English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán ar Bhord Ospidéal San Séamas:

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Márta 2025
  • An t-eolas is déanaí: 21 Márta 2025

Tá na daoine seo a leanas ceaptha ag an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill TD., mar chomhalta de Bhord Ospidéal San Séamas.


An Comhairleoir Ciarán Ó Meachair

Is as Baile Átha Cliath é an Comhairleoir Ciarán Ó Meachair. Tá BA aige ó OÉ Gaillimh agus MA ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Tá roinnt blianta caite aige ag obair sa tSeirbhís Phoiblí agus sa Státseirbhís, lena n-áirítear tréimhsí leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte.

I mí na Nollag 2024, comhthoghadh ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath é mar ionadaí ar Lár na Cathrach Thiar Theas.

Ceaptar an tUasal Ciarán Ó Meachair tar éis é a ainmniú ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le héifeacht ón 26 Feabhra 2025 agus ag críochnú ar an lá den chéad chruinniú de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tar éis comhaltaí a cheapadh tar éis an chéad toghchán údaráis áitiúil eile comhaltaí don Chomhairle sin.