Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin chuig Bord an Chlárlann Náisiúnta Ailse:

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Lúnasa 2025
  • An t-eolas is déanaí: 15 Lúnasa 2025

Tá na comhaltaí seo a leanas ceaptha/athcheaptha ag an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill TD ar Bhord na Clárlainne Náisiúnta Ailse:

An Dr Paul Kavanagh

Is dochtúir leighis agus speisialtóir sláinte poiblí é an Dr. Paul Kavanagh a bhfuil an-taithí aige agus a bhfuil breis agus 15 bliana curtha isteach aige i gceannas ar thionscadail is cláir sláinte náisiúnta. Tá cáilíochtaí iarchéime aige san eipidéimeolaíocht, sa tsláinte phoiblí, agus san eolaíocht sonraí sláinte agus is Comhalta de Dhámh na Míochaine Sláinte Poiblí in Éirinn é. Faoi láthair, tá an Dr. Kavanagh ag obair mar Chomhairleoir sa Mhíochaine Sláinte Poiblí ag Aonad Faisnéise Sláinte FSS agus tá sé i gceannas ar thionscnaimh nuálacha eolaíochta maidir le sonraí sláinte, lena n-áirítear anailísíocht réamhfháistineachagus bainistíocht sonraí maidir le galair ainsealacha. Tá cúlra láidir aige maidir le rialú ailse, agus rinne sé taighde ar eipidéimeolaíocht na hailse colaireictí agus bhí sé i bhfeighil ar chláir náisiúnta agus idirnáisiúnta rialaithe tobac. Is ball boird cumasach é an Dr. Kavanagh agus chuireann sé le maoirseacht straitéiseach in eagraíochtaí ar nós an Institiúid Sláinte Poiblí agus coistí náisiúnta éagsúla. Tá a chuid oibre bunaithe ar shonraí agus anailísíocht atá bunaithe ar fhianaise, rud a spreagann cinntí a bhfuil tionchar acu maidir le feabhas a chur ar thorthaí cúram sláinte agus sláinte poiblí in Éirinn.

Ceaptar an Paul Kavanagh tar éis feachtas earcaíochta ar phoistphoiblí le héifeacht ón 8 Iúil 2025 go dtí an 7 Iúil 2029.

Mary Bourke

Is céimí de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh í Mary Bourke áit ar rinne sí an Mhicribhitheolaíocht mar phríomhábhar agus bhain sí amach céim Mháistreachta sa Cheimic Anailíseach. Chomh maith leis sin, rinne sí Dioplóma sa Teicneolaíocht Déantúsaíochta Cógaisíochta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. D’oibrigh sí sa tionscal cógaisíochta in Éirinn, sna Stáit Aontaithe, i bPórtó Ríce, sa Spáinn agus san Eilvéis. D’oibrigh sí le GlaxoSmithKline, Schering Plough, Novartis, Wyeth, AbbVie, Pfizer agus Bristol Myers Squibb. Tá saineolas aici i réimse an Dearbhaithe Cáilíochta agus an Rialaithe Cáilíochta i monarú substaintí drugaí agus táirgí drugaí, idir mhóilíní beaga agus mhóilíní mhóra. Tá ranna cáilíochta bunaithe aici agus stiúirthóireacht déanta aici ar na ranna sin agus tá an-chur amach aici ar chigireachtaí rialála ag údaráis sláinte ar fud an domhain. Chomh maith leis sin, bhí sí i gceannas ar chlár Measúnaithe Riosca Domhanda Bristol Myers Squibb chun maoirseacht cáilíochta a dhéanamh ar Eagraíochtaí Déantúsaíochta faoi Chonradh. Tá taithí fairsing ar leith aici mar gheall ar na róil ceannaireachta a bhí aici maidir le dearbhú cáilíochta ar fud eagraíochtaí agus údarás rialála i gcodanna éagsúla den domhan.

Athcheaptar Mary Bourke le héifeacht ón 15 Iúil 2025 go dtí an 14 Iúil 2029.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat