Ceapacháin chuig Bord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh
- Foilsithe: 3 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 3 Lúnasa 2023
Tá na comhaltaí seo a leanas ceaptha/athcheaptha ag an tAire Sláinte ar Bhord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh le héifeacht ón 31ú Iúil 2023 go dtí an 30ú Iúil 2028.
Mr. John Cole
Is ailtire é Mr Cole agus feidhmíonn sé faoi láthair mar Chomhairleoir Cliant Straitéiseach neamhspleách. Roimhe sin bhí sé ina Fho-Rúnaí ag RSSSSP (TÉ) agus ina Phríomhoifigeach Eastát don Ghrúpa Infheistíochta Eastát Sláinte (HEIG), ina raibh sé freagrach as soláthar agus cur i bhfeidhm go leor áiseanna móra sláinte i dTuaisceart Éireann. Faoi láthair, tá sé ina Chathaoirleach ar na fochoistí Dearaidh agus Coimisiúnaithe, Cáilíochta agus Bailíochtaithe (CCB) ar NPHDB, áit a bhfuil ról tábhachtach ag a shaineolas agus a cheannaireacht. Tá an-luach ag an NPHDB ar an taithí atá aige ag céim feisteála agus coimisiúnaithe an tionscadail NCH.
Beidh an t-athcheapachán seo in éifeacht ón 31ú Iúil 2023 go dtí an 30ú Iúil 2028.
Mr. Tim Bouchier-Hayes
Feidhmíonn Mr. Bouchier Hayes mar Leas-Chathaoirleach ar an mbord agus cheap an tAire é mar Chathaoirleach Eatramhach an bhoird ar feadh thart ar 6 mhí, sular ceapadh an Cathaoirleach buan. Is aturnae agus iar-chomhpháirtí é Tim le hAturnaetha McCann Fitzgerald, agus é i gceannas ar Ghrúpa Dlí Foirgníochta an ghnólachta ar feadh 15 bliana. Faoi láthair, is comhairleoir é agus tá roinnt post stiúrthóirí cuideachta aige agus tá sé ina bhall den Fhochoiste um Réiteach Díospóide ar a soláthraíonn sé saineolas dlí maidir le héilimh, breithnithe agus comhréitigh curtha isteach ag an bpríomhchonraitheoir ar an tionscadal.
Beidh an t-athcheapachán seo in éifeacht ón 31ú Iúil 2023 go dtí an 30ú Iúil 2028.
Ms. Susan Bryson
Is aturnae tógála agus dlíthíochta le taithí í Ms Bryson, a bhfuil cleachtadh aici i réimse an dlí foirgníochta conspóideach agus dlíthíocht agus réiteach díospóide. Tá sí ina comhpháirtí san fhoireann tógála i Mason Hayes and Curran. Cuireann sí comhairle ar chliaint ar an taobh conspóideach de thionscadail tógála, ag gníomhú ar thaobh an Fhostóra de dhíospóidí a eascraíonn i dtionscadail a rinneadh faoi na Conarthaí Oibreacha Poiblí.
Ceaptar Susan tar éis Próiseas PAS agus tá sí le héifeacht ón 31ú Iúil 2023 go dtí an 30ú Iúil 2028.
Mr. Alan Moore
Bhí an tUasal Moore ina Stiúrthóir ar Fhorbairt Chaipitil Straitéiseach le Western Health & Social Care Trust i dTuaisceart Éireann. Mar Úinéir Freagrach Sinsearach (ÚFS) an Iontaobhais bhí sé freagrach as clár forbartha caipitil £1bn, lena n-áirítear athfhorbairt agus tógáil roinnt ospidéal agus le linn an ama seo d'éirigh leis dul i ngleic le roinnt díospóidí suntasacha tráchtála le conraitheoirí freisin. Bhí sé coimisiúnaithe ag an FSS le PwC chun athbhreithniú a dhéanamh ar sholáthar an Ospidéil Nua do Leanaí agus moltaí a mholadh do straitéis téarnaimh do róchaiteachas airgeadais agus cláir (2019). Bronnadh OBE ar Alan as an méid a rinne sé le hInfheistíocht Mhór Caipitil i Sláinte i dTÉ agus i bPleanáil Éigeandála Trasteorann.
Ceaptar Alan tar éis Próiseas PAS agus le héifeacht ón 31ú Iúil 2023 go dtí an 30ú Iúil 2028.