English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán ar Bhord HIQA

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tar éis feachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tá Cliodhna Foley Nolan ceaptha ag an tAire Sláinte Stephen Donnelly T.D. mar chomhalta den Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte le héifeacht ón 3ú Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 1ú Meán Fómhair 2024.

Cliodhna Foley Nolan

Is Comhairleoir í Míochaine Sláinte Poiblí í Dr Cliodhna Foley-Nolan. D'oibrigh sí mar Stiúrthóir ar Shláinte an Duine agus Cothú ag Biaslán (Bord um Chur Chun Cinn Sábháilteacht Bia) agus mar Speisialtóir i Míochaine Sláinte Poiblí i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

D’fhóin sí ar roinnt grúpaí comhairleacha náisiúnta, lena n-áirítear an Grúpa Comhairleach Náisiúnta SEIF, chomh maith le grúpaí comhairleacha ar MRSA, sláinte inimirceach, bochtaineacht bia, agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach.

Tá sí ina ball de Bhord an Údaráis um Shábháilteacht Bia faoi láthair agus d’fhóin sí ar Bhoird Chomhairle Tréidliachta na hÉireann; Bord Comhairleach Speisialta ar Otracht; Dámh na Míochaine Sláinte Poiblí Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann agus ionad HRB um Thaighde Sláinte agus Aiste Bia.