Ceapacháin/Athcheapacháin ar Chomhairle na nDochtúirí Leighis
- Foilsithe: 14 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tar éis a bheith ainmnithe ag Comhairle Scoileanna Leighis na hÉireann, tá na daoine a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, le héifeacht ó 1 Meitheamh 2021 go dtí 31 Bealtaine 2026:
An tOllamh Joe McMenamin (athcheapachán)
Faoi láthair tá an tOllamh McMenamin ina Ollamh Emeritus ag Coláiste Ríoga na Máinliá in Éirinn, Ollscoil Leighis & Eolaíocht Sláinte. Is é an réimse saineolais chliniciúil atá aige ná an Néareolaíocht Péidiatrach, agus bhí sé ina lia comhairleach ag Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn. Ina theannta sin, roimhe seo bhí sé ina Cheannasaí ar an Scoil Leighis agus ina Leasuachtarán do Chúrsaí Acadúla i CRMÉ i mBahrain.
An tOllamah Edna Roche
Is Ollamh le Péidiatraic í an tOllamh Roche in Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide agus is comhairleach péidiatraice ag CHI, Ospidéal Ollscoile, Tallaght í, áit a bhfuil sí i gceannas ar sheirbhís threasach ghnóthach san inchríneolaíocht péidiatraice agus sa diaibéiteas. Bhain an tOllamh Roche céim sa Leigheas amach ó Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, áit a ndearna sí freisin Máistreacht Riaracháin Gnó sa Bhainistíocht Straitéiseach.Tá taithí aici sa chomhairleoireacht bainistíochta. Bronnadh MD air an Ollamh Roche ó Choláiste na Tríonóide ar a cuid oibre ar diaibéiteas i measc leanaí. Tá cáilíocht iarchéime aici freisin ó Ollscoil na hÉireann, Ballraíocht agus Comhaltachtaí ó Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann, Dún Éideann, agus ón gColáiste Ríoga Péidiatraice agus Sláinte Leanaí, Londain. Chuaigh an tOllamh Roche i mbun oiliúint chliniciúil i mBaile Átha Cliath, i Londain agus i Meiriceá Thuaidh. Tá suim taighde aici sa Diaibéiteas, san fhás, agus i neamhoird annamha, ar nós Prader Willi Syndrome. Bhunaigh sí agus tá i gceannas ar Chlár Náisiúnta Diaibéiteas Leanaí na hÉireann agus an Clár Down Syndrome. Tá sí ina Cathaoirleach ar Chomhairle Chothaithe Fhoras Croí na hÉireann, agus ina chomhalta den Ghrúpa Comhairleach um Mhurtall Cliniciúil agus den Ghrúpa Comhairleach Péidiatraice Cliniciúil de chuid Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann.
Tar éis a bheith ainmnithe ag Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann, tá an duine a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, le héifeacht ó 1 Meitheamh 2021 go dtí 31 Bealtaine 2026:
An tOllamh Paul Finucane
Bhain an tOllamh Finucane cáilíocht amach mar dhochtúr leighis os cionn daichead bliain ó shin. Bhí sé ag obair mar gheiriatraí agus mar oideoir leighis in áiteanna éagsúla in Éirinn agus san Astráil agus sa Bhreatain Bheag. Ag amanna difriúla, bhí ceapacháin mar ollamh aige i gceithre ollscoil san Astráil. Is Ollamh Emeritus é in Ollscoil Luimnigh, áit a raibh sé
ina cheannasaí ar an Scoil Leighis do Chéimnithe. Tá suim láidir ag Paul sna hamharc-ealaíona agus tá trí leabhar a bhaineann leis an ealaín scríofa aige.
Tar éis a bheith ainmnithe ag Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann, tá an duine a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, le héifeacht ó 1 Meitheamh 2021 go dtí 31 Bealtaine 2026:
An Dr Margaret O’Riordan
Tá an Dr O Riordan ina Dochtúir Ginearálta le os cionn tríocha bliain. Tá sí ina Iar-Uachtarán den CDTÉ. Ina theannta sin, bhí sí ina Stiúrthóir Leighis agus ina Stiúrthóir Náisiúnta um Oiliúnint DG ag an CDTÉ.
Tar éis a bheith ainmnithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann, tá an duine a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, le héifeacht ó 1 Meitheamh 2021 go dtí 31 Bealtaine 2026:
An tOllamh Marina A Lynch (athcheapachán)
Is Ollamh Taca le Fiseolaíocht, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Comhalta Emeritus ón gColáiste, agus taighdeoir san Institiúid Néareolaíochta i gColáiste na Tríonóide, í an tOllamh Lynch. Roimhe seo bhí sí ina Stiúrthóir ar INCT, ina comhalta ar Bhord Choláiste na Tríonóide agus ina comhalta ar an gCoimisiún um Atáirgeadh Daonna Cuidithe.
Tar éis a bheith ainmnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tá an duine a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, le héifeacht ó 1 Meitheamh 2021 go dtí 31 Bealtaine 2026:
An tUasal Teresa Bulfin (athcheapachán)
D’éirigh an tUasal Bulfin as a post sa FSS, Cúram Sláinte Pobail Iarthair Meán in 2017 tar éis bheith i seirbhís beagnach 40 bliain. Le linn na tréimhse sin, chuaigh sí chun cinn tríd an eagraíocht ón bpost tosaigh a bhí aici mar Oifigeach Cléireachais go dtí Bainisteoir Oibriúcháin Sinsearach.
Tá taithí leathan aici ar na Seirbhísí Sláinte a ghnóthaigh sí ó bheith ag obair i réimsí seirbhíse éagsúla. Bhí róil bhainistíochta aici ag an leibhéal meáin agus sinsearach i Seirbhísí Géarchúraim, Meabhairshláinte, Daoine Breacaosta agus Daoine faoi Mhíchumas, agus bhí páirt aici roinnt mórthionscnamh bainistíochta aithritheacha a chur chun cinn.
Tá Teresa ina ball den Institiúid Chairte um Fhorbairt Pearsanra ó 1997 agus tá taithí ollmhór aici ar gach réimse sna hAcmhainní Daonna. Ta sí ina ball de Chomhairle na nDochtúirí Leighis ó 2018.
Le linn a saol oibre, bhí suim faoi leith ag Teresa cinnte a dhéanamh de go raibh seirbhísí sláinte á seachadadh go sábháilte. Tá taithí aici ar rialáil seirbhísí, ar rialachas, ar dhearbhú cáilíochta, ar bhainistíocht riosca agus ar phróisis iniúchóireachta inmheánacha. Ta taithí shuntasach aici freisin ar athbhreithniú a dhéanamh ar theagmhais thromchúiseacha.
An tUasal Jim O’Sullivan (athcheapachán)
Tá an tUasal O’Sullivan ina cheannasaí ar Chosaint Sonraí agus ina OCS do FSS tar éis bheith ag obair sa tseirbhís sláinte poiblí ó 1983. Is Cuntasóir cáilithe é (FCMA) agus tá MSc (Econ) aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.