English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán chuig an Údarás Rialála Táirgí Sláinte agus chuig an gCoiste Comhairleach um Chógais Dhaonna:

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Samhain 2024
  • An t-eolas is déanaí: 28 Samhain 2024

Tar éis feachtais ar Poistphoiblí, tá an Dr Suzanne Kelly ceaptha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly T.D. mar chomhalta den Údarás Rialála Táirgí Sláinte agus mar chomhalta is Cathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach um Chógais Dhaonna (HPRA) le héifeacht ón 1ú Samhain 2024 go dtí an 31ú Deireadh Fómhair 2029.

An dochtúir Suzanne Kelly

Cháiligh an dochtúir Kelly le céim ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus fuair sí oiliúint sa Leigheas Inmheánach, agus is comhalta í de Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann (MRCPI). Fuair sí oiliúint ansin sa Chleachtas Ginearálta ag Coláiste Ríoga na Máinliá in Éirinn in 2009. Tá an Diaibéiteas mar fho-speisialtacht aici agus chuaigh sí isteach sa Ghrúpa um Diaibéiteas sa Chleachtas Ginearálta i gCúige Mumhan agus tá sí ina ball de Bhord Stiúrthóirí an ghrúpa sin faoi láthair. Bhí an dochtúir Kelly ina Ceannaire Náisiúnta don Chúram Comhtháite Diaibéitis idir 2021 agus 2023, ag rinne sí ionadaíocht ar leasanna an chleachtais ghinearálta ar leibhéal náisiúnta agus thug sí cainteanna ag go leor comhdhálacha. Tá baint aici fós le taighde agus le hoideachas maidir le Diaibéiteas. Ghlac an Dochtúir Kelly ról ansin mar Leas-Stiúrthóir Míochaine ICGP (Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann) agus oideachas, taighde agus abhcóideacht sa chleachtas ginearálta mar chúraim aici. Is comhpháirtí sinsearach í an Dr Kelly freisin i gcleachtadh ginearálta i mBaile an Chollaigh, Co. Chorcaí.