English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapacháin le Bord Clárúcháin na bhFisiteiripeoirí agus Athcheapachán le Bord Clárúcháin na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Meán Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cheap an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., na comhaltaí seo a leanas le Bord Clárúcháin na bhFisiteiripeoirí, ar a dtoghadh ag cláraitheoirí na gairme ainmnithe le héifeacht ón 31 Lúnasa 2022 go dtí an 4 Lúnasa 2026:

Bord Clárúcháin na bhFisiteiripeoirí

An Dr Sheelagh MacNeill

Tá páirt shásúil ghníomhach glactha ag an Dr Sheelagh McNeill i gCumann Fisiteiripeoirí Cairte na hÉireann (CFCÉ) le blianta fada anuas ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Bhain sí céim amach ó Scoil Fisiteiripe Bhaile Átha Cliath agus ó Choláiste na Tríonóide. Chuir sí tús lena gairm bheatha in Ospidéal Guy, Londain. D’fhill sí ar Bhaile Átha Cliath dhá bhliain ina dhiaidh sin, áit ar oibrigh sí in Ospidéal Adelaide. Oibríonn sí faoi láthair i gcleachtadh príobháideach i Sligeach, áit a bhfuil cónaí uirthi.

Bhí suim i gcónaí ag Sheelagh san fhorbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) agus thug sí faoi roinnt cúrsaí tríú leibhéal idir na blianta 1974 agus 2008 a raibh D.Phil ó Ollscoil Uladh mar thoradh orthu.

Le linn do Sheelagh a bheith mar chomhalta ar Chomhairle CFCÉ roimh an mbliain 2010, d’oibrigh sí ar an mBuanchoiste um Chreidiúnú Thar Lear (BCCTL) a ndearnadh an Mheitheal um Cháilíochtaí Idirnáisiúnta (MCI) as ina dhiaidh sin. Cheap sí go raibh an obair iontach suimiúil mar gheall go ndearna an grúpa seo measúnú ar cháilíochtaí na n-iarratasóirí ón iasacht ar mian leo a bheith ina mbaill den Chumann.

Bhí sí ina hUachtarán Tofa agus ansin ina hUachtarán ar CFCÉ idir na blianta 2009 agus 2012. Sna róil seo, d’oibrigh sí ar an gCoiste Clárúcháin Reachtúil d'fhonn an dá theideal a chosaint. Ina ról mar Uachtarán, bhí Sheelagh ina cathaoirleach ar an gCoiste um Nósanna Imeachta agus Eitic Ghairmiúil agus bhain sí mórán taithí as an ról seo. Ag an am sin ba é an Cumann a dhéileáil le gearáin maidir le fisiteiripeoirí.

Tá taithí ag Sheelagh i Rialachas, Nósanna Imeachta agus Eitic Ghairmiúil, Cáilíochtaí Idirnáisiúnta agus FGL agus ba mhaith léi an taithí seo a thabhairt chuig CORU chun an pobal agus an ghairm a chosaint.

Joanne Dowds

Bhain Joanne Céim Baitsiléir Eolaíochta (BSc) i bhFisiteiripe amach ó Choláiste na Tríonóide sa bhliain 1999 sular thosaigh sí ag oibriú mar bhall foirne ar ghrád uainíochta in Ospidéal an Náis, in Ospidéal Naomh Séamus agus in Ospidéal an Royal North Shore i Sydney na hAstráile Nuair a d’fhill sí ar Éirinn, d’oibrigh sí mar Fhisiteiripeoir Sinsearach i gCúram Riospráide in Ospidéal Naomh Séamas, go dtí gur ceapadh í ina Speisialtóir Cliniciúil i gCúram Riospráide sa bhliain 2006. Is iad réimsí na spéise cliniciúla atá aici ná cúram criticiúil agus téarnamh máinliachta, agus bhí baint aici freisin le forbairt na seirbhísí nuálacha i réimsí an chúraim iar-Covid agus an tSláinte Chuimsithe.

Bhí poist shealadacha ag Joanne mar Leas-Bhainisteoir Fisiteiripe agus mar Éascaitheoir Feabhsúcháin Cáilíochta in Ospidéal Naomh Séamas. Thug sí go leor léachtaí ar leibhéal fochéime agus iarchéime, agus chaith sí roinnt ama ina measc sin, mar thaca cliniciúil do chlár Máistreachta i bhFisiteiripe Riospráide atá lonnaithe i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. D'fhreastail Joanne mar bhall gníomhach ar mórán coistí gairmiúla lena n-áirítear Fisiteiripeoirí Cairte i gCúram Riospráide (FCCR), Coiste Forbartha Gairmiúla CFCÉ, Coiste Pleanála CFCÉ agus comhdhálacha bliantúla Chumann Faisnéisíocht Sláinte na hÉireann (CFSÉ). Tá sí ina ball faoi láthair den ghrúpa Comhairleach Ríomhshláinte Náisiúnta um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (HSCP).

