Ceapachán ar Bhord Vhi
- Foilsithe: 16 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 18 Aibreán 2024
Tar éis iarratas a fháil ó Vhi agus tar éis cead a fháil ón Rialtas, rinne an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, an tUasal Martin Kelly, Príomh-Oifigeach Airgeadais (CFO) Vhi, a cheapadh go díreach chuig a Bhord bunaithe ar na cúiseanna seo a leanas:
- Is gnáthchleachtas é sa tionscal árachais go gceapfar CFOnna ar na boird ábhartha.
- Cuirtear dearcadh feidhmiúcháin cothrom ar fáil do Bhord Vhi nuair atá sé comhdhéanta de níos mó ná comhalta feidhmiúcháin amháin – tá an POF ina chomhalta feidhmiúcháin den Bhord faoi láthair freisin.
- Cuideoidh an CFO go mór le Vhi a oibleagáidí a chomhlíonadh amhail a ghníomhaíochtaí tráchtála a dhéanamh ar bhealach stuama, inbhuanaithe agus costéifeachtach.
- Tabharfaidh an CFO léargas mionsonraithe feidhmiúcháin ar chúrsaí ionas go mbeidh Bord Vhi in ann dearbhú a thabhairt go gcuirfear fíor-léiriú ar fheidhmíocht airgeadais Vhi ar fáil.
- Trí CFO a cheapadh ar Bhord Vhi, cuideofar lena áirithiú go mbeidh an tuarascáil bhliantúil agus na ráitis airgeadais cothrom, go soláthrófar an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht airgeadais na cuideachta, agus go gcomhlíonfaidh siad na caighdeáin chuntasaíochta ábhartha.
- Bhí CFO an Vhi roimhe seo ina chomhalta den Bhord freisin.
Martin Kelly
Bhí Martin ina Phríomhoifigeach Airgeadais (CFO) do Ghrúpa Vhi ó mhí na Bealtaine 2022 i leith, tar éis dó dul isteach sa chuideachta mar Phríomhachtúire in 2013. Roimhe seo bhí roinnt post achtúireach ag Martin i raon leathan réimsí laistigh de na hearnálacha saoil, neamhshaoil agus árachais sláinte. Tá BSc sa Mhatamaitic Airgeadais agus achtúireach ag Martin ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá sé ina Chomhalta de Chumann na nAchtúirí in Éirinn ó 2007 i leith.
Beidh feidhm ag an gceapachán seo ón 11 Márta 2024 go dtí an 10 Márta 2029.