English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin chun an Bhoird Taighde Sláinte- 11 Meán Fómhair 2024

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 14 Samhain 2024

Tá na comhaltaí seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly ar an mBord Taighde Sláinte.

An Dr Tracy Cunningham – Cathaoirleach

Chuaigh an Dr Tracy Cunningham ar scor mar Phríomhoifigeach Míochaine ag Amryt Pharma in 2023, cuideachta bithchógaisíochta um ghalair neamhchoitianta agus dhílleachta, a thosaigh sí in 2020. Bhí sí freagrach as gnóthaí rialála, faireachas cógas/sábháilteacht drugaí, cáilíocht, agus feidhmeanna forbartha cliniciúla/réamhchliniciúla.

Ina theannta sin, bhí sí in AstraZeneca mar Cheann Cliniciúil, T&F Oinceolaíochta i gceannas ar fhorbairt chliniciúil roinnt leigheasanna nua, lena n-áirítear faomhadh rathúil Koselugo (selumetinib) chuig cóireáil othar péidiatraiceach le plexiform neurofibroma NF1. Tá níos mó ná 20 bliain de thaithí aici sa tionscal cógaisíochta, go príomha i gcúrsaí forbartha cliniciúla agus leighis.

Céimí 1988 í de Choláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn agus Comhalta de Choláiste Ríoga na Lianna in Éirinn, dhein sí sainfheidhmiú ar leigheas cógaisíochta. D’oibrigh sí ag leibhéal sinsearach in Éirinn, ag leibhéal Eorpach agus le 10 mbliana anuas ar an leibhéal domhanda i gcuideachtaí cógaisíochta ilnáisiúnta (lena n-áirítear Sanofi, GlaxoSmithKline agus Novartis)

Cheap an tAire Sláinte í ar Bhord an Bhoird Taighde Sláinte in 2019 Tugann sí léachtaí ar chúrsa Dioplóma i Leigheas Cógaisíochta Choláiste na Tríonóide ar an ábhar taighde cliniciúil.

Ina dhiaidh feachtais poistphoiblí, tá an Dr Cunningham ceapaithe ag an Aire Sláinte mar Chathaoirleach ar an mBord Taighde Sláinte le héifeacht ón 15 Iúil 2024 go dtí an 14 Iúil 2027.

An tOllamh Mark Lawler

Tá Mark ina Leas-Seansailéar Cúnta Comhlach, ina Ollamh le Sláinte Dhigiteach agus ina Chathaoirleach ar Ghéanómaíocht Aistritheach na hAilse ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Tá sé ina Stiúrthóir Eolaíoch ar DATA-CAN, Mol Taighde ar Shonraí Sláinte na RA don Ailse, agus ina Cheannaire Sláinte ar Lárionad Nuálaíochta Momentum One Zero mar chuid den Bheart Cathrach do Réigiún Bhéal Feirste. Tá Mark ina Chathaoirleach ar an gComhpháirtíocht Idirnáisiúnta Tagarmharcála don Ailse, a leagann síos tagarmharc do thorthaí ailse ar fud an domhain. Tá sé ina Chathaoirleach ar an Lancet Oncology European Groundshot Commission, an anailís is cuimsithí ar an taighde ar an ailse dár tugadh fúithi riamh san Eoraip, atá mar bhonn eolais ag beartas taighde ar an ailse agus ar fheidhmiú an bheartais sin san Eoraip. Tá Mark ina Chomh-Cheannaire ar Institiúid Taighde ar an Ailse an Oileáin Uile (AICRI), cónaidhm de 10 n-ollscoil mórthimpeall an oileáin. Tá sé mar chomh-cheannaire ar dhá Chlár Taighde Thuaidh Theas arna maoiniú ag AICRI agus ag an Údarás um Ardoideachas atá ag díriú ar bheacht-mhíochaine agus ar an tsláinte dhigiteach. In 2021, fuair Mark duais Sár-Rannchuidithe le taighde ar an ailse ó Chumann na hÉireann um Thaighde ar an Ailse, mar gheall ar an obair cheannródaíoch a bhí déanta aige ar thaighde ar an ailse agus cúram ailse ar oileán na hÉireann.