Chríochnaigh Joanne Máistreacht Eolaíochta i bhFiseolaíocht Aclaíochta, Diop. sa Chóitseáil, Diop. sa Chruthaitheacht, sa Nuálaíocht agus sa Cheannaireacht agus tá an clár Treorú an Chúraim II (Leading Care II) á thabhairt chun críche aici faoi láthair. Roghnaíodh í sa bhliain 2018 mar rannpháirtí in ‘HOPE’, clár Eorpach malartaithe cúraim sláinte ina raibh deis aici taithí a fháil ar chóras cúraim sláinte na Danmhairge. Tá breis agus 20 foilseachán aici agus is iomaí cur i láthair a rinne sí i gcomhdhálacha.

Róisín O’Hanlon

Cáilíodh Róisín O’Hanlon mar fhisiteiripeoir ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath sa bhliain 1989 agus chuaigh sí ag oibriú i Londain agus san Astráil ar feadh ceithre bhliain ina dhiaidh sin. Ar fhilleadh ar Éirinn, d’oibrigh sí i gcleachtadh poiblí (géarchúram agus cúram pobail) agus i gcleachtadh príobháideach, sular thosaigh sí ag oibriú in Ospidéal Portiuncula, Béal Átha na Sluaighe sa bhliain 1996. Tá Róisín ina Príomhfhisiteiripeoir ó shin i leith, agus foireann á bainistiú aici atá ag fás agus a chuireann fisiteiripe ar fáil do raon leathan de réimsí cliniciúla in ospidéal Mhúnla 3.

Tá páirt á glacadh ag Róisín i gCumann Fisiteiripeoirí Cairte na hÉireann (CFCÉ) ar leibhéal fostaíocht brainse agus ar leibhéal náisiúnta araon, agus chaith sí bliain ina Leas-Uachtarán freisin. Ar leithligh uaidh sin, bhí baint aici le plé leis an tSeirbhís Náisiúnta Earcaíochta maidir le painéil earcaíochta. Tá sí ar dhuine de na hionadaithe um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh faoi láthair maidir le tionscadal Saolta chun struchtúr nua bainistíochta a thabhairt isteach ar fud an ghrúpa ospidéal. Bhí a fhios aici i gcónaí go raibh ionadaíocht á déanamh aici d’ospidéal cuibheasach mór agus straitéisí áitiúla agus náisiúnta á gcur i bhfeidhm aici in ionad na hoibre.

Tá suim ar leith aici i réimsí an toilithe agus dualgas cúraim atá ar an bhfoireann chliniciúil i leith a gcuid othar. Tháinig an imní uirthi le déanaí gur gá a chinntiú go bhfuil dóthain baill foirne cháilithe ar fáil a oireann do na poist atá á gcruthú chomh maith leis an tacaíocht á tabhairt don fhoireann sin d'fhonn inniúlacht a choinneáil agus rochtain éasca a fháil ar dheiseanna breisoideachais.

Bhain Róisín Máistreacht Ealaíon amach i mBainistíocht Cúraim Sláinte tríd an bhForas Riaracháin (an FR) agus tá Baitsiléir Dlí á chríochnú aici faoi láthair ag Cumann Onórach Óstaí an Rí.

Tá an comhalta seo a leanas athcheaptha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly T.D. ar Bhord Clárúcháin na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga, ar a toghadh ag cláraitheoirí na gairme ainmnithe le héifeacht ón 31 Lúnasa 2022 go dtí an 4 Lúnasa 2026:

Bord Clárúcháin na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga

Emma Gonoud

Is í Emma Gonoud an Bainisteoir na Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) i réigiún Laoise/Uíbh Fhailí. Tá sí teiripeoir urlabhra agus teanga ar bun aici ón mbliain 1995 i leith. Tá Baitsiléir Eolaíochta bainte amach aici sa Staidéar Cliniciúil Urlabhra agus Teanga ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (CTBÁC) chomh maith le Máistreacht Eolaíochta i mBainistíocht Seirbhísí Sláinte.

Is í Emma ionadaí na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga ar ghrúpa teicniúil náisiúnta an FSS um thuairisciú náisiúnta na méadrachta agus an staidrimh agus d'fhreastail sí mar ionadaí na dteiripeoirí urlabhra agus teanga idir na blianta 2016 agus 2017 ar Athbhreithniú Náisiúnta FSS ar Sheirbhísí Teiripe Urlabhra agus Teanga. Bhí sí ina ball gníomhach de Chumann na hÉireann um Theiripeoirí Urlabhra agus Teanga (CÉTUT) ar feadh a gairme agus d’fhóin sí ar Chomhairle CÉTUT idir na blianta 2000 agus 2008.