóir Náisiúnta um Chúram Éigeandála agus Roghnach sa NHS (Sasana). Agus cúlra altranais agus eolaíochta aici, bhí roinnt post POF ag Pauline ar fud na n-earnálacha cúram sláinte go léir agus poist shinsearacha eile sa Roinn Sláinte. Bhí sí ina Stiúrthóir ar Shábháilteacht Othar san EDS ó 2002 go 2010…agus faoi láthair tá sí ina Cathaoirleach ar Lifebox, carthanas idirnáisiúnta atá dírithe ar mháinliacht shábháilte. Is Ball Oinigh í de Chumann Ainéistéisithe na Breataine Móire agus na hÉireann agus fuair sí DBE as seirbhísí don NHS i 2017.
Tá Pauline Philip athceaptha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly T.D., mar Chathaoirleach Bhord Ospidéal Beaumont le héifeacht ón 19ú Meitheamh 2023 go dtí an 18ú Meitheamh 2026.
An Comhairleoir Punam Rane
Ag teacht ó Goa ar chósta thiar na hIndia, chaith Punam a blianta coláiste i Mumbai, áit ar bhain sí céim amach san fhisic agus sa mhatamaitic ó Ollscoil Mumbai agus chríochnaigh sí a Máistreacht san Eolaíocht Ríomhaireachta.Tháinig sí go hÉirinn ag deireadh na 1990idí nuair a thug comhlacht Éireannach cuairt uirthi mar chomhairleoir TF.
Chríochnaigh Punam an dara Máistreacht i mBainistíocht Nuálaíochta agus Teicneolaíochta i Scoil Smurfit UCD in 2007 agus í ag obair do bhanc infheistíochta, Northern Trust. Deir sí cé go raibh an clár deacair, ach gur athrú cluiche a bhí ann dá conair ghairme, idir chorparáideach agus pholaitiúil. Tar éis di críochnú, chuir sí tús le clár ceannaireachta le meantóireacht ón CIO sna Stáit Aontaithe.
In 2011, bhog sí ar ais go dtí an India ar feadh dhá bhliain chun dhá roinn nua a fhorbairt don eagraíocht agus d'fhill sí in 2013 nuair a thairg Fidelity Investments ról ceannaireachta níos fearr di ina raibh baint aici le roinn dhomhanda nua a bhunú le ceithre fhoireann ar fud an domhain. D'fhan sí le Fidelity ar feadh dhá bhliain go leith sular bhunaigh sí a comhlacht féin - Appistoki Ireland - atá fós ar siúl inniu. Cuireann Appistoki comhairleoireacht ar fáil do bhainc mhiondíola agus d'fhorbairt ghnó le cliaint ó gach cearn den domhan le hoifigí i Singeapór agus in Éirinn lenár n-ionad barr feabhais i Bangalore. Is Comhairleoir Cathrach i mBaile Átha Cliath í Punam freisin do thoghcheantar Bhaile Bhlainséir-Mullach Eadrad.
Ainmníonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath/Comhairle Contae Fhine Gall Punam agus ceapadh an tAire Sláinte í. Tá an ceapachán seo le héifeacht ón 19ú Meitheamh 2023 go dtí an 18ú Meitheamh 2026.