Tá tiomantas láidir ag Mark don taighde othar-lárnach agus do bheart a dhéanamh in aghaidh neamhionannas ailse. Bhí sé mar ailtire ar an mBille maidir le Cearta Othar Ailse na hEorpa, a lainseáladh i bParlaimint na hEorpa (Lá Domhanda Ailse), agus fuair sé Duais Sláinte na hEorpa 2018 , duais ghradamúil do chomhphairtíochtaí a bhaineann amach fíor-éifeacht ar an tsláinte san Eoraip. De bharr na hoibre ceannródaíche a rinne sé ar Covid-19 agus an ailse fuair Mark Duais Barr Feabhais i gCúram Othar ó Choláiste Ríoga na Lianna agus Duais Communique ghradamúil na hEorpa. In 2022, bhuaigh sé féin agus an fhoireann aige Duais ghradamúil Impact of the Year de chuid HDR-UK mar gur sholáthair siad an fhaisnéis ríthábhachtach a bheadh mar bhonn le hathrú beartais maidir le cóireáil na hailse colaireictí i Sasana.

I Meán Fómhair 2023, d'aibhsigh Mark Cuibhreannas Institiúidí Náisiúnta Ailse Éireann Thuaisceart Éireann SAM (toradh díreach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta), agus an obair atá déanta aige le 25 bliana anuas, ag Mullach Eolaíochta Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac, áit ar cuireadh fáilte roimhe mar eiseamláir idirnáisiúnta de dhíbhinn sláinte na síochána. I Samhain 2023, fuair sé Duais Fiúntais Speisialta ó Eagraíocht Eorpach na hAilse, an eagraíocht iolghairmiúil ailse is mó san Eoraip, mar aitheantas ar an obair cheannródaíoch atá déanta aige maidir le Covid agus leis an ailse agus ar a chuid oibre maidir le neamhionannais ailse.

Ceaptar an tOllamh Lawler tar éis feachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí agus ceaptar é le héifeacht ón 11 Iúil 2024 go dtí an 10 Iúil 2029.

An tOllamh. Peter Doran

Ghnóthaigh an tOllamh Peter Doran a BSc. ón Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i 1998 agus a PhD ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i 2001. Tá sé ina Stiúrthóir ar Ionad Taighde Cliniciúil CÓBAC agus ina Ollamh ar Thrialacha Cliniciúla ag Scoil an Leighis CÓBAC. Treoraíonn sé taighde cliniciúil ilshuíomh CÓBAC agus stiúrann sé a mhórchlár trialacha arna thionscnamh ag imscrúdaitheoirí. Tá cuntas teiste suntasach aige i gceannas ar thaighde cliniciúil agus tá clár suntasach taighde dírithe ar othair bunaithe aige.

Treoraíonn sé mórchlár taighde i modheolaíocht thrialach lena n-áirítear dearaí trialacha núíosacha, samhaltú réamh-mheastacháin agus torthaí trialacha níos fearr. Tá suim mhór aige i mbithmharcóirí mar chríochphointí i staidéir chliniciúla agus tá sé i gceannas ar shaotharlann bailíochtaithe bithmharcála ard-thréchuir taighde, a chuireann le mórstaidéir náisiúnta agus idirnáisiúnta ar bhithmharcóirí damáiste orgán deiridh.

Chomh maith lena róil taighde agus ceannaireachta, bhunaigh sé agus stiúraigh sé an clár iarchéime múinte i dtaighde cliniciúil agus aistriúcháin. Roimhe sin bhí sé ina Dhéan Comhlach le haghaidh Taighde i Scoil an Leighis CÓBAC, ina Leas-Phríomhoide um Thaighde, Nuálaíocht & Tionchar ag Coláiste na hEolaíochta Sláinte agus Talmhaíochta CÓBAC agus ina Stiúrthóir ar an Institiúid Trialacha Cliniciúla ag Ollscoil na Gaillimhe.

Ceaptar an tOllamh Doran tar éis feachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí agus ceaptar é le héifeacht ón 11 Iúil 2024 go dtí an 10 Iúil 2029.