Ceapacháin ar Chomhairle na nGairmithe Cúraim Sláinte agus Sóisialta (CORU)
- Foilsithe: 4 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
I ndiaidh feachtais de chuid na Seirbhíse Ceapachán Poiblí (PAS), tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., tar éis an duine a leanas a cheapadh mar bhall de Chomhairle na nGairmithe Cúraim Sláinte agus Sóisialta le héifeacht ó 21 Márta 2021 go dtí 20.03.2025:
An tUasal Michael O’Keeffe
Oibríonn an tUasal O’Keeffe i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) mar Cheannasaí Airgeadais san Eagraíocht Sláinte Phobail – Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath Thuaidh. Tá Michael ag obair sa tseirbhís sláinte phoiblí i róil airgeadais éagsúla le 19 bliain anuas agus roimhe sin bhí poist dhifriúla sa réimse airgeadais ag leibhéal sinsearach aige san earnáil phríobháideach. Tá taithí bainistíochta airgeadais agus oibríochtúil ag Michael i roinnt earnálacha gnó éagsúla. Is mór an taithí atá aige i réimse na pleanála gnó, comhpháirtíocht gnó airgeadais, córais airgeadais, rialachas airgeadais, bainistiú ar athrú, samhaltú gnó airgeadais, bainistíocht airgeadais straitéiseach, agus faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar fheidhmíocht airgeadais. Is Cuntasóir Cairte é Michael agus tá céim Baitsiléir Tráchtála bainte amach aige ó Choláiste na hOllscoile , Corcaigh agus MBA i mBainistíocht Seirbhísí Sláinte ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Tar éis cead a fháil ón Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., tar éis na daoine a leanas a athcheapadh mar bhaill de Chomhairle na nGairmithe Cúraim Sláinte agus Sóisialta le héifeacht ó 21 Márta 2021 go dtí 20.03.2025:
An Dr Treasa Campbell
Is Léachtóir le Fealsúnacht Oideachais i nDámh an Oideachais í an Dr Campbell i gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Roimhe seo bhí sí ag obair in Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh (LIT)bb (2009-2013) áit a raibh sí ag obair i dtrí réimse faoi leith, a mheasann sí go dtéann siad chun tairbhe an róil atá aice anois mar bhall de Chomhairle na nGairmithe Cúraim Sláinte agus Sóisialta. Bhí sí freagrach as an Modúl Eitice ar an MA sa Bhainistíocht Cúram Sláinte in LIT a dhearadh, a bhailíochtú agus a sheachadadh, mar aon leis an Modúl Eitice ar an BA sa Chúram Sláinte Feidhmeach agus Staidéar Sóisialta ag LIT. D’éascaigh an Dr Campbell fóraim díospóireachta freisin san Earnáil Cúraim Sóisialta agus d’oibrigh sí mar Éascaitheoir Seachtrach don Chomhpháirtíocht PAUL Partnership (People Action against Unemployment Limited).
Ina theannta sin, tá baint aici le cláir shocrúcháin oibre iar-bhunscoile a bhainistiú d’aosaigh faoi mhíchumas intleachtúil. Bronnadh roinnt scoláireachtaí taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta uirthi, agus tá líon mór foilsiúchán agus páipéar comhdhála scríofa aici.
An tUasal Stephanie Manahan
Is í an tUasal Manahan Príomhfheidhmeannach an Chlinic Lárnach Íocshláinteach (CRC). Thosaigh Stephanie sa phost i mí an Mheithimh 2014 agus bhí ról lárnach aici struchtúirí bainistíochta nua agus rialachas láidir a bhunú don eagraíocht. Bhí sí i gceannas ar chlár athraithe ó bhonn a thabhairt isteach sa CRC; bhí ról lárnach aici fís straitéiseach nua a chur i bhfeidhm sa CRC agus tá sí i mbun maoirseachta a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Phlean Straitéisigh don CRC.
Tá Stephanie ag obair san earnáil chúraim sláinte le beagnach 30 bliain anuas tar éis di cáilíocht a bhaint amach mar Theiripeoir Saothair sa bhliain 1990. Tá taithí aici i dtimpeallachtaí éagsúla seirbhíse, na hearnálacha reachtúla agus deonacha san áireamh, sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn araon. Bhí sí ina Leas-Bhainisteoir Ospidéil in Ospidéal Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath agus roimhe sin bhí sí ina Stiúrthóir de ghairmeacha Sláinte & Cúraim Sóisialta Comhaontaithe. Tá taithí aici sna timpeallachtaí Géara, Pobail, Meabhairshláinte, Míchumais agus Seachbhrabúsach.
Tá BSc ag Stephanie ó Choláiste na Tríonóide, MSc ó Ollscoil Londan, agus Teastas sa Bhainistíocht Athruithe ón IPA. Sa bhliain 2015 bronnadh an Scoláireacht club 30% ar Stephanie chun an Dioplóma Gairmiúil sa Rialachas Corporáideach a dhéanamh le Scoil Gnó Michael Smurfit i UCD.
Tá Stephanie ar Chomairle CORU (comhlacht stáit a rialaíonn Gairmeacha Cúraim Sláinte & Sóisialta na hÉireann) agus sa ról sin tá sí ina Cathaoirleach ar an gCoiste PPAC agus is ball í den Choiste Iniúchóireachta & Riosca. Tá Stephanie ar Bhord Institiúid Carthanachtaí na hEireann freisin.
Tá Stephanie ina meantóir do mhná i FSS maidir le treallús ceannasaíochta agus is meantóir í ar an gclár meantóireachta club 30% de chuid an IMI.
An tUasal John F Scott
Tá os cionn 14 bliain de thaithí bainistíochta sinsearaí ag an Uasal Scott sa tseirbhís sláinte phoiblí agus faoi láthair tá sé ina Bhainisteoir Ginearálta in Oifig an Phríomhoifigigh Chliniciúil, Oifig an Stiúrthóra Seirbhísí Altramais & Cnáimhseachais (ONMSD) de chuid FSS. Sa phost seo tá sé i mbun bainistíocht a dhéanamh ar bhuiséad mór agus tá sé freagrach as meastacháin bhliantúla a ullmhú agus faireachán a dhéanamh ar chaiteachas sna Cláir Altramais agus Cnáimhseachais. Ina theannta sin, tá réimse leathan de dhualgais agus d’fhreagrachtaí aige - pleanáil agus measúnú straitéiseach, measúnú riosca agus rialachas a chur i bhfeidhm, agus cinnte a dhéanamh de go seachadaítear tosaíochtaí agus spriocanna eagraíochtúla.
Roimh dó dul isteach sa tSeirbhís Sláinte Phoiblí sa bhliain 2000, bhí John ag obair mar chuntasóir ar feadh 20 bliain i ngnólachtaí éagsúla san earnáil phríobháideach. I measc na gcáilíochtaí acadúla atá aige tá MSc sa Chuntasíocht Bainistíochta Straitéiseach a bhronn Ollscoil na hÉireann (NUI) air.
Tar éis é a bheith ainmnithe ag an Aire Breisoideachais & Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, tá an duine a leanas athcheaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., mar bhall de Chomhairle na nGairmithe Cúraim Sláinte agus Sóisialta le héifeacht ó 21 Márta 2021 go dtí 20.03.2025:
An tOllamh Fred Powell
Múineann an tOllamh Powell polasaí sóisialta ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC). Bhí sé ina Cheannasaí ar Scoil an Léinn Sóisialta Feidhmigh agus Déan na hEolaíochta Sóisialta i UCC thar tréimhse 25 bliain agus is mór an taithí atá aige i gcúrsaí oideachais gairmiúil agus creidiúnaithe cúrsaí.
I láthair na huaire, tá an tOllamh Powell ina Ombudsman ar son na Mac Léinn i UCC. Lena chois sin, tá sé ina Chathaoirleach 2018 ar an gCoiste Náisiúnta Stiúrtha maidir le Rannpháirteachas Pobail, de chuid Chumann Ollscoileanna Éireann (IUA).
Is iad na leabhair is deireanaí atá scríofa aige ná: Dark Secrets of Childhood: Media Power, Child Abuse and Public Scandals, (2015), Policy Press UK (a scríobh sé le Margaret Scanlon) agus The Political Economy of the Irish Welfare State: Church, State and Capital (2017), Policy Press, UK.
Is é an tOllamh Powell an príomhthaighdeoir atá ag obair ar staidéar arna cistiú ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn/an Roinn Oideachais agus Scileanna, maidir le rannpháidteachas san ardoideachas a leathnú amach. Léiríonn sé an tiomantas a bhí ag an Ollamh Powell i gcónaí go mba chóir go mbeadh córas ardoideachais ionchuimsitheaigh ann atá inrochtana do shaoránaigh ó phobail atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta, do mhionlaigh eitneacha agus do mhic léinn faoi mhíchumas.
Tá an duine a leanas athcheaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., mar bhall de Chomhairle na nGairmithe Cúraim Sláinte agus Sóisialta le héifeacht ó 21 Márta 2021 go dtí 20.03.2025:
An tUasal Margaret Boland
Roimhe seo bhí an tUasal Boland ina Bainisteoir Ginearálta/POF in Ospidéal Uí Chonghaile, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath, ball den Ghrúpa Ospidéil RCSI. Faoi láthair, tá Margaret ag obair mar Chomhairleoir Altramais don tSeirbhís Covid19 sa tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna i NEOC Thamhlachta. Is léachtóir sinsearach oinigh í Margaret i gColáiste Ríoga na Máinlia agus cuireann sí leis an gClár d’Oilliúnaithe Speisialtóirí san RCPI.
Is ceannasaí fuinniúil í Margaret atá dírithe ar thorthaí. Tá taithí láidir aici sa cheannaireacht chlaochlaitheach laistigh de thimpeallacht Cúraim Sláinte atá an-dúshlánach. Tá sé léirithe ag Margaret go bhfuil cúlra aici sa Bhainistíocht Chliniciúil, agus go bhfuil ar a cumas déileáil le, agus dul i gcion ar, gach leibhéal laistigh d’eagraíochtaí coimpléascacha. Sna róil a bhí aici, bhí sí ag cur polasaí i bhfeidhm agus ag baint torthaí amach trí phleanáil straitéiseach agus oibríochtúil laistigh de pharaiméadair bhuiséadacha dúshlánacha.
Tá an-chuid taithí ag Margaret ar bheith ag obair le Foirne Bainistíochta Feidhmiúcháin chun deiseanna forbartha a aithint agus a thapú chomh maith le seirbhísí Cúraim Sláinte ardchaighdeáin a sheachadadh. Bhain Margaret úsáid as cur chuige cinnteoireachta forásach; creideann sí i gcónaí go mba chóir caidrimh oibre a fhorbairt atá dearfach, comhoibríoch agus éifeachtach, agus a spreagann nuálaíocht agus cruthaitheacht ag gach leibhéal.
Bhain Margaret Boland cáilíocht amach san Altranas Ginearálta in Ospidéal Eoin, Luimneach. Fuair sí céim Baitsiléir san Altranas ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus bronnadh MSc uirthi sa Cheannaireacht Chruthaitheach agus san Fhoghlaim Eagraíochtúil ón Institiúid Ceannaireachta de chuid RCSI.