Ceapachán ar Bhord Ospidéal Ollscoile Thamhlachta
- Foilsithe: 17 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an Dr Vivienne Byers ceaptha ar Bhord Ospidéal Ollscoile Thamhlachta ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., bunaithe ar ainmniúchán Uachtarán Ospidéal Ollscoile Thamhlachta. Is í tréimhse an cheapacháin seo an 6 Eanáir 2021 go dtí an 5 Eanáir 2024.
An Dr Vivienne Byers
I láthair na huaire tá an Dr Vivienne Byers ag obair mar bhainisteoir taighde i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn (RCSI) in Ionad an Bhoird Taighde Sláinte um Thaighde Cúraim Phríomhúil, agus mar Léachtóir Sinsearach Taca/Comhalta Taighde i mBeartas/Bainistíocht Sláinte in Institiúid na hInbhuanaitheachta Comhshaoil & Sláinte (ESHI-Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath).
Roimhe seo le linn di a bheith ag obair mar Leas-Déan Staidéar & Taighde Iarchéime, threoraigh sí agus bhainistigh siad an phunann iarchéime agus taighde (Scoil Ghnó, Coláiste Náisiúnta na hÉireann). Áiríodh anseo an clár taighde do chomhaltaí foirne agus do mhic léinn a fhorbairt agus a chur chun cinn (lena n-áirítear mic léinn dochtúireachta i gcomhpháirt le hOllscoil Mhá Nuad). Tá sí i mbun taighde ar bheartas cúraim sláinte agus na hearnála poiblí agus tá neart taithí léachtóireachta aici agus taithí ar riarachán acadúil agus tá breis is 20 bliain caite aici ag obair in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath/Coláiste Náisiúnta na hÉireann, agus mar léachtóir comhlach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus An Foras Riaracháin. I láthair na huaire tá an Dr Byers i mbun taighde ar bheartas sláinte/bainistíocht agus ceannaireacht atá á fhorbairt aici trína róil mar Léachtóir Sinsearach Taca/Comhalta Taighde in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, taighdeoir cleamhnaithe le hOllscoil Gothenburg agus le hOllscoil Mhálta, agus tá maoiniú AE agus náisiúnta á fháil aici chun tacú lena cuid taighde freisin.
I rith bhlianta tosaigh a saoil ghairmiúil, chaith sí roinnt mhaith ama ag obair sna seirbhísí sláinte, bainistíocht seirbhísí, sláinte agus for-rochtain phobail, neartú foirne, earcaíocht, urraíocht in Éirinn agus thar lear, mar bhainisteoir seirbhísí cliniciúla agus mar ghairmí sláinte araon.