English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin chuig Boird Clárúcháin CORU: Iúil & Lúnasa 2024

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 7 Lúnasa 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá na daoine seo a leanas ceaptha/athcheaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., mar chomhaltaí de Bhord Clárúcháin na nOibrithe Cúraim Shóisialaigh agus Bhord Clárúcháin na nOibrithe Sóisialacha.

Bord Clárúcháin na nOibrithe Cúraim Shóisialaigh


Michael Williams

Is cleachtóir cúraim shóisialta é Michael Williams a bhfuil beagnach tríocha bliain taithí aige. D'oibrigh sé le leanaí araon i gcúram cónaithe príomhshrutha agus i gcúram cónaitheach do dhaoine fásta faoi mhíchumas intleachta, chomh maith le hiarchúram do dhaoine óga a fhágann tacaíocht chónaitheach. D’oibrigh Michael san earnáil charthanachta agus san earnáil phríobháideach araon.

Tar éis dó cáilíocht ghairmiúil cúraim shóisialaigh a bhaint amach mar mhac léinn inseirbhíse, lean Michael ar aghaidh ag déanamh staidéir agus bhain sé dioplóma iarchéime amach sa bhainistíocht agus sa cheannaireacht. Tá post bainistíochta aige le cúig bliana déag anuas agus faoi láthair tá sé i gceannas ar charthanacht bheag neamhspleách a chuireann seirbhís chónaithe ar fáil do dhaoine fásta faoi mhíchumas intleachta.

Ceaptar Michael Williams tar éis feachtas PAS le héifeacht ón 4 Iúil 2024 go dtí an 26ú Márta 2027.


Wayne Tyrrell

Traenáil agus cháiligh Wayne Tyrrell mar phíolóta míleata le hAerchór na hÉireann agus d’fhóin sé in Óglaigh na hÉireann mar phíolóta oibriúcháin agus dlíodóir ar feadh 27 bliain, ag éirí as mar Cheannasaí Sciatháin. Faoi láthair tá ról aige mar Chomhairleoir Sinsearach Dlí le hÚdarás Eitlíochta na hÉireann. Tá tiomantas láidir ag Wayne don earnáil dheonach agus feidhmíonn sé mar stiúrthóir agus rúnaí cuideachta don charthanacht do dhaoine gan dídean Seirbhísí Tacaíochta Anew.

Ceaptar Wayne Tyrrell tar éis feachtas PAS, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta le héifeacht ón 4ú Iúil 2024 go dtí an 5ú Bealtaine 2025.


Bord Clárúcháin na nOibrithe Sóisialacha


Eibhlín Mc Namara

Tá Eibhlín Mc Namara ag obair faoi láthair mar Oibrí Sóisialta Míochaine Sinsearach in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath. Tá Baitsiléir Eolaíochta Sóisialta aici ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) áit ar d’aistrigh sí go Máistreacht in Obair Shóisialta (UCD). Tá Eibhlin paiseanta faoina cuid oibre agus ag cur lena cleachtadh scileanna, in 2022 chríochnaigh sí Teastas i Leanaí agus Caillteanas ó Choláiste Ríoga na Máinlianna Éireann (RCSI) agus tá Dioplóma Iarchéime i gCúram Maolaitheach á dhéanamh aici in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste faoi láthair.

Cháiligh Eibhlin mar Oibrí Sóisialta in 2014 agus tá saibhreas taithí faighte aici ag obair sa réimse. Nuair a bhain sí céim amach, chuaigh sí isteach sa Rannóg Oibre Sóisialta in Ospidéal Beaumont, agus in 2021 thosaigh sí ag obair sa Roinn Oibre Sóisialta in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann. Tá Eibhlin paiseanta faoi chearta an duine, comhionannas, éagsúlacht, agus cuimsiú, tá suim mhór aici i gcleachtas frith- leatromach. Tá áthas ar Eibhlin cur le forbairt ghairm na hOibre Sóisialta le CORU.

Ceaptar Eibhlín Mc Namara tar éis toghadh ag cláraitheoirí na gairme ainmnithe le héifeacht ón 5ú Lúnasa 2024 go dtí an 4ú Lúnasa 2028.


Gabrielle Fitzpatrick

Tá Gabrielle Fitzpatrick ag cleachtadh mar Oibrí Sóisialta Cáilithe go Gairmiúil le breis agus 22 bliain i réimsí na meabhairshláinte, cothú agus uchtaithe, obair shóisialta leighis, andúile agus CAMHS. D’oibrigh sí freisin mar Oibrí Pobail/Oibrí Tionscadail le breis agus 7 mbliana i réimsí sláinte na mban, andúile óige, obair óige agus cúram leanaí cónaithe (Aonad Slán Bhaile Uí Dhúda san áireamh). Tá baint aici le hobair leanúnach abhcóideachta sna réimsí cearta daonna, ceartas sóisialta, easpa dídine agus tithíocht agus gach gné de riachtanais cliant/teaghlaigh i réimse na Meabhairshláinte Aosach.

