English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin chuig Comhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá na baill seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, ar an gComhairle um Chúram Éigeandála Réamh-Ospidéil:

An Dochtúir Tomás Barry

Is dochtúir ginearálta é an Dochtúir Tomás Barry i gCleachtadh Míochaine Teaghlaigh an Choim i ndeisceart lár na cathrach Baile Átha Cliath agus tá se ina Ollamh Cúnta ag Scoil an Leighis, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Soláthraíonn sé cúram éigeandála réamh-ospidéil mar dhoctúir deonach le Mearfhreagairt Pobail na hÉireann ag obair i gcomhar le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath agus An tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr. Ghníomhaigh sé mar Stiúrthóir Cúrsa do chlár oiliúna Ard-Paraimhíochaine i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus bhí sé i gceannas ar chláir oideachais mhíochaine chleachtais ghinearálta leanúnach i gcúram éigeandála pobail. Tá suimeanna taighde gníomhacha ag an Dochtúir Barry ar fud cúram príomhúil agus cúram éigeandála pobail. Scrúdaigh a chuid taighde PhD freagraí an phobail ar stad cairdiach lasmuigh den ospidéal. Tá dámhachtain Comhaltachta Iardhochtúireachta an Bhoird Sláinte, Eolaí Cliniciúla aige agus fuair sé Gradam Imscrúdaitheora Óig Petter Steen ón gComhairle Eorpach um Athbheochan 2019. Tá an Dochtúir Barry ina bhall de Chomhoibriú Cochrane agus fónann sé freisin ar bhord eagarthóireachta na hirise Athbheochana.

Ceaptar an Dochtúir Barry ón 15 February 2021 go dtí an 14 Feabhra 2025, tar éis próiseas Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.

Jason Van Der Velde

Athcheaptar An tUasal Van Der Velde ar an gComhairle ón 15 Feabhra 2021 go dtí an 14 Feabhra 2025. Ceapadh é ar an gcomhairle ar dtús tar éis próiseas Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.

Beathaisnéis le leanúint.