Ceapacháin chuig Boird Clárúcháin CORU- 20 Feabhra 2024
- Foilsithe: 13 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 17 Aibreán 2024
I ndiaidh fheachtas de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, le ceadú an Aire Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta, tar éis an duine seo a leanas a cheapadh mar bhaill de Bhord Clárúcháin na dTeiripeoirí Saothair le héifeacht ón 20 Feabhra 2024 go dtí an 13 Feabhra 2028.
Frank Martin
Is Léachtóir Sinsearach Emeritus sa Dlí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh é Frank Martin. Tá céimeanna fochéime agus iarchéime aige sa dlí le hOnóracha Céad Onóracha. I measc na spéiseanna teagaisc ollscoile a bhí aige áirítear an Dlí Teaghlaigh/Leanaí agus an Dlí Conartha agus rinne sé maoirsiú ar go leor tráchtas mac léinn iarchéime sna réimsí sin. Tá go leor foilsithe aige i réimsí an Dlí Leanaí agus Teaghlaigh in irisí náisiúnta agus idirnáisiúnta araon, agus is é údar The Politics of Children’s Rights (Cork University Press, 2000). Roimhe seo, bhí sé ina bhall de Phainéal Athbhreithnithe Náisiúnta TUSLA agus faoi láthair tá sé ina bhall de Choiste Réamhimeachtaí CORU.
Charles Irwin
Is Comhalta é Charles Irwin d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn. Tá raon leathan taithí aige agus de bheith ag obair sna hearnálacha gnó, oideachais agus carthanachta le breis agus 30 bliain. D’fhóin Charles ar an mBord Clárúcháin Súil-Liachta agus ar Bhord Bainistíochta Champas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh chomh maith le boird éagsúla carthanachta deonacha agus faoi láthair tá sé ag fónamh ar bhord Chlár Críochnaithe Scoil Smile Clg agus Bergerie Trust Clg.
Tar éis feachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (PAS), tá an tUasal Séamus Keating ceaptha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly T.D., le ceadú an Aire Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta mar chomhalta den Bhord Clárúcháin um Chomhairleoirí agus Síciteiripeoirí le héifeacht ón 22 Feabhra 2024 go dtí an 24 Feabhra 2027:
Séamus Keating
Is seirbhíseach poiblí lán taithí é Séamus Keating a raibh poist aige i seirbhís phoiblí na hÉireann agus an RA araon. Tá iarchéim sa dlí ag an Uasal Keating, agus máistreacht sa dlí agus i gcórais faisnéise bainistíochta freisin. Tá taithí aige, ag leibhéal sinsearach, ar rialachas corparáideach, agus ar rialáil agus riarachán corparáideach.
Tar éis do chláraithe na gairme sainainmnithe í a thoghadh, d’athcheap an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., an duine seo a leanas mar chomhalta de Bhord Clárúcháin na Radagrafaithe ón 26 Feabhra 2024 go dtí an 23 Eanáir 2028.
Niamh Moore
Bhain Niamh céim BSc (Onóracha) sa Radagrafaíocht amach in Ollscoil Uladh in 1997. D’oibrigh sí ar feadh breis agus 20 bliain mar radagrafaí cliniciúil agus bhí sí ina speisialtóir cliniciúil CT in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh ar feadh breis agus 7 mbliana. Le linn a gairm bheatha, tá an tiomantas atá aici don Fhhorbairt Ghairmiúil Leanúnach léirithe aici agus í ag tabhairt faoi Theastas iarchéime i CT (Ollscoil Bradford), MSc in CT (Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath), Teastas i dTeagasc agus i bhFoghlaim (UCC), agus faoi láthair tá sí ag tabhairt faoi PhD sa Radagrafaíocht in UCC. Tá suim mhór léirithe ag Niamh freisin i dteagasc na radagrafaíochta in Éirinn, tá cúrsaí IV forbartha agus á reáchtáil aici in UCC agus bhí baint aici le forbairt an chláir diagnóiseach radagrafaíochta in UCC, agus is ann a bhfuil sí ag obair mar léachtóir faoi láthair. Tá Niamh gníomhach i dtaighde radagrafaíochta, agus tá go leor foilseachán curtha amach aici agus cur i láthair déanta aici ag comhdhálacha áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta le 15 bliana anuas. Toghadh Niamh mar chomhalta de bhord CORU in 2020 agus tá sí ceaptha mar Chathaoirleach ar Bhord Clárúcháin na Radagrafaithe ó Aibreán 2022 i leith. Is comhalta í de chomhairle Institiúid Radagrafaíochta agus Teiripe Radaíochta na hÉireann. Mar gheall ar éagsúlacht na róil a bhí aici, tá tuiscint fhoriomlán iontach aici ar riachtanais chliniciúla agus oideachais na gairme. Tá eolas oibre maith ag Niamh ar an timpeallacht ghnó agus rialála ina bhfeidhmíonn CORU. Bhí baint dhíreach aici le monatóireacht a dhéanamh ar chláir oideachais agus próisis fhaofa agus tá fonn uirthi a chinntiú go bhfuil córas i bhfeidhm ag cláir oideachais chun céimithe a tháirgeadh go seasta a chomhlíonann na Caighdeáin Inniúlachta don ghairm.