Gabrielle céim amach; ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath le Baitsiléir Onóracha san Eolaíocht Shóisialta i 1983; ó Ollscoil na Ríona, Béal Feirste le Máistreacht san Obair Shóisialta i 1988 agus ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath le Dioplóma iarchéime i Staidéar Andúile i 1999. Mar chuid den Chlár Cliniciúil Náisiúnta EIP (Síceóis Luath-Idirghabhála) d’éirigh le Gabrielle oiliúint a chur i gcrích le déanaí mar Theiripeoir Iompraíochta Teaghlaigh.

Tá Gabrielle ina ball de Choiste Gairmiúil Náisiúnta na nOibrithe Sóisialta de chuid FORSA faoi láthair. Roimhe sin bhí sí ina ball de Chumann Oibrithe Sóisialta na hÉireann (IASW) agus dá nGrúpa Sainspéise (SIG), Oibrithe Sóisialta i Meabhairshláinte Aosach (SWAMH). Mar Chomhalta Fochoiste CPD SWAMH bhí baint aici le heagrú Comhdhála a reáchtáladh i mí Aibreáin 2018 dar teideal “Idirghabhálacha Sícshóisialta in Obair Shóisialta - Ár Scileanna Teiripeacha a Chur Chun Cinn”, a reáchtáladh in Ospidéal Síciatrach Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath 8.

Tá sí ag obair mar Oibrí Sóisialta Meabhairshláinte Aosaigh i Seirbhísí Meabhairshláinte Shligigh/Liatroim le 14 bliana anuas agus í lonnaithe i Sligeach.

Ceaptar Gabrielle Fitzpatrick tar éis toghcháin ag cláraitheoirí na gairme ainmnithe le héifeacht ón 5 Lúnasa 2024 go dtí an 4 Lúnasa 2028.


Julie O’ Donnell

Cháiligh Julie O’Donnel mar oibrí sóisialta sa bhliain 2000 tar éis di a cuid staidéir a chríochnú in Ollscoil Uladh i Mhic Aodha, Doire. Ón am seo tá Julie ag obair go leanúnach laistigh de sheirbhísí reachtúla cosanta leanaí na hÉireann agus fanann sí le Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. D’oibrigh sí mar oibrí sóisialta, mar cheannaire foirne oibre sóisialta, mar phríomhoibrí sóisialta agus le déanaí ceapadh ina bainisteoir ginearálta náisiúnta í do Tusla Barnahus. Sa ról seo oibríonn sí le comhpháirtithe agus geallsealbhóirí in Éirinn chun seirbhísí sláinte, leighis, cosanta leanaí, teiripeacha agus póilíneachta a chomhtháthú do leanaí nuair a bhíonn imní faoi mhí-úsáid ghnéasach leanaí.

Tá forbairt ghairmiúil leanúnach curtha chun cinn ag Julie trí thacú leo siúd ar oibrigh sí leo, chun machnamh agus freagairt do riachtanais aitheanta foghlama agus forbartha a bhaineann lena ról. Tá sí tiomanta d'oideachas oibre sóisialta agus tá sí ina ball gníomhach de Phainéal Dearbhaithe Cleachtais Ollscoil na Gaillimhe don Mháistreacht in Obair Shóisialta.

Tá teastas iarchéime ag Julie i mbainistíocht phoiblí agus máistreacht i gCeannaireacht agus Straitéis (IPA 2023) agus tá fonn uirthi cur le gairm na hoibre sóisialta trí na caighdeáin ghairmiúla is airde a spreagadh.

Ceaptar Julie O’Donnell tar éis toghcháin ag cláraitheoirí na gairme ainmnithe le héifeacht ón 5ú Lúnasa 2024 go dtí an 4ú Lúnasa 2028.


Bernie Lenihan

Tá Bernie Lenihan ina Stiúrthóir Clár Ollscoile (gairm shonrach), ina léachtóir agus ina comhordaitheoir socrúcháin cleachtaidh ar an gClár Cúraim Shóisialaigh ag Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Ciarraí. I measc cáilíochtaí Bernie tá BA (Onóracha) i Staidéar Sóisialta Feidhmeach i gCúram Sóisialta agus MA i dTeagasc agus Foghlaim san Ardoideachas. Tá suim ar leith aici i gcleachtadh ardchaighdeáin a fhorbairt agus i bhfeabhsú caighdeáin oiliúna agus oideachais na mac léinn cúraim shóisialta.

Mar Stiúrthóir Cláir, bhí ról lárnach aici i gcreidiúnú rathúil CORU don chlár cúraim shóisialta in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Ciarraí. Tá os cionn 17 mbliana de thaithí ag Bernie san earnáil cúraim shóisialta, lena n-áirítear oibriú le grúpaí imeallaithe, leanaí agus teaghlaigh, agus obair ag leibhéal bainistíochta. Tá saineolas aici i mbainistíocht straitéiseach, i bhforbairt beartais, agus i mbainistíocht riosca agus athraithe chun torthaí níos fearr a chumasú d'úsáideoirí seirbhíse, dá dteaghlaigh agus don phobal i gcoitinne.

Tá Bernie Lenihan ainmnithe ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (FHERIS) agus ceaptha ag an Aire Sláinte le héifeacht ón 5ú Lúnasa 2024 go dtí an 4ú Lúnasa 2028.