Ceapachán ar Bhord Clárúcháin na nEolaithe Míochaine
- Foilsithe: 8 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
An tOllamh Comhlach Mary Hunt
Tá an tOllamh Comhlach Mary Hunt ag obair mar Cheann Scoil na nEolaíochtaí Bitheacha agus Sláinte, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT roimhe seo), Campas na Cathrach, Sráid Chaoimhín. Bhronn Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT) Céimeacht na hInstitiúide Bitheolaíochta (Londain) ar Mary sa bhliain 1995. Bhronn Institiúid Karolinska, Stócólm, An tSualainn, PhD sa Bhithcheimic Mhíochaine uirthi in 2001.
Chaith sí tamall ag obair mar thaighdeoir agus mar léachtóir sa tSualainn in Institiúid Karolinska agus in Ollscoil Stócólm agus thosaigh sí ag feidhmiú mar cheannaire tuairimíochta ina réimse taighde. Sa bhliain 2008 ceapadh mar Ollamh Comhlach le Géineolaíocht Mhóilíneach in Ollscoil Stócólm í.
D’fhill sí ar Éirinn in 2010 chun tabhairt faoi phost mar Cheann Cúnta Scoil na nEolaíochtaí Bitheacha agus Sláinte in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus in 2013 ceapadh í mar Cheann Scoile.
Tá beagnach 20 bliain taithí acadúil ag Mary i dtaighde agus i dteagasc i réimse na bithcheimice/na bitheolaíochta móilíní in Éirinn, san Ollainn agus sa tSualainn. Ina ról mar Cheann Scoile, tá Mary freagrach as ceannaireacht, bainistíocht agus forbairt straitéiseach Scoil na nEolaíochtaí Bitheacha agus Sláinte, agus tá sí freagrach as dea-chleachtas a chinntiú san oideachas, i bhforbairt mic léinn agus tréadchúram mac léinn, mar aon le rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara lena n-áirítear Comhlachtaí Gairmiúla agus Rialála, an Earnáil Thionsclaíoch, comhpháirtithe Pobail agus Cliniciúla.