Ceapachán ar Bord Ospidéal Beaumont
- Foilsithe: 4 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ar ainmniúchán ó Choláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann (ICGP), tá Dr John Latham ceaptha ag an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., ina chomhalta de Bhord Ospidéal Beaumont le héifeacht ón 27ú Meán Fómhair 2023 go dtí an 16ú Aibreán 2026.
Dr John Latham
Bhí an Dr Latham ina Liachleachtóir Ginearálta i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath Theas ó 1984 go dtí gur scoir sé in 2019. Bhí sé ina bhall de Choiste Sláinte Chomhairle na nDochtúirí Leighis Éireann idir 2008 agus 2017, agus bhí sé ina Stiúrthóir Cláir Cúnta ar Scéim Oiliúna Liachleachtóir Ginearálta Chathair Bhaile Átha Cliath Thuaidh ó 2012 go dtí 2019. Bhí Dr Latham ina Stiúrthóir Cliniciúil Náisiúnta ar Chlár Oiliúna Mhalaeisia-Éireann do Leigheas Teaghlaigh (MInTFM) ó 2020-2